Dopaimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dopamine

Comhdhúil cheimiceach atá scaipthe go forleathan san inchinn is an néarchóras imeallach.

Feidhmíonn sé mar néaratharchuradóir sa néarchóras lárnach. Is hormón é a choisceann tál prólachtaine is a chuireann fuascailt an hormón fáis ó mhaothán tosaigh na faireoige piotútaí chun cinn. Sintéisítear aidréanailín is noraidréanailín uaidh.

Tarlaíonn leibhéil mhínormálta de i réigiúin áirithe den inchinn nuair a bhíonn galair áirithe ar dhuine, mar shampla, leibhéal árdaithe le scistifréine, agus leibhéal laghdaithe le galar Parkinson.