Neon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachNeon

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Neon sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachNe
Uimhir adamhach10
Mais adamhach20.1797
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ agus [He] 2s² 2p⁶
Peiriad, Grúpapeiread 2
triathgháis
Airíonna fisiceacha
Dlús1.444, 1.204 agus 0.90035 kg/m⁻³
Leáphointe−248.6
Fiuchphointe−246
Stair
AimsitheoirWilliam Ramsay agus Morris Travers
Fionnachtain1898
Eapainmnuacht

Is é an neon dúil cheimiceach uimhir a deich, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Ne.

Is triathghás é, agus mar sin, ní bhíonn comhdhúile ceimiceacha ar bith aige. Na "comhdhúile neoin" atá ann, ní bhíonn nasc ceart ceimiceach iontu idir an adamh neoin agus na dúile eile—is féidir gur clatráití atá iontu, is é sin, caighean-chomhdhúile a bhfuil bac meicniúil ag coinneáil an neon-adaimh taobh istigh díobh ("sa chaighean").

Faoi ghnáth-imthoscaí, níl dath ar bith sa neon, ach is féidir é a úsáid le solas dearg a ghineadh i bhfeadáin folús-díluchtúcháin agus i neonlampaí.

Is féidir neon a úsáid le haghaidh cuisniú freisin. Baintear as an aer é le freastal ar riachtanaisí na teicneolaíochta, ach níl sé flúirseach san atmaisféar. Is é céatadán an neoin in aer tirim ná 0.001818.

Tá trí iseatóp cobhsaí aige, mar atá, 20Ne, 21Ne agus 22Ne, agus is é an chéad cheann acu an ceann is fairsinge: 90.48 % de neon an dúlra. Is é an dara ceann acu an ceann is teirce, mar atá, 0.27 %. Is é an t-iseatóp radaighníomhach is cobhsaí dá bhfuil ag an neon ná 24Ne, agus is é an leathré atá aige ná trí nóiméad agus trí soicinde is fiche. Chomh gearrshaolach is atá sé, níl oiread is iarsma de le fáil sa dúlra.

Feadán díluchtúcháin neoin

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad an bheirt ceimiceoirí ón mBreatain Mhór, Sir William Ramsay (1852-1916) agus Morris W. Travers (1872-1961) ba thúisce a d'aithin an neon, i Londain sa bhliain 1898. Aithníodh an neon nuair a shioc Ramsay eiseamal aeir go leacht, agus é ag téamh an leachta arís leis na gáis éagsúla a cheapadh ceann ar cheann, de réir is mar a bhí siad ag fiuchadh. Bhí a fhios ag na heolaithe an nítrigin, an ocsaigin agus an t-argón cheana féin, agus aonraíodh na gáis eile de réir a bhflúirse, a bheag nó a mhór, ar feadh tréimhse sé seachtaine ó dheireadh na Bealtaine 1898. Ba é an chéad ghás a aithníodh ná an crioptón. Nuair a bhí an crioptón bainte den mheascán, bhí gás ann ar tháinig solas láidir dearg as faoi dhíluchtú speictreascópach. I ndiaidh an gás seo a aithint mar dhúil ar leith bhaist na heolaithe an t-ainm úd neon air—ainm Gréigise a chiallaíonn "an rud nua" (cf. novum na Laidine). Ba é mac Ramsay a mhol an t-ainm seo. Díol suntais ab ea an dath sainiúil láidir dearg-fhlannbhuí a d'astaigh an neonghás nuair a floscadh le leictreachas é. Mar a scríobh Travers i ndiaidh na fionnachtana: an bhladhm chraorag solais a tháinig as an bhfeadán, d'inis sí a scéal féin, agus ba radharc é a ndéanfá do mharana air agus nach ligfeá i ndearmad choíche.

Faoin am chéanna thug na heolaithe tuairisc go raibh siad tar éis gás eile a fhionnadh in éineacht leis an neon, agus é ar aon tiús leis an argón, a bheag nó a mhór, cé nárbh ionann a speictream agus speictream an argóin. Is é an t-ainm a fuair an gás seo ó Ramsay agus Travers ná meiteargón, ach ina dhiaidh sin thaispeáin anailís speictreascópach an meiteargón nach raibh ann ach argón a bhí truaillithe le haonocsaíd carbóin. Sa deireadh rinne an bheirt fhear sin fionnachtain xeanóin freisin i Meán Fómhair den bhliain chéanna, agus an modh oibre céanna in úsáid acu.

Ar 3 Nollaig 1910, chuaigh an chéad lampa neoin ar thaispeántas poiblí ag seó mótair i bPáras.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]