Faisisteachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
fasces na Sean-Róimhe, siombal chumhacht duce na hIodáile, Benito Mussolini

Idé-eolaíocht a d'fhás san Eoraip sa tréimhse idir na cogaí domhanda (1919-39) is ea an Faisisteachas. Tháinig sé chun cinn mar thoradh ar dhroch-choinníollacha eacnamaíocha agus sóisialta ina lán de thíortha na hEorpa sa tréimhse tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Tagann an focal ón ghluaiseacht a chuir Benito Mussolini chun cinn san Iodáil ó 1922 ar aghaidh. Ba iad na fasces siombal d’údarás sa tSean-Róimh. Ach tá ciall níos leithne ag an bhfocal, a thagraíonn do na páirtithe polaitíochta ina lán de thíortha na hEorpa a lean idé-eolaíocht a bhí cosúil leis an idé-eolaíocht a chuir Mussolini agus Adolf Hitler chun cinn, cé go raibh difríochtaí áirithe eatarthu.

Leag na riailréimeanna Faisisteacha go léir béim ar leith ar an Náisiúnachas agus ar ollchumhacht an stáit. Spreagadh an pobal chun a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe leis an stát. Bhí deachtóir carasmatach i gceannas ar gach stát agus tacaíocht aige ó pháirtí polaitíochta amháin, ar nós na Naitsíthe sa Ghearmáin. Cuireadh toirmeasc ar pháirtithe an fhreasúra, ar cheardchumainn agus ar thoghcháin shaora. Bhí na ceannairí Faisisteacha i gcoinne an Daonlathais, an Liobrálachais agus an Chumannachais, agus de ghnáth bhí siad frith-Sheimíteach. Thóg siad a riailréim trí mheascán de bholscaireacht agus de sceimhle.

Ó thaobh an gheilleagair de, lean na Faisistithe prionsabal an náisiúnachais eacnamaíoch. Chosnaítí an geilleagar trí chánacha a chur ar iompórtálacha, agus dhéantaí tréaniarracht táirgí a sholáthar sa tír féin. Níl an Faisisteachas i gcoinne úinéireacht ar shealúchas príobháideach ná ar ghnólacht, a fhad is atá sí ag cur le leas an stáit. Tugtar an difríocht seo mar difríocht mhór idir an Cumannachas, faoina bhfuil gach rud leis an stát, agus an Faisisteachas.