Violet Gibson
Violet Gibson | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, 31 Lúnasa 1876 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | Northampton, 2 Bealtaine 1956 |
Áit adhlactha |
Kingsthorpe Cemetery (en) ![]() |
Cúis bháis | (galar) |
Muintir | |
Athair | Edward Gibson, 1st Baron Ashbourne |
Máthair | Frances Maria Adelaide Colles |
Siblíní |
liosta iomláin
|
Gairm |
Bean Éireannach a rinne iarracht Benito Mussolini a mharú[1] ab ea Violet Albina Gibson (31 Lúnasa 1876 – 2 Bealtaine 1956). Iníon an Tiarna Ashbourne a bhí inti. I mBaile Átha Cliath a rugadh í.
Ar 7 Aibreán 1926 scaoil Gibson le Mussolini, a bhí ina shuí i ngluaisteán i ndiaidh óráid a thabhairt sa Róimh. Scaoil sí dhá urchar leis. Ar éigin a bhí sé gortaithe, áfach. Cuireadh bindealán ar a shrón agus lean Mussolini leis sa pharáid a bhí ceaptha don lá.
Ba bheag nár linseáladh Gibson (mar a tharla i gcás fear óg a rinne iarracht Mussolini a mharú ar ócáid eile). Gabhadh í, agus toisc ise ina heachtrannach agus ina gealt, dar leis na húdaráis Iodálacha, d'ordaigh Mussolini í a chur chuig an Bhreatain Mhór gan an dlí a chur uirthi sa chúirt.[2]
Chaith sí an chuid eile dá saol in ospidéal síciatrach, Saint Andrew's, in Northampton. [3] Tá Gibson curtha i Reilig Kingsthorpe sa chathair chéanna.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ The Woman Who Shot Mussolini, The Guardian, 27 Feabhra 2010
- ↑ Bosworth, R.J.B., Mussolini, 2002, lgh. 218-9
- ↑ http://www.bbc.co.uk/radio4/hometruths/20060410_mussolini.shtml "Mussolini's Nose", BBC
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |