Pápa Eoin Pól II

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eoin Pól II
Karol Józef Wojtyła
JohannesPaulII.jpg
Tús a Réimis 16 Deireadh Fómhair, 1978
Deireadh a Réimis 2 Aibreán, 2005
Réamhtheachtaí Pápa Eoin Pól I
Comharba Pápa Beinidict XVI
Sonraí pearsanta
Dáta Breithe 18 Bealtaine, 1920
Áit Breithe Wadowice, An Pholainn
Dáta Báis 2 Aibreán, 2005
Áit Bháis Pálás Aspalach, Cathair na Vatacáine
Síniú Síniú Pápa Eoin Pól II.

Bhí an Pápa Naomh Eoin Pól II (Laidin: Ioannes Paulus PP. II), nó Karol Józef Wojtyła (18 Bealtaine 1920 - 2 Aibreán, 2005), ina Phápa ón 16 Deireadh Fómhair 1978 go dtí lá a bháis sa bhliain 2005. Bhí sé i gceannas ar an Eaglais Chaitliceach le beagnach 27 mbliana.

Ba é Eoin Pól an dara Pápa ab fhaide a d'fhan i mbun na hoifige. Ba é an t-aon Pholannach amháin a bhí ina Phápa riamh, agus é ar an chéad Phápa neamh-Iodálach ó laethanta Aidrian VI sna 1520idí anuas.

Canónaíodh é go hoifigiúil ar an 27 Aibreán 2014.

Polaitíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

I dtús a réimis, bhain sé amach an-chlú toisc chomh láidir is a bhí sé ag cur in aghaidh an Chumannachais, agus is minic a luaitear é mar dhuine acu siúd ba mhó a rinne leis an impireacht Shóivéadach a chur de dhroim an tsaoil.

Sa dara leath dá réimeas, ba mhinic a cháin sé idir Fhaisisteachas agus Chumannachas ina chuid óráidí, chomh maith le cogadh, deachtóireacht, ábharachas, caipitleachas neamhshrianta, agus na rudaí go léir ar thug sé "cultúr an bháis" orthu, cosúil leis an nginmhilleadh, an eotanáise, agus pionós an bháis.

Ina lán bealaí, throid sé in aghaidh na leithcheala, an tsaoltachais agus na bochtaineachta. Cé go raibh sé ar théarmaí cairdiúla lena lán ceannairí agus príomhshaoránaigh an Domhan Thiar, thaisc sé freasúra go speisialta don rud a chreid sé mar na héifeachtaí creimneacha spioradálta an tomhaltachais nua-aimseartha Iartharaigh agus na meabhair shaolta agus pheacúla na ndaonraí Iartharacha.

le George H W Bush

Creideamh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a bhí Eoin Pól II ina Phápa, chuaigh tionchar na hEaglaise go mór i laghad san Iarthar. Ach ag an am céanna, ghlac cuid mhaith daoine leis an gcreideamh Caitliceach sa Tríú Domhan.

Chuir Eoin Pól II brú arís ar theagaisc traidisiúnta Chaitliceacha mar bhí sé in aghaidh ginmhillte, frithghiniúna, phionóis an bháis, teagaisc cillín cosach suthach, clónála dhaonna, na heotanáise, agus chogaidh. Chosain sé freisin teagaisc thraidisiúnta ar phósadh agus róil gnéis mar bhí sé in éadan an cholscartha, phósadh céanna-gnéis agus oirniú na mban. Ghlaoch Eoin Pól II ar leanúnaithe bheith ag vótáil de réir teagaisc Chaitliceach, agus mhol sé do shagairt an Chomaoineach Naofa a shéanadh ar pholaiteoirí a chuaigh ar seachrán.

Taisteal[athraigh | athraigh vicithéacs]

D'éirigh Eoin Pól II bheith ainmnithe mar an "Pápa Oilithreach" mar thaistil sé níos mó faide ná a réamhtheachtaí ar fad le chéile. Rinne Eoin Pól taisteal ar fud an domhain, níos mó ná aon Phápa eile agus níos mó fiú ná cuid mhór de na ceannairí polaitiúla. Bhí na seacht dteangacha ar a thoil aige, nó amach ón bPolainnis, a bhí aige ó dhúchas, bhí Laidin, Iodáilis, Fraincis, Béarla, Gearmáinis, Spáinnis, Cróitis, Rúisis agus Portaingéilis aige.

De réir Eoin Pól II, sheas na turais mar iarrachtaí droichid a thógáil (ag coimeád lena theideal mar Pontifex Maximus, go litriúil, Máistir na hTógálaithe-Droichid) idir náisiúin agus creidimh, ag iarraidh go scriostar scoilteanna a rinneadh tríd na staire.

Luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Karol Wojtyła ina ghasúr, 1920idí

Rugadh Karol Józef Wojtyła ar an 18 Bealtaine 1920 i Wadowice i ndeisceart na Pholainne. Fuair a mháthair, Emilia Kaczorowska, bás i 1929, nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d'aois agus thug a athair airgead dó chun staidéar a dhéanamh. Bhí a óige marcaithe le teagmháil rialta leis an bpobal Giúdach i Wadowice a bhí ag rafar ag an am; tá cruthú ann go raibh máthair an Karol óg bainte as an bpobal Giúdach.

Chláraigh Karol ag an Ollscoil Jagiellonian i gKraków. D'oibrigh sé mar leabharlannaí saorálach agus rinne sé traenáil riachtanach míleata sa Léigiún Acadúil. Ina óige bhí sé ina lúthchleasaí, aisteoir agus scríbhneoir drámaí agus d'fhoghlaim sé aon teanga déag i rith a shaoil, san áireamh an Laidin, an Ghréigis, an Spáinnis, an Fhraincis, an Iodáilis, an Ghearmáinis, agus Béarla. Bhí sé ábalta an Rúisis a labhairt freisin ach ní raibh sé líofa.

cliarscoil, 1930idí

I rith an Dara Cogadh Domhanda bhí scoláirí ón Ollscoil Jagiellonian gafa agus bhí an ollscoil curtha faoi chois. Bhí ar gach fear sláintiúil post a bheith aige. D'oibrigh sé mar theachtaire bialainne agus mar oibrí i gcairéal aolchloiche.

I 1942 chuaigh sé isteach sa gcliarscoil faoi talamh reachtaithe leis an Ard-Easpaig na Kraków, Cairdinéal Sapieha.

Bhí Karol Wojtyła oirnithe mar shagart ar an 1 Samhain, 1946. Tar éis am gearr, cuireadh é go dtí Ollscoil Pápach Naomh Tomáis Aquinas chun staidéar a dhéanamh ar dhiagacht. Bronnadh céim air ansin agus níos déanaí bhain sé dochtúireacht amach i ndiagacht naofa. Bhí an dochtúireacht sin, an chéad as péire, bunaithe ar an tráchtas Laidine Doctrina de fide apud S. Ioannem a Cruce (Teagaisc an Chreidimh de réir Naomh Eoin na Croise). Cé gur ghlac gach uile dhuine a chuid oibre don dochtúireacht i Meitheamh sa bhliain 1948, níor bronnadh an chéim air mar ní raibh an t-airgead aige chun téacs a thráchtais a chlóbhualadh (riail de chuid na hollscoile). I mí na Nollag sa bhliain chéanna, chlóbhuail sé a thráchtas agus bhí sé glactha i ndámh na ndiagacht in Ollscoil Jagiellonian i gKraków, agus faoi dheireadh fuair Wojtyła a chéim.

Bás[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 13 Bealtaine 1981, Piazza San Pietro, bhí an Pápa ina shuí sa "popemobile" seo,

Iarracht ar mharú.[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 13 Bealtaine 1981, scaoileadh ceithre urchair leis an bPápa. bhí an Pápa ina shuí sa "popemobile" i bPiazza San Pietro, sa Róimh. Bhí sé gortaithe go dona ag an Turc, Mehmet Ali Ağca.

Sa bhliain 1992, haithníodh go raibh galar Parkinson air. Bhí sé ag streachailt leis na galair éagsúla a bhí ag luí air blianta deireanacha a shaoil, agus bhí an cheist i mbéal an phobail, ar chóir dó éirí as an bPápacht roimh a bhás.

Ar an 2 Aibreán 2005, shíothlaigh sé ina chuid seomraí, agus slua mór daoine ag coinneáil bigile ina onóir i gCearnóg Naomh Peadar. Tháinig na milliúin de dhaoine go dtí an Róimh leis an bPápa a fhaire is a thórramh.

Pápa Eoin Pól II

Ba chomharba Eoin Pól II é Cairdinéal Iósaf Ratzinger as an nGearmáin. Bhí sé i gceannas ar Aifreann na Marbh d'Eoin Pól II, mar Déan Coláiste na gCairdinéal.

Ar an 9 Bealtaine 2005, d'ainmnigh a chomharba é don bheannú, an chéad chéim i gcanónú na naomh san Eaglais Chaitliceach, beag beann ar an moill cúig bliana ba nós a choinneáil i gcásanna mar seo.

Naomh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Díreach i ndiaidh a bháis, d'éiligh mórán dá leanúnaithe go ndéanadh naomh de chomh luath agus is féidir, ag scairte "Santo Subito" ("Naomh Láithreach" in Iodáilis). Seoladh L'Osservatore Romano agus Pápa Beinidict XVI, comharba Pápa Eoin Pól II, mar "Mór".

Bhí 482 naomhaí ainmnithe ag Eoin Pól II[1], níos mó ná aon phápa eile. Dearbhaíonn an Vatacáin go ndearna sé níos mó naomhaí ná gach pápa le chéile i rith na cúig chéad bliana seo caite.

ardeaglais St. Mary's, Sydney, An Astráil

Oidhreacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuimhneofar ar Eoin Pól II mar "Phápa na nDaoine". Bhí meas ag daoine timpeall an domhain air, ag na Críostaí agus na neamh-Chríostaí freisin. Shroich lámha an Phápa Eoin Pól II timpeall an domhain.

Tá a phápacht cuimhnithe lena mhodh oibre éacúiméineach dothuirsithe chun lóistín a thabhairt do chomhlachtaí Críostúil eile agus freisin chun teagmháil níos fearr a dhéanamh leis an Domhan Ioslamach. Ag a shochraid, bhí a lán creideamh neamh-Chríostúil léirithe, san áireamh ionadaí ón nGiúdachas, Ioslam agus Búdachas.

Rinneadh naomhphatrún Lá Óige an Domhain de, nuair a ceiliúradh an lá sin i Sydney san Astráil sa bhliain 2008. Chuir sé féin tús leis an bhféile chéanna sa bhliain 1986.

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. List of saints canonized by Pope John Paul II