An Oraimis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Oraimis
Afaan Oromoo
Cineálteanga, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais24,000,000 (2007)
Dúchasach doOromia Region (en) Aistrigh agus Oromo people (en) Aistrigh
Stáitan Aetóip, an tSomáil agus an Chéinia
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Afra-Áiseacha
teangacha Cúiseacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus Geʽez script (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1om
ISO 639-2orm
ISO 639-3orm
Glottolognucl1736
Ethnologueorm
ASCL9206
IETFom
Léarscáil ceantair a bhfuil an Oraimis á labhairt.

Is teanga Chúiseach a labhraítear san Aetóip í an Oraimis (nó Afaan Oromo sa teanga féin), agus gaol cuiosach dlúth aici leis an tSomáilis. Is í an chéad teanga Chúiseach is mó a labhraítear ar domhan agus í an cheathrú teanga is mó a labhraítear san Afraic í (i ndiaidh na hAraibise, na Svahaílise agus na Hásaise). Go príomha, is iad na hOramaigh a labhraíonn Oramais mar theanga dúchais, agus cónaí orthu in Oromiyaa, réigiún eitneach san Aetóip. Cé go bhfuil níos mó cainteoirí Oromaise ná Amairise san Aetóip, níl stádas oifigiúil aici sa tír taobh amuigh d'Oromiyaa, ach amháin sa phríomhchathair Adas Ababa.[1] Tá leathmhilliún cainteoirí ag an teanga sa Chéinia freisin.

Úsáidtear an Aibitír Laidineach sa teanga ón mbliain 1991 anuas. Beidh an BBC World Service ar fáil in Oraimis go luath.[2]

Canúintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cantanam canúintí í an Oraimis. Is minic nach mbíonn dhá chanúint intuigthe ag cainteoirí a chéile.

De réir an bhunachair shonraí ar líne, Ethnologue, tá ceithre chanúint mhór ag an Oraimis:

  • An Oraimis Theas le timpeall ceithre mhilliún cainteoir
  • An Oraimis Thoir le timpeall 4.5 mhilliún cainteoir
  • Orma le timpeall 66,000 cainteoir
  • An Oraimis Thiar agus Láir le timpeall 25 milliún cainteoir.

Dáileadh tíreolaíoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir dhaonáireamh na bliana 2007, bhí an Oraimis ó dhúchas ag 24,930,424 duine san Aetóip.[3] Taispeánann an tábla seo cá bhfuil cónaí ar chainteoirí na hOraimise.

Ainm an réigiúin Líon na gCainteoirí Céatadán
An Aetóip[3]
Kilil Tigrāy 3,794 0.09%
Qafar 5,552 0.4%
An Amáir 456,601 2.65%
Oromiyaa 23,495,364 87.04%
Deegaanka Soomaalida 22,696 0.51%
Benishangul-Gumuz 138,742 17.69%
Réigiún pobail an deiscirt 207,777 1.39%
Gambela 14,901 4.85%
Harari 104,263 56.86%
Adas Ababa 293,741 10.72%
Dire dawa 163,920 47.95%
An Chéinia[4] 356900 0.92%
An tSomáil[5] 41,600 0.37%

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]