Clón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clón

Cóip ghéiniteach d'orgánach ar leith a cruthaíodh trí atáirgeadh neamhghnéasach atá i gclón. Chuige seo spreagtar an núicléas i gcill shómatach as colainn an tuismitheora aonair chun é féin a dheighilt. De bhrí go bhfaigheann sé a ghéinte go léir mar oidhreacht ó thuismitheoir amháin, is ionann leis an tuismitheoir sin é ar bhonn géiniteach.

Is clónú a dhéanann na plandeolaithe i nódú plandaí.

Trí chlónú a atáirgeann baictéir, víris is orgánaigh aoncheallacha eile.

Biteicneolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhith-theicneolaíocht nua-aoiseach is féidir síogóit a chlónú, agus uaidh sin an-chuid ainmhithe ionanna feirme a tháirgeadh. Fógraíodh é seo den chéad uair i 1997 nuair a tháirg eolaithe in Institiúid Ros Linne i nDún Éideann an chaora Dolly. Déanadh clónáil ar chaora, ubh tógtha ó chaora Dolly & caora úr a chothú uaithi, caora a bhí ar gach uile dóigh mar aon leis an mháthair[1].


Sa chás sin bhain siad an núicléas amach as cill shómatach agus chuir isteach in ubhán neamhthoirchithe (ar baineadh a núicléas féin amach as roimhe sin) é. D'fhás an chill seo i saothrán, baineadh amach na cealla luatha iníne agus ionchlannaíodh iad i máithreacha óstacha.

DNA[athraigh | athraigh vicithéacs]

Úsáidtear an téarma clónú móilíneach i dteicneolaíocht DNA athchuingrithe nuair a chuirtear píosa DNA eachtrannaigh isteach i gcrómasóm saorga baictéarach (plasmaid) agus a dheighleann an t-iomlán (rud a chlónaíonn an píosa DNA eachtrannaigh).

Eitic leighis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Chuir Comhairle na hEorpa toirmeasc ar chlónú daonna i 1998. Ach, in ainneoin an imní maidir le heitic na ceiste, tugadh ceadúnas d'Ollscoil Newcastle i Sasana i 2004 suthanna daonna a chlónú.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]