Bithcheimic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is bithcheimic ann ná staidéar ar phróisis cheimiceacha in orgánaigh bheo. Pléann sé le struchtúir agus feidhm na gcomhaonad ceallach ar nós próitéiní, carbahiodráití, aigéid núicléacha agus bithmhóilíní eile.

I measc an iliomad bithmhóilíní éagsúla atá ann, is ann do mhórán acu atá coimpléascach (ar a dtugtar polaiméirí), atá chomhdhéanta d'fho-aonaid athfhillteacha (ar a dtugtar monaiméirí). Tá tacar éagsúil fo-aonad ag gach aicme bithmhóilíní polaiméireacha.[1] Mar shampla, próitéin is ea polaiméir ar roghnaíodh na fo-aonaid ann as tacar 20 nó níos mó amínaigéad. Féachann an bhithcheimic ar na hairí ceimiceacha atá ag móilíní tábhachtacha bitheolaíocha, leithéidí próitéiní, agus ach go háirithe an cheimic a bhaineann le h-imoibrithe a mbíonn einsmí mar chatalaígh iontu.

Tá cur síos beacht le fáil ar an mbithcheimic a bhaineann le meitibileacht na gceall agus bithcheimic an chórais inchrínigh. Réimsí eile den bhithcheimic is ea an cód géiniteach (ADN, RNA), síntéis na bpróitéiní, iompar trí scannán na cille, agus trasduchtú comharthaí.

Cionn is gur ón aon-sinsear gach foirm bheatha dá bhfuil eolas againn orthu bheith ann sa lá atá inniu ann, is gnách go mbíonn cosúlacht eadarthu ó thaobh na bithcheimice.[2][3]

Ní fios fós an bhféadfadh leaganacha malartacha eile den bhithcheimic feidhmiú, nó an mbéidis praiticiúil, ó bheith ag féachaint ar bhun-ábhar na cruinne. Dar le téis nua atá ag teacht chun cinn "an seobhaineachas carbóin", ní féidir ach le comhdhúile carbón-bhunaithe a bheith ar fáil le bheith mar chuid de aon fhíor-bhithcheimic.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Campbell, Neil A.; Brad Williamson; Robin J. Heyden (2006). Biology: Exploring Life. Boston, Massachusetts: Pearson Prentice Hall. ISBN 0-13-250882-6. [1]
  2. Smith E, Morowitz H (2004). "Universality in intermediary metabolism". Proc Natl Acad Sci USA 101 (36): 13168–73. doi:10.1073/pnas.0404922101. PMID 15340153. [2]
  3. Romano A, Conway T (1996). "Evolution of carbohydrate metabolic pathways". Res Microbiol 147 (6–7): 448–55. doi:10.1016/0923-2508(96)83998-2. PMID 9084754.