1910
Jump to navigation
Jump to search
Blianta: 1907 1908 1909 - 1910 (MCMX) - 1911 1912 1913 | |
deichniúra: 1880í 1890í 1900í - 1910í - 1930í 1940í 1950í | |
Aois: 19ú haois - 20ú haois - 21ú haois |
Ba bhliain choitianta í an bhliain 1910 (MCMX) a thosaigh ar Shatharn de réir Fhéilire Ghréagóra.
Tarluithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 10 Márta – Cuireadh an sclábhaíocht ar ceal sa tSín.
- 18 Márta – Léiríodh an chéad scannán bunaithe ar Frankenstein, úrscéal de chuid Mary Shelley, agus Charles Ogle i ról an arrachtaigh.
- 20 Aibreán – Bhí Cóiméad Halley le feiceáil ón Domhan.
- 6 Bealtaine – Tháinig Seoirse V i gcomharbacht ar Edward VII sa Ríocht Aontaithe nuair a fuair Edward bás.
- 1 Meán Fómhair – Chuir an Vatacáin mionn riachtanach i bhfeidhm i gcoinne an nua-aoiseachais (Sacrorum antistitum), a bhí le glacadh ag gach sagart agus é á oirniú.
- 20 Samhain – Cuireadh tús le Réabhlóid Mheicsiceo, éirí amach i gcoinne deachtóireacht Porfirio Díaz.

I mí Feabhra na bliana 1910 a buaileadh Bob an Dreadnought. Thug scaifte daoine i Sasana cuairt ar HMS Dreadnought agus iad in ainm is a bheith ina mbaill de thoscaireacht Aibisíneach. Virginia Woolf an duine is faide chun clé. Horace de Vere Cole a d'eagraigh an eachtra.
Breitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 2 Eanáir – Gearóid Ó Cuinneagáin, polaiteoir Éireannach den dú-eite dheas (b. 1991)
- 21 Eanáir – Giorgio Perlasca, fear gnó agus daonnúlach Iodálach (b. 1992)
- 9 Feabhra – Jacques Monod, bithcheimiceoir Francach (b. 1976)
- 1 Márta – David Niven, aisteoir Sasanach (b. 1983)
- 21 Márta – Akira Kurosawa, stiúrthóir agus léiritheoir scannán agus scriptscríbhneoir scannánaíochta ón tSeapáin (b. 1998)
- 12 Bealtaine – Dorothy Hodgkin, ceimiceoir Sasanach (b. 1994)
- 15 Bealtaine – Olga Bergholz, file Rúiseach (b. 1975)
- 21 Bealtaine – Séamus Ó Néill, scríbhneoir Éireannach (b. 1981)
- 1 Meitheamh – Eibhlín Ní Chathailriabhaigh, gníomhaí Gaeilge (b. 2001)
- 11 Meitheamh – Jacques Yves Cousteau, taiscéalaí faoi uisce Francach (b. 1997)
- 13 Meitheamh – Gonzalo Torrente Ballester, scríbhneoir Spáinneach (b. 1999)
- 22 Meitheamh – Konrad Zuse, eolaí ríomhaireachta Gearmánach (b. 1995)
- 26 Iúil – Yann Fouéré, aistí agus náisiúnaí Briotánach (b. 2011)
- 20 Lúnasa – Eero Saarinen, ailtire Fionlannach-Mheiriceánach (b. 1961)
- 26 Lúnasa – Máthair Treasa, bean rialta agus misinéir Ind-Albánach (b. 1997)
- 19 Deireadh Fómhair – Subramanayan Chandrasekhar, réaltfhisiceoir Indiach-Mheiriceánach (b. 1995)
- 26 Samhain – Cyril Cusack, aisteoir Éireannach (i nDurban, an Afraic Theas a rugadh) (b. 1993)
- 29 Samhain – Máirtín Ó Direáin, file Éireannach (b. 1988)
Básanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 26 Feabhra – Marie Henri d'Arbois de Jubainville, staraí agus focleolaí Francach (r. 1827)
- 21 Aibreán – Mark Twain, scríbhneoir Meiriceánach (r. 1838)
- 26 Aibreán – Bjørnstjerne Bjørnson, scríbhneoir Ioruach (r. 1832)
- 6 Bealtaine – Éadbhard VII na Ríochta Aontaithe (r. 1841)
- 8 Bealtaine – Vittoria Aganoor, file Iodálach (r. 1855)
- 10 Bealtaine – Stanislao Cannizzaro, ceimiceoir Iodálach (r. 1826)
- 12 Bealtaine – William Huggins, réalteolaí Sasanach (r. 1824)
- 27 Bealtaine – Robert Koch, bitheolaí Gearmánach (r. 1843)
- 4 Iúil – Giovanni Schiaparelli, réalteolaí Iodálach (r. 1835)
- 13 Lúnasa – Florence Nightingale, banaltra Sasanach (r. 1820)
- 29 Meán Fómhair – Winslow Homer, ealaíontóir Meiriceánach (r. 1836)
- 20 Samhain – Leo Tolstoy, scríbhneoir Rúiseach (r. 1828)
- 23 Samhain – Hawley Harvey Crippen, dochtúir agus dúnmharfóir Meiriceánach (r. 1862)
Duaiseanna Nobel[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Síocháin – Permanent International Peace Bureau
- Fisic – Johannes Diderik van der Waals
- Ceimic – Otto Wallach
- Leigheas – Albrecht Kossel
- Litríocht – Paul Heyse
Litríocht na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Deoraidheacht (úrscéal), Pádraic Ó Conaire