Biteicneolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Criostail insline

Feidhmiú na bitheolaíochta nó na bithcheimice le haghaidh táirgthe ar ollscála. Tá seansamplaí ann leis na céadta bliain (mar shampla, an ghrúdaireacht i ndéanamh beorach, an coipeadh i ndéanamh aráin is iógairt), ach ba é táirgeadh peinicilline ar scála mór sna 1940idí an chéad sampla nua-aoiseach. Tháinig cuid mhaith feidhmeanna cógaseolaíochta ar an bhfód sna blianta ina dhiaidh sin. Ó na 1990idí nó mar sin cuirtear innealtóireacht ghéiniteach i bhfeidhm chun hormóin is einsímí a tháirgeadh trí DNA athchuingreach, agus tá tábhacht chliniciúil ar leith leis seo. Mar shampla eile, déantar an t-ábhar géiniteach i gcealla daonna a ionramháil chun cur in ionad ceall fabhtach i bhfíocháin ghalraithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Biteicneolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 75.