Triathghás

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Triathgháis)
He- Tábla

Is iad na triathgháis an grúpa nialasach nó deireanach ar chlár peiriadach na ndúl. Tugtar gáis thámha orthu freisin. Is gáis iad go léir ag gnáth-theochtaí. Cheaptaí ar feadh i bhfad nach raibh siad in ann dul i gcomhdhúile ceimiceacha, agus is ar an ábhar seo a tugadh an aidiacht "triath-" orthu. Inniu áfach tá na ceimiceoirí in ann comhdhúile a dhéanamh a bhfuil ceann de na triathgháis is troime (an xeanón, go tipiciúil) ina chomhchuid iontu, ach tá ocsaídeoirí thar a bheith láidir de dhíth le sin a dhéanamh. Cuimsíonn an grúpa an héiliam, an neon, an t-argón, an crioptón, an xeanón, agus an radón. Tá an t-oganasan, dúil throm shaorga radaighníomhach nár sintéisíodh ach le déanaí, suite sa ghrúpa chéanna i dtábla peiriadach na ndúl, ach is deacair a rá, an triathghás é dháiríre, nó bíonn na hiarmhairtí coibhneasaíocha ag cur an chórais pheiriadaigh as a riocht ag dúile atá chomh trom sin - thairis sin tá an t-oganasan chomh éagobhsaí is nach féidir mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha pé scéal é.

Is é is cúis le támhacht cheimiceach na dtriathghás ná go bhfuil ocht leictreon—ochtréad iomlán—ar an sceall leictreon is faide amuigh acu (amach ón héiliam, nach bhfuil áit ach do dhá leictreon ar an t-aon sceall leictreon amháin aige). Tá an struchtúr seo iontach cobhsaí, agus a lán dúl ceimiceach ag iarraidh an t-ochtréad a bhaint amach ina gcuid comhdhúl—rud a dtugtar riail an ochtréid air. (I gcás an neoin, níl áit ar an sceall leictreon is faide amuigh aige ach d'ocht leictreon pé scéal é.)

Baintear úsáid as na triathgháis sa teicneolaíocht, nuair a bhíonn atmaisféar támh ag teastáil—atmaisféar nach bhfuil araiciseach chun imoibriúcháin cheimicigh agus a bhfuil de chlaonadh ann maolú ar imoibriúchán na ndúl eile. Is sna lampaí is mó a fheicimid na gáis seo in úsáid—neonlampaí mar shampla.[1]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Triathgháis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 677.