Jump to content

Práta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPráta
Solanum tuberosum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo depráta agus potato starch (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcaor Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdSolanales
FineSolanaceae
TreibhSolaneae
GéineasSolanum
SpeiceasSolanum tuberosum Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Planda iomráiteach a tháirgeann tiúbair is ea an práta (nó an Spáinneach Geal, nó préatafata; Solanum tuberosum).

  • Planda ilbhliantúil, idir ingearach is sínte[1].
  • Na duilleoga cleiteach, na bláthanna bán nó corcra i gcrobhaingí crochta le coróinín cúigmhaothánach is 5 staimín buí ag cumadh cóin starraicigh.
  • Is caor an toradh, cosúil le tráta (atá gaolmhar leis), ach de ghnáth scothghlas,agus murab ionann is an tráta, nimhiúil.
  • Is iad na tiúbair gais an glasra luachmhar a fhaightear ón bpráta.
  • Fásann na prátaí go flúirseach ar fhoircinn na stólan, agus bíonn saibhir i stáirse, vitimín C is próitéiní.
  • Bíonn na tiúbair difriúil go mór i méid, cruth, dath, airíonna coinneála is cócaireachta, agus blas.
  • Is féidir leis an gcraiceann a bheith bán, buí go dtí donn, bándearg, dearg nó scothchorcra/dubh.
  • Is féidir leis an mbia a bheith bán go dtí buí, bándearg nó corcra.
  • Is bachlóga suanacha iad na súile ar an bpráta, agus faoi chúinsí oiriúnacha fásann gais nua uathu.
Margadh

Nuair a fhástar plandaí nua ó na tiúbair, is clóin iad seo de na máthairphlandaí. Is luachmhar é seo mar gur féidir tréithe fabhracha a chaomhnú. Tá na mílte cineálacha ann, iad uile den speiceas céanna.

Tá suas le 160 speiceas sa nádúr, agus níl siad gaolta go dlúth i gcónaí.

Planda atá dúchasach do Mheiriceá Theas is ea an práta, áit ar saothraíodh é le fada fada le cineálacha buntúsacha mar bharr ó 200 AD ar a laghad. Sna hAindéis Arda ó cheann ceann na hilchríche a bhíodh an práta roimh theacht na nEorpach.

Mar sin, tháinig an práta as Meiriceá Theas ó thús. Timpeall lár an 16ú céad a tugadh isteach sa Spáinn é, agus uaidh sin scaip sé ar fud na hEorpa.

Catalóg, Henry G. Gilbert Nursery

Tá fabhalscéal eile ann, gur thug an ridire Walter Raleigh an práta go hÉirinn as Meiriceá Theas. Ar an 28 Iúil 1586, cuireadh an práta (an práta milis) don chéad uair in Éirinn. Ach is finscéal ann, is cosúil[2].

Tá finscéal ann gur tháinig an práta go hÉirinn an chéad uair le seoltóirí Spáinneacha ag teitheadh ó na Sasanaigh ,i ndiaidh an ionsaí mírathúil le hArmáid na Spáinne sa bhliain 1588. Ach tuagadh an t-ainm "Spáinneach Geal" ar an práta ar dtús, gur tháinig an práta go hÉirinn le trádálaithe as an Spáinn[3].

Faoi seo táirgtear 90% de phrátaí an domhain sa seandomhan, oirthear na hEorpa go háirithe. Tá a tháirgeadh domhanda ionchurtha i dtábhacht le táirgeadh na ríse agus na cruithneachta; é de 314 billiún tona sa bhliain 2011, an tríú barr is mó fásta i ndiaidh an dá bharr eile sin.[4] Is sna tíortha oir-Eorpacha a ídítear na prátaí is mó ná aon áit eile; sa bhliain 2011, b'í an Bhealarúis an tír a d'ídigh an méid is airde ar domhan díobh: 185kg in aghaidh an chónaithe.[5]

Tá claonadh ag prátaí le galair éagsúla, galair víreasacha is dúchan go háirithe. Bíonn taighdeoirí is síolraitheoirí ag iarraidh póir fhrithsheasmhacha le táirgiúlacht fheabhsaithe a shaothrú an t-am ar fad, agus san iarracht seo tá na speicis fhiáine le tréithe frithsheasmhacha éagsúla an-tábhachtach sa linn géinte.

Cócaireacht 

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cis prátaí le Van Gogh

Is iomaí cineál bia a dhéantar le prátaí. B'fhéidir gurb iad sceallóga an bia is coitianta a dhéantar le prátaí. Déantar brioscáin phrátaí astu freisin. Táthar an-chosúil lena chéile ach amháin go bhfuil sceallóga níos tibhe agus níos tanaí ná brioscáin phrátaí. Itear sceallóga te; itear brioscáin phrátaí ag teocht an tseomra. Is iomaí blas a bhíonn ar mbrioscáin phrátaí amhail salann agus fínéagar, cáis agus oinniún, blas bagún deataithe, blas curraí, blas Tabasco is araile.

  1. Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011.
  2. Salaman, Redcliffe N (1985). Burton, William Glynn; Hawkes, J. G., eds. The History and Social Influence of the Potato. Cambridge University Press Library Editions. p. 148. ISBN 978-0-5213-1623-1.
  3. http://www.historyireland.com/early-modern-history-1500-1700/the-introduction-of-the-potato-into-ireland/
  4. "Planetoscope - Statistiques : Production mondiale de pommes de terre". www.planetoscope.com. Dáta rochtana: 2019-05-08.
  5. "Belarus" (en). PotatoPro (2013-10-13). Dáta rochtana: 2019-05-08.