Paulette Goddard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaulette Goddard

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Marion Goddard Levy
3 Meitheamh 1910
Queens, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Aibreán 1990
79 bliana d'aois
Ronco sopra Ascona, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthacantún Ticino Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir, aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse, mainicín, léiritheoir scannáin, aisteoir scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1929 –  1972
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileCharlie Chaplin (1936–1942)
Burgess Meredith (1944–1949)
Erich Maria Remarque (1958–1970), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0002104 Allocine: 4952 Allmovie: p27336 TCM: 72554 TV.com: people/paulette-goddard IBDB: 85461 AFI: 122763
Musicbrainz: 2ee41ca6-4a5f-4dfc-8ca9-3cb25f4d005b Discogs: 1050881 Find a Grave: 8972 Cuir in eagar ar Wikidata

B'aisteoir Meiriceánach í Paulette Goddard (3 Meitheamh 1910 – 23 Aibreán 1990). Rugadh in Queens, Nua-Eabhrac í agus fuair sí bás in Ticino, san Eilvéis. Bhí cáil uirthi as a slí bheatha scannánaíochta in Ré Órga Hollywood.

Rugadh Goddard in Manhattan agus tógadh in Kansas City, Missouri í. Thosaigh sí a gairm mhainicín faisin do pháistí agus mar thaibheoir i roinnt léiriúchán Broadway mar Ziegfeld Girl. Go luath sna 1930idí, bhog sí go Hollywood agus thuill sí aird mar chomhpháirtí rómánsúil an aisteora agus an fhuirseora Charlie Chaplin, le feiceáil mar a phríomh-bhean sa scannán Modern Times (1936) agus The Great Dictator (1940). Tar éis di síniú le Paramount Pictures, bhí Goddard ar cheann de na réaltaí is mó sa stiúideo le róil in The Cat and the Canary (1939) le Bob Hope, The Women (1939) le Joan Crawford, North West Mounted Police (1940) le Gary Cooper, Reap the Wild Wind (1942) le John Wayne agus Susan Hayward, So Proudly We Hail! (1943) — a bhfuair sí ainmniúchán don Academy Award for Best Supporting ActressKitty (1945) le Ray Milland, agus Unconquered (1947) le Gary Cooper. Tugadh Goddard faoi deara mar bhean fíochmhar neamhspleách ar feadh a cuid ama, le cur síos ag feidhmeannach amháin mar "dinimít". Fuair a póstaí le Chaplin, an t-aisteoir Burgess Meredith, agus scríbhneoir Erich Maria Remarque aird shuntasach ó na meáin. Tar éis di pósadh le Remarque, bhog Goddard go dtí an Eilvéis agus d'éirigh sí as an aisteoireacht den chuid is mó. Sna 1980í, rinneadh sóisialaí suntasach di sula bhfuair sí bás san Eilvéis i 1990.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Goddard i gCathair Nua-Eabhrac, mar Pauline Marion Levy, iníon le Joseph Russell Levy, mac le monaróir todóg rathúil ó Salt Lake City, agus Alta Mae Goddard.[1][2] Ba de dhúchas Giúdach na Rúise a hathair, agus b' Easpagóideach de shinsearacht Shasana a máthair. Phós siad ar 28 Nollaig 1908 i Manhattan. Cé gu Marion ab ainm di, thug a máthair Pauline uirthi ó aois óg. Bhog Goddard lena tuismitheoirí go Kansas City, Missouri nuair a bhí sí óg, áit ar oibrigh a hathair do chomhlacht scannáin. Go gairid ina dhiaidh sin, scar a tuismitheoirí óna chéile agus fuair siad colscaradh i 1926. De réir Goddard, d'fhág a hathair iad, ach de réir J. R. Levy, d'éalaigh Alta leis an leanbh; chun cath caomhnóireachta a sheachaint, bhog sí féin agus a máthair go minic le linn a hóige, lena n-áirítear athlonnú go Ceanada ag pointe amháin. Níor bhuail Goddard lena hathair arís go dtí deireadh na 1930í, tar éis di a bheith cáiliúil. In agallamh a foilsíodh i Collier's, d'éiligh Goddard nárbh é Levy a hathair fola. Mar fhreagra, thionscain Levy agra ina n-aghaidh, ag éileamh gur scrios an t-agallamh a cháil agus gur chosain sé a phost, agus d'éiligh sé tacaíocht airgeadais uaithi; d'admhaigh Goddard a caillteanas sa chás in agallamh Nollaig 1945 le an iris Life, agus cuireadh iallach uirthi $ 35 sa tseachtain a íoc lena hathair.

Thosaigh Goddard ag mainicíneacht tar éis scaradh a tuismitheoirí, ag obair do Saks Fifth Avenue, Hattie Carnegie, agus daoine eile. Pearsa thábhachtach ina hóige ba ea uncail a máthar athartha Charles Goddard, úinéir an American Druggists Syndicate. Bhí ról lárnach aige i ngairm Goddard, ag cur an t-impreasóirin ó Bhroadway Florenz Ziegfeld in aithne di. Sa bhliain 1926, bhí sí ar an stáitse den chéad uair mar rinceoir i reiviú an tsamhraidh de chuid Ziegfeld No Foolin faoin ainm stáitse Paulette Goddard. D'fhostaigh Ziegfeld í do cheoldráma eile, Rio Rita, a d'oscail i mí Feabhra 1927, ach d'fhág sí an seó tar éis trí seachtaine a bheith i láthair sa dráma The Unconquerable Male, a léirigh Archie Selwyn. Mar sin féin, chlis go dona air agus níor dhún sé trí lá tar éis a chéadléirithe in Atlantic City. Go gairid ina dhiaidh sin, chuir Charles Goddard Eddard James in aithne di, uachtarán ar an Chomhlacht 'Southern Lumber Company', a bhí lonnaithe in Asheville, North Carolina. Ag aois 17, i bhfad níos óige ná James, phós sí é ar 28 Meitheamh, 1927, i Seagal, Nua-Eabhrac. Pósadh gearr a bhí ann, agus scar siad i 1929; deonaíodh colscaradh do Goddard in Reno, Nevada, i 1932, agus fuair siad socrú colscartha $ 375,000.

Gníomhréim scannánaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Goddard cuairt ar Hollywood den chéad uair i 1929,[3] nuair nach raibh sí luait sna creidiúintía mar dhuine sa bhreis in dhá scannán, an gearrscannán le 'Laurel agus Hardy' Berth Marks (1929) agus dráma le George Fitzmaurice The Locked Door (1929). Tar éis di colscaradh a fháil ó James, thug Goddard agus a máthair cuairt ghairid ar an Eoraip sular fhill siad ar Hollywood. Nuair a d'fhill sí, shínigh Goddard a céad chonradh scannáin leis an léiritheoir Samuel Goldwyn le bheith ina 'Goldwyn Girl' i Whoopee! (1930). Bhí sí le feiceáil freisin i City Streets (1931), Ladies of the Big House (1931), agus The Girl Habit (1931) le haghaidh Paramount, Palmy Days (1931) le haghaidh Goldwyn, agus The Mouthpiece (1932) le haghaidh Warners. Mar sin féin, níor éirigh Goddard agus Goldwyn go maith lena chéile, agus thosaigh sí ag obair do Hal Roach Studios i 1932, le feiceáil i sraith ról tacúil (neamhchreidiúnaithe do cheithre bliana eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gilbert, Julie (1995). Opposite Attraction – The Lives of Erich Maria Remarque and Paulette Goddard. Pantheon Books; ISBN 0-679-41535-1, pp. 37–41 for parents' names and backgrounds, as well as Alta's birth year; pp. 159–60 for Levy's death year and p. 477 for Alta's death year.
  2. "The Goddard Book" (1990) 2. Gateway Press. 
  3. Gilbert, pp. 53–70.