Benito Mussolini

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Benito Mussolini
Benito Mussolini (primo piano).jpg

40ú Presidente del Consiglio dei Ministri
(Ó 1925 mar Duce)
In oifig
31 Deireadh Fómhair, 192225 Iúil, 1943
Réamhtheachtaí: Luigi Facta
Comharba: Pietro Badoglio

Ceannaire Repubblica Sociale Italiana
In oifig
23 Meán Fómhair, 194326 Aibreán, 1945

Dáta breithe 29 Iúil, 1883
  Predappio, An Iodáil
Dáta báis 28 Aibreán, 1945
  Giulino di Mezzegra
Páirtí PNF
Céile Rachele Mussolini
Síniú
Benito Mussolini Signature.svg

B'é Benito Amilcare Andrea Mussolini, deachtóir na hIodáile agus bunaitheoir an Fhaisisteachais[1]. Rugadh é i Dovia di Predappio, Forlì, ar an 29 Iúil 1883 agus cuireadh chun báis é i Giulino di Mezzegra, Como, ar an 28 Aibreán 1945. Bhí sé i gceannas ar an Iodáil idir 1922 agus 1943.

Luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Mac le gabha dubh Sóisialach ab ea Mussolini. Rugadh i réigiún ar a dtugtar Romagna é agus bhí cáil ar an réigiún sin mar gheall ar fhoréigean a bhain le cúrsaí talún. Cuireadh athair agus seanathair Mussolini sa phríosún de bharr gur Shóisialaithe iad. Bhí sé ina Shóisialach freisin nuair a bhí sé óg, ach tháinig athrú ar a chuid smaointí polaitiúla le linn an Chéad Chogadh Domhanda.

Benito Mussolini le Adolf Hitler.

Faisisteachas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhunaigh Mussolini an Fasci Italiani di Combattimento i 1919, a athraíodh go dtí Páirtí Náisiúnta na bhFaisisteach i 1921. Tagann an focal ón ghluaiseacht a chuir Benito Mussolini chun cinn. Ba iad na fasces siombal d’údarás sa tSean-Róimh.

Chabhraigh fadhbanna eacnamaíochta agus neamhsheasmhacht pholaitiúil na hIodáile iar-chogaidh le fás na Faisistigh agus tháinig Mussolini chun cumhacht i 1922 ar iarratas Rí Victor Emmanuel III tar éis an Máirseáil ar an Róimh, le cuidiú ó na Léinte Dubha. .

Agus é ina phríomh-aire, bhunaigh sé deachtóireacht ollsmachtach san Iodáil.

Bhí smacht aige ar gach meán bolscaireachta

Bhunaigh Mussolini an Stát Corparáideach; thóg sé bóithre agus dhraenáil sé riascanna Pontine in aice leis an Róimh.

Ar 7 Aibreán 1926, rinne bean Éireannach, Violet Gibson, iarracht Benito Mussolini a fheallmharú.[2] Theip uirthi.

Benito Mussolini le Rachele, Edda, Bruno agus Vittorio ar saoir i Levanto, 1923.

Sa bhliain 1929, shínigh Mussolini Concordat agus Conradh na Laitéirne leis an Phápa. Chuir seo deireadh le haighneas a bhí idir an stát agus an Eaglais a mhair ó bhí 1870 ann. D'aithin an stát Cathair na Vatacáine mar thír neamhspleách agus ceadaíodh múineadh an reiligiúin i scoileanna stáit. Íocadh cúiteamh don Phápa as talamh a chaill sé.

Cogadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sna 1930í, mhéadaigh Mussolini ar chumhacht na hIodáile trí ionradh a dhéanamh ar an Aibisín agus trí chuidiú le Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne. Cé go raibh sé amhrasach faoi Adolf Hitler ar dtús agus gur amharc sé air mar bhagairt, d'éirigh sé cairdiúil leis de réir a chéile. Shínigh an bheirt cheannairí Ais na Róimhe-na Beirline agus Comhaontú na Cruaiche agus bhí siad mar chomhghuaillithe.

Thug sé an Iodáil isteach sa Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1940, agus bhí an cogadh tubaisteach don tír. Bhí Mussolini curtha as cumhacht sa bhliain 1943 nuair a thosaigh na Comhghuaillithe ag déanamh ionsaithe ar an tír.

Gabhadh Mussolini ar an 25 Iúil 1943 agus cuireadh as oifig é. Ach dhá mhí níos déanaí, rinne na Naitsithe tarrtháil air, ar an 12 Meán Fómhair 1943. An stát a bhí ann a bhí ar teaghrán ag na Naitsithe, agus bhí cuma puipéid scantraithe ar Mussolini ó lá sin amach.

Benito Mussolini crochta, in éineacht le Claretta Petacci (i lár) agus faisistí eile, i bPiazzale Loreto, Milan, 29 Aibréan 1945.

Bás

Lámhachadh Benito Mussolini i gComo ar an 28 Aibreán 1945. Bhí a chorp crochta, in éineacht le Claretta Petacci agus faisistí eile, i bPiazzale Loreto, Milano, an lá dar gcionn (29 Aibreán).

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. biography.com
  2. The Woman Who Shot Mussolini, The Guardian, 27 Feabhra 2010