Galar Parkinson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Léaráid ón leabhar A Manual of Diseases of the Nervous System, ón bhliain 1886.

Galar meathlaithe néareolaíoch é Galar Parkinson. Meathann cuid ar leith den inchinn ar a dtugtar an substantia nigra.[1] An comhartha is mó a bhíonn orthu ná creathán sna matáin.

Fiseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh a thagann meath ar chuid ar leith den inchinn, an substantia nigra, mar a thugtar uirthi. Táirgeann na fíocháin seo dópaimín, a ndéanann an cholainn na horrnóin eipineifrín is nóreipineifrín as.

Is néaratharchuradóir é an dópaimín freisin, agus éiríonn na matáin a soláthraíonn na nearóin mheata iad stalctha ( cailltear dreach athraitheach aghaidhe, mar shampla) agus is deacair leo gluaiseacht a thosú.

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar sheandaoine a thagann an aicíd seo den chuid is mó. Cuireann sé isteach ar suas le 2.5% de dhaoine os cionn 70 bliain d'aois i Meiriceá.

Buaileann an aicíd seo roinnt daoine a bhaineann úsáid as drugaí áirithe mídhleathacha agus as cogais leighis freisin.

Bhí an aicíd seo ag cuid mhaith daoine thart fán domhan tar éis dóibh bheith buailte leis an galar fliú na muc ag deireadh an Chéad Cogadh Domhanda agus is féidir é a fháil mar chuid den ghalar SEIF.

Is féidir é a tholgadh freisin de bharr bheith buailte sa chloigeann arís agus arís eile cosúil le Muhammad Ali.

Leigheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainneoin an-chuid taighde, níl leigheas go fóill ar an aicíd seo.

The prion hypothesis in Parkinson’s disease, Braak to the future.png

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainnmithe as an lia Briotanach James Parkinson (1755-1824).

Rinne Arvid Carlsson taighde ar an néaratharchuradóir dópaimín agus a róI i ngalar Parkinson.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolas" (Coiscéim).