Diobúití

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
جمهورية جيبوتي
Jumhūriyyat Jībūtī
République de Djibouti
Bratach Djibouti Armas Djibouti
Bratach Armas
Mana: -
Amhrán náisiúnta: Djibouti
Suíomh Djibouti
Príomhchathair Diobúití (cathair)
11°36′ Theas 43°10′ Thoir
An chathair is mó Príomhchathair
Teangacha oifigiúla Araibis agus Fraincis
Rialtas Poblacht
Ismail Omar Guelleh
Dileita Mohamed Dileita
Neamhspleáchas
Ón Fhrainc
 
1977
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
23,200 km² (149ú)
0.09%
Daonra
 • Meas. ó 2007
 • Daonáireamh 2000
 • Dlús
 
496,374 (160ú)
460,700
34/km² (168ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$1.641 billiún (164ú)
$2,070 (141ú)
Airgeadra Franc (DJF)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
EAT (UTC+3)
(UTC+3)
Fearann Idirlín .dj
Glaochód +253

Is tír san Afraic í Poblacht Djibouti, nó Djibouti de ghnáth. Is í cathair Dhiobúití (nó Djibouti as Béarla) príomhchathair na tíre. Tá sí ag críochantacht leis an Eiritré, An Aetóip, agus an tSomáil. Is iar-choilíneacht Frainceach í.

Bhain Poblacht Djibouti amach a neamhspleáchas ón bhFrainc ar an 27 Meitheamh 1977. Roimhe sin, thugtaí Somálalann na Fraince, agus ina dhiaidh sin Críocha na nAfar agus na nIssa ar an gcoilíneacht. Bhunaigh na Francaigh an choilíneacht anseo sa chéad leath den naoú haois déag, ach bhí an t-ainm sin Djibouti ann roimhe sin féin. Bhí ceangal dlúth trádála ag muintir Djibouti le Leathinis na hAraibe le fada, agus b'iad an chéad dream san Afraic a ghlac leis an Ioslam. Muslamaigh iad 94 % de mhuintir na tíre, agus is Críostaithe iad an chuid is mó den fhuíoll.

Is iad an Fhraincis agus an Araibis teangacha oifigiúla Djibouti, ach is iad na hIssa agus na hAfar an dá ghrúpa eitneacha is mó. Treibh Shomálach iad na hIssa, agus an tSomáilis á labhairt acu ó dhúchas. Maidir leis na hAfar, tá teanga dá gcuid féin acu. Teanga Chúisiteach í an teanga Afar, ach níl sí intuigthe ag lucht labhartha na Somáilise.