The Great Dictator
The Great Dictator | |
---|---|
![]() | |
Scannán | |
Buntheidil | The Great Dictator |
Bliain | 1940 |
Séanra |
geandrámaíocht political satire (en) ![]() scannán cogaidh anti-war film (en) ![]() scannán dráma scigscannán slapstick (en) ![]() comedy of error (en) ![]() |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Buntheanga | An Béarla |
Fad | 125 nóiméid |
Dath | dubh agus bán |
Láthair | Los Angeles, California agus Malibu |
Láthair an scéil |
Tomainia (en) ![]() ![]() ![]() |
Stiúir agus Script | |
Stiúrthóir(í) | Charlie Chaplin |
Scríbhneoir(í) | Charlie Chaplin |
Aisteoirí | |
Paulette Goddard Jack Oakie (Benzino Napaloni (en) ) Reginald Gardiner [[Henry Daniell (en) ]] Billy Gilbert [[Emma Dunn (en) ]] Chester Conklin [[Maurice Moscovitch (en) ]] [[Bernard Gorcey (en) ]] Esther Michelson [[Gino Corrado (en) ]] Grace Hayle Hank Mann Joe Bordeaux John Davidson [[Paul Weigel (en) ]] [[Wheeler Dryden (en) ]] Carter DeHaven Eddie Gribbon Eddie Dunn [[Charles Irwin (en) ]] [[Sig Arno (en) ]] Hans Conried Richard Alexander [[Leo White (en) ]] Don Brodie [[Pat Flaherty (en) ]] Charles Sullivan Cyril Ring [[William Irving (en) ]] Bert Moorhouse Fred Aldrich George Lynn Tiny Sandford Rudolph Anders | |
Táirgeadh | |
Léiríodh ag | Charlie Chaplin |
Comhlacht léiriúcháin |
Charles Chaplin Film Corporation (en) ![]() United Artists Corporation (en) ![]() Charlie Chaplin Studios (en) ![]() |
Foireann eile | |
Ceol cumtha ag |
Charlie Chaplin Meredith Willson |
Stiúrthóir fótagrafaíochta |
Roland Totheroh Karl Struss |
Gradaim | |
Gradaim faighte
| |
Ainmniúcháin
| |
Nascanna seachtracha | |
Suíomhanna scannáin
|
Scannán ón mbliain 1940 is ea The Great Dictator, leis an aisteoir grinn mór le rá, Charlie Chaplin. Bhí Chaplin ina stiúrthóir ar an scannán agus bhí sé sa dá phríomhpháirt aisteoireachta chomh maith. Bhí sé seo ar an gcéad scannán cainte uaidh, chomh maith le bheith ar an scannán is mó rath uaidh. B'aoir nimhneach é ar an bhFaisisteachas. Is díol suntais é an scannán seo, ós rud é nár thuig go leor daoine cé chomh holc is a bhí na Naitsithe ag an am sin, mar nach raibh eolas ag an bpobal faoi na campaí báis. Ach déantar cur síos sonrach ar ghéarleanúint na nGiúdach sa scannán seo.
Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuirtear in aithne muid ar dtús leis an mbearbóir Giúdach gan ainm (Chaplin) agus é ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda ar son a thíre féin, Tomainia (tír fhicseanach arb ionann í agus an Ghearmáin). Buailtear é sa cheann ag deireadh an chogaidh agus caitheann sé fad fiche bliain in ospidéal agus a chuimhne caillte aige. Filleann sé ar a ghairm bheatha ag deireadh na tréimhse sin agus gan tuiscint dá laghad aige ar chás polaitiúil a thíre féin, áit a bhfuil deachtóir darb ainm Adenoid Hynkel (Chaplin arís, agus é ag déanamh aithrise ar Adolf Hitler) tar éis teacht i réim. Is cuid thábhachtach í den phlota agus den ghreann, go bhfuil an bearbóir Giúdach ina mhacasamhail den deachtóir uafásach seo a bhfuil an ghráin dhearg aige ar na Giúdaigh. Déantar aoradh chomh maith ar Benito Mussolini, i bhfoirm an deachtóra fhicseanaigh Benzino Napaloni, atá ina cheannaire ar thír darb ainm Bacteria. Léirítear caidreamh cumhachta áiféiseach na beirte seo, tríd an eachtra ina bhfuil na deachtóirí ag iarraidh idirbheartaíocht a dhéanamh faoi smacht a ghlacadh ar Osterlich (An Ostair).
Stíl[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cé gur aoir thar a bheith searbhasach í seo, bíonn atmaisféar thar a bheith éadrom ann ar feadh an scannáin go léir. Tá greann ropánta Chaplin le sonrú go mór ann agus baineann sé an-leas as chun ábhar an scannáin a aoradh. Radharc cáiliúil amháin ná an rince a dhéanann an deachtóir Hynkel le balún mór atá ina mhacasamhail den domhan agus réamhcheol Lohengrin le Richard Wager á sheinm sa chúlra.
Gradam[cuir in eagar | athraigh foinse]
I 1997, d'fhógair Leabharlann Chomhdháil SAM an scannán seo a bheith "suntasach go cultúrtha, go stairiúil nó go haeistéiticiúil" agus roghnaíodh é le bheith caomhnaithe i gClárlann Scannán Náisiúnta na Stát Aontaithe.