An tSomáilis
Somáilis (af Soomaali) | |
---|---|
Á labhairt: | ![]()
|
Réigiún: | An Afraic |
Cainteoirí san Iomlán: | 16 mhilliún |
Rang: | 69 |
Líne ghinealaigh: | Afráiseach Cúiseach |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | Na Somáile, Críoch Shomáile |
Foras Pleanála Teanga: | Regional Somali language Academy (Acadamh Reigiúnach na Somáilise) |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | so |
ISO 639-2 | som |
ISO 639-3 | som |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an tSomáilis an teanga a labhraíonn formhor muintir na Somáile agus na Somálaigh sna tíortha in aice láimhe. Is teanga Cúiseach í agus í an dara teanga Cúiseach is mó a labhraítear ar domhan í (i ndiaidh na hOraimise)[1]. Is teanga oifigiúil na Somáile agus Críoch Shomáile í agus tá stadas aici mar teanga aitheanta sa Chéinia, i nDiobúití agus san Aetóip. Le tús an Cogadh Cathartha Somálach sna 1990idí, tháinig go leor Somálaigh ar imirce go dtí an Eoraip, Mericeá Thuaidh agus an Meánoirthear. Mar gheall ar sin, ta diaspóra mór a labhraíonn an teanga ar fud an domhain. Go hoifigiúil, úsaidtear an Aibítir Laidineach sa tSomáilis.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Go stairiúil, bhí a scripteann féin ag an tSomáilis ach tá siad caillte le fada. Le déanaí, d'usáid an teanga an Aibítir Arabach agus Wadaad chomh maith leis an Aibitír laidinieach. Sa bhliain 1972, ghlac an rialtas an Aibitír Laidineach go hoifigiúil. D'athraigh an teangeaolaí Shire Jama Ahmed an aibitír a chinntiú go raibh sé oiriúnach don Somáilis.
Roghnaíodh an tSomáilis mar theanga oifigiuil na Somáile sa bhliain 1973 agus d'éiligh an Chúirt Réabhlóideach Uachtarach go n-úsaidfeadh an teanga in oideachas agus i riarachán. Chomh maith le sin, cheap bunreacht Críoch Shomáile an teanga mar theanga oifigiúil sa bhliain 2001.
Gramadach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Deilbhíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is teanga gleanúna í an tSomáilis a úsáideann infhilleadh. Cuirtear iarmhíreanna éagsúla ag deireadh na focail mar alt cinnte. Tá -ki nó -ka curtha ag deireadh ainmfhocail fhirinscneacha agus tá -ti nó -ta curtha ag deireadh ainmfhocail bhaininscneacha sa tuiseal dearbhach.
Chomh maith leis an tuiseal dearbhach, tá trí tuiseal eile sa teanga; an tuiseal ainmneach, an tuiseal ginideach agus an tuiseal gairmeach.
Comhréir[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dé ghnáth, is é ord na bhfocal a úsáidtear sa teanga ná: Ainmní - Cuspóir - Briathar.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Saeed, John (1999). Somali. Amsterdam: John Benjamins. ISBN 1-55619-