An Svahaílis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Svahaílis
Kiswahili agus كِسْوَحِيلِ

Cineálmacraitheanga, teanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais15,437,390 (2012)
Dúchasach doSwahili people (en) Aistrigh
Stáitan Tansáin, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an Chéinia, Ruanda agus Uganda
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Nígir-Congó
teangacha Atlantach-Congó
teangacha Volta-Congó
teangacha Benue-Congó
teangacha Bantóideacha
teangacha Bantóideacha Deisceartacha
teangacha Bantúcha
teangacha Bantúcha Oirthearacha
teangacha Bantúcha Oirthuaisceartacha
teangacha Bantúcha Oirthuaisceartach an Chósta
teangacha Sabaki
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus Swahili Ajami (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheBaraza la Kiswahili la Taifa (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1sw
ISO 639-2swa
ISO 639-3swa
Glottologswah1254
Linguasphere99-AUS-m
Ethnologueswa
ASCL9211
IETFsw
Na háiteanna ina n-úsáidtear an Svaihílis mar fhrancbhéarla nó mar theanga dhúchais. Tá clúdaithe iomlán na Céinia, na Tansáine, na hÚganda, na Buruinde agus na Ruanda, agus cuid mhór d'oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.
Na háiteanna ina n-úsáidtear an Svaihílis mar fhrancbhéarla nó mar theanga dhúchais

Teanga Bhantúch í an Svahaílis a labhraítear in Oirthear na hAfraice. Is dócha nach bhfuil sí ó dhúchas ach ag cúig mhilliún duine, ach tá glacadh forleathan léi mar fhrancbhéarla, is é sin, mar theanga comhchaidrimh idir daoine a labhraíonn teangacha éagsúla Bantúcha, agus mar sin, is dócha go bhfuil an deich n-oiread eile in ann comhrá líofa a dhéanamh trí mheán na Svahaílise. Tá teanga Bhantúch éigin eile ó dhúchas ag an gcuid is mó de mhuintir Oirthear na hAfraice, rud a chuireann ar a gcumas Svahaílis a fhoghlaim go sciobtha. Scéal eile is ea é go bhfuil an Svahaílis ag dul i bhfairsinge ar fud an réigiúin mar theanga dhúchais freisin, go háirithe i dtimpeallacht na mbealaí tábhachtacha tráchtála.

D'fhorbair an Svahaílis in Oileán Shainsibeár, áit a raibh lárionad tráchtála ag na hArabaigh fadó. Bhí na hArabaigh ag cimiú Afracánaigh i mórthír na hAfraice le hiad a dhíol ar mhargaí na sclábhaithe i Sainsibeár. Nuair a meascadh teangacha Bantúcha na sclábhaithe agus Araibis na dtráchtálaithe trí chéile, is éard a fuarthas ná an Svahaílis. Teanga Bhantúch í go bunúsach, ach tá sí breac le hiasachtaí Araibise. Glactar leis gurb as an Araibis a tháinig focal as gach triúr sa Svahaílis. Fuair an teanga a hainm féin ó na hArabaigh, nó is é is brí leis san Araibis ná "cósta".

Scríobhadh Svahaílis an chéad uair san ochtú haois déag, agus ba iad na litreacha Arabacha a bhí in úsáid san am sin. Ina dhiaidh sin, áfach, shealbhaigh Sasana, an Fhrainc agus an Ghearmáin na réigiúin ina raibh an teanga á labhairt, agus ba í an aibítir Laidineach a cuireadh i bhfeidhm ar an teanga ansin. Fuair an Svahaílis cuid mhaith focail iasachta as na teangacha áirithe seo freisin.

Sa Tansáin agus sa Chéinia is mó a labhraítear an Svahaílis, agus stádas oifigiúil aici sna tíortha sin. Cloistear cuid mhaith Svahaílise in Uganda freisin, agus stádas oifigiúil aici ansin ón mbliain 2005 anuas, cé go bhfuil ceist na teanga náisiúnta ina hábhar conspóide ansin go minic, toisc go bhfuil na Baganda - an dream eitneach a bhfuair an tír a hainm uathu - den bharúil gur chóir stádas na teanga náisiúnta a bhronnadh ar a dteanga féin, an teanga Luganda. Tá an Svahaílis tábhachtach mar fhrancbhéarla i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (is é sin, an tír ar a dtugtaí an tSáír ar feadh i bhfad), agus aitheantas oifigiúil aici ansin mar theanga réigiúnach. Is í an Tansáin an tír is mó a chuireann an Svahaílis chun cinn trí rialúcháin oifigiúla, nó tá an Béarla i bhfad níos láidre sa Chéinia.

Na Briathra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teanga tháite atá sa Svaihílis ó thaobh a briathra: foirmítear na briathra le mír amháin leis an ainm a thaispeáint, mír eile leis an aimsir a thaispeáint, agus mír leis an briathar féin a thaispeáint ina ndiaidh siúd, iad curtha le chéile mar focal amháin. Mar sin, is féidir, mar shampla, an frása 'siúlaim' a aistriú leis na míreanna don chéad phearsa uatha ('ni-'), don aimsir láithreach (-na-), agus an briathar 'siúil' ('-tembea') - mar sin, is é 'ninatembea' an t-aistriúchán ar 'siúlaim' isteach sa tSvaihílis.

Seo hé a leanas páirtliosta de na míreanna seo in éindí le roinnt briathra coitianta:

Pearsa Mír (1ú agus 2ú díochlaonadh)
1ú uatha Ni-
2ú uatha U-
3ú uatha A-
1ú iolra Tu-
2ú iolra M-
3ú iolra Wa-
Aimsir Mír
Caite -li-
Tar éis a dhéanamh -me-
Láithreach -na-
Fáistineach -ta-
Briathar as Gaeilge Briathar as Svaihílis
scríobh -andika
féach -angalia
iompair -beba
gáire a dhéanamh -cheka
éirí tuirseach -choka
críochnaigh -maliza
bolaigh -nusa
dreap, plandaigh -panda
tóg go (háit) -peleka
sos a thógáil -pumzika
folc -oga
feic -ona
léim -ruka
cabhraigh -saidia
taistil -safiri
léigh -soma
síl, ceap -fikiri
gearr -kata
aontaigh -kubali
casacht a dhéanamh -kohoa
labhair -zungumza
caith (éadaí) -vaa
greim a bhaint as (rud) -uma
seol -tuma
buaigh -shinda
siúil -tembea
seas -simama
glaoigh -ita
suigh -kaa

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]