Móilín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Móilíní

Is éard is móilín ann ná an cáithnín is lú a fhaightear go nádúrtha d'aon dúilcomhdhúil. I gcás cuid de na dúile, is é an t-adamh féin an móilín, mar shampla héiliam (He) is neon (Ne). I gcásanna eile, tá dhá adamh sa mhóilín, mar shamplaí hidrigin (H), nítrigin (N) is ocsaigin (O). Cuirtear an t-eolas seo in iúl tríd an iarfhoscript 2 a scríobh leis an tsiombail, mar seo: H2, N2, O2. Ina lán ábhar eile ar comhdhúile iad, bíonn níos mó ná adaimh dúile amháin greamaithe dá chéile. I móilín uisce, mar shampla, tá dhá adamh hidrigine i dteannta adamh amháin ocsaigine: mar sin, scríobhtar an tsiombail d'uisce mar H2O. Tá ábhair eile fós ann ina bhfuil na mílte adamh i ngach móilín, mar shampla, próitéiní, carbaihiodráití, DNA is a lán eile.[1]

Tugtar ceimic mhóilíneachfisic mhóilíneach ar na heolaíochtaí a bhaineann leis an ábhar seo, ag brath ar chlaonadh an fhócais.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Móilín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 465.