An Aetóip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
የኢትዮጵያ ፌዴራላዊ ዲሞክራሲያዊ ሪፐብሊክ.svg
ye-Ītyōṗṗyā Fēdēralāwī Dīmōkrāsīyāwī Rīpeblīk
Poblacht Dhaonlathach Fheidearálach na hAetóipe
Bratach na hAetóip Armas na hAetóip
Bratach Armas
Mana: Níl aon ann
Amhrán náisiúnta: Wodefit Gesgeshi, Widd Innat Ityopp'ya
Suíomh na hAetóip
Príomhchathair Adas Ababa
9°01′ Thuaidh 38°44′ Thiar
An chathair is mó Adas Ababa
Teangacha oifigiúla Amairis
Rialtas Poblacht Fheidearálach
Girma Wolde-Giorgis
Haile Mariam Desalegne (sealadach)
Neamhspleáchas
Níl aon ann.
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
1,104,300 km² (26ú)
0.7%
Daonra
 • Meas. ó 2015
 • Daonáireamh 2007
 • Dlús
 
99,465,819 (13ú)
73,750,932
83/km² (123ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2008
U S$84,299,000,000 (62ú)
US$1122,93 (164ú)
Airgeadra Birr (ETB)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
+3 (UTC)
+4 (UTC)
Fearann Idirlín .et
Glaochód +251

Is tír san Afraic í Poblacht Dhaonlathach Fheidearálach na hAetóipe, nó an Aetóip de ghnáth.Tá an Aetóip in oirthuaisceart na hAfraice, sa limistéar ar a dtugtar Corn na hAfraice[1]. Ba é Abyssinia an t-ainm a bhí uirthi níos luaithe.

Tíreolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is í an Aetóip an dara tír is mó daonra san Afraic, agus í ar an náisiún neamhspleách is sine chomh maith.

Tá an tír, ina bhfuil daonra os cionn 80 milliún duine, timpeall 15 uair méid na hÉireann, agus tá timpeall 85% dá dhaonra ina gcónaí i gceantair tuaithe.

Is í Adas Ababa (nó Addis Ababa as Béarla) príomhchathair na tíre.

Tá teorainneacha aici leis an Eiritré, Djibouti, an tSomáil, an Chéinia agus an tSúdáin.

Tosaíonn an Níl Ghorm san Aetóip.

Aeráid[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is báisteach thaomach a bhíonn i gcuid mhaith den tír, rud a fhágann go mbíonn neamhshláine bia i gceist i gcónaí i gcuid mhaith den tír.

Teangacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is í an Amáiris (አማርኛ āmariññā) an teanga is tábhachtaí san Aetóip agus an t-aon teanga amháin a bhfuil stádas oifigiúil aici ar fud na tíre.

Tháinig an phrótatheanga ar an bhfód in Oirthuaisceart na hAfraice b'fhéidir. Tá scoláirí áirithe, cosúil le hIgor Diakonov agus Lionel Bender, den tuairim sin: san Aetóip, tá réimse leathan teangacha fós ann inniu, agus iad á labhairt go tiubh in aice le chéile.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhunaigh an tImpire Menelik IIan Adas Ababa sa bhliain 1886.

Ar 7-10 Eanáir, 1936, fuair arm na hIodáile an ceann is fearr ar na hAetópaigh i gcath Ganale Doria i ndeisceart na hAetóipe. Ar feadh 10-15 Feabhra, bhí frithionsaí ó na hAetópaigh ar arm na hIodáile i gCath Amba Aradam, ach bhí an bua i gcónaí ag na hIodálaigh. Ar 5 Bealtaine, ghabh arm na hIodáile an phríomhchathair, Adas Ababa.

I ndeireadh na dála, ní raibh aon tairbhe le hiarrachtaí na hIodáile impireacht a bhunú. Ba thréimhse fhuilteach agus náireach í i stair na hIodáile.

Geilleagar[athraigh | athraigh vicithéacs]

In ainneoin go raibh fadhbanna suntasacha acu sna 1980idí, tá an Aetóip tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le laghdú na bochtaineachta agus brostú fáis agus forbartha geilleagraí[2]

An Amáiris: An t-amhrán náisiúnta ó 1922

Leabharliosta[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Reidy, Frank - Seal san Aetóip[3]: Sa leabhar seo leanann Frank Reidy turas na hÁirce ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip. Tugtar léargas nua anseo ar thír nach mbíonn luaite léi go minic ach ocras, anró agus bás.

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Féile Meskel, 2017

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]