Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Poblacht Dhaonlathach an Chongó | |||||
---|---|---|---|---|---|
République démocratique du Congo (fr) | |||||
|
|||||
Mana | «Justice – Paix – Travail» «Justice – Peace – Work» «Справедливост - мир - труд» «Cyfiawnder - Heddwch - Gwaith» | ||||
Siombail oifigiúil | Okapia johnstoni | ||||
Ainmnithe in ómós | An Congó | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Kinshasa | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 105,789,731 (2023) | ||||
• Dlús | 45.12 hab./km² | ||||
Déamainm | Congólach | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhraincis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Lár na hAfraice | ||||
Achar dromchla | 2,344,858 km² | ||||
• Uisce | 3.3 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Pointe is airde | Mount Stanley (en) (5,109 m) | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | An tSáír | ||||
Cruthú | 30 Meitheamh 1960: Poblacht an Chongó (Léopoldville) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Phoblacht Dhaonlathach an Chongó | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint Phoblacht Dhaonlathach an Chongó | ||||
• Uachtarán Phoblacht Dhaonlathach an Chongó | Joseph Kabila (en) (2001–2019) | ||||
• Príomh-Aire Phoblacht Dhaonlathach an Chongó | Ilunga Ilunkamba Sylvestre (2019–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 55,350,968,593 $ (2021) | ||||
Airgeadra | franc an Chongó | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | UTC+01:00 (a Équateur (en) , Bandundu Province (en) , Kinshasa, Kongo Central (en) ) UTC+02:00 (a Maniema (en) , South Kivu (en) , North Kivu (en) , Katanga Province (en) , Kasaï-Oriental (en) , Kasaï-Occidental (en) , Orientale Province (en) ) | ||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .cd | ||||
Glaochód | +243 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 113, 114 agus 118 | ||||
Cód tíre | CD |
Is í Poblacht Dhaonlathach an Chongó ceann de na tíortha is mó san Afraic (tugadh 'Zaire' uirthi faoi réimeas Mobutu, 1965–1997).[1]
Ritheann abhainn an Chongó tríd an tír.
Is í Kinshasa príomhchathair na tíre.
Iarchoilíneacht de chuid na Beilge is ea Daon-Phoblacht an Chongó (Kinshasa) agus iarchoilíneacht de chuid na Fraince is ea Poblacht an Chongó (Brazzaville).
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Coilíneacht de chuid na Beilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí spéis mhór ag comhlachtaí na Beilge i mianraí an Chongó le fada an lá. Bhíodh an tír i seilbh Léopold II, rí na Beilge ar feadh na mblianta 1887 - 1908.[3][4]
Ar an 2 Feabhra 1904, foilsíodh tuairisc Ruairí Mhic Easmainn um ainghníomhartha na mBeilgeach sa Chongó.
Sa bhliain 1909, foilsíodh tuairisc eile le Arthur Conan Doyle.
Neamhspléachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1960, d'éirigh an Bheilg as an gCongó. Thar thír ar bith eile san Eoraip, is féidir a rá gur beag an iarracht a bhí déanta ag Rialtas na Beilge pobal na tíre a chur i riocht an tír a rialú[5]. Ba thubaisteach agus b'fhuilteach an toradh a bhí ar an teitheadh seo ag an mBeilg as an gcoilíneacht.
Deich lá tar éis don Chongó neamhspleáchas a bhaint amach, bhí an cúige ba shaibhre, Katanga, ag fógairt gur stát neamhspleách é faoi cheannas Mhoise Tshombe. D'iarr Rialtas an Chongó faoi Phatrice Lumumba cabhair ar na Náisiúin Aontaithe chun an tír a choimeád ina aonad.
Cuireadh údaráis agus saighdiúirí de chuid na Náisiún Aontaithe go dtí an Congó[6] - saighdiúirí de chuid na hÉireann orthu ar maraíodh cuid acu ag Niemba.
Nuair a chuir na Náisiúin Aontaithe chun oibre sa Chongó, tháinig an Bhreatain, an Fhrainc agus an Bheilg ar chomhthuiscint faoi choinníoll a leag Stáit Aontaithe Mheiriceá síos - nach mbeadh aon troid ann idir fórsaí na Náisiúin Aontaithe agus arm na Beilge a bhí ag cabhrú le Tshombe agus nach mbeadh brabach ag na Cumannaithe as imeacht na mBeilgeach. Dar leis na trí rialtas, b'ionann sin agus 'ná cuirtear isteach ar Tshombe'. Nuair a dúirt Lumumba nach raibh sé sásta, agus go n-iarrfadh sé ar an Rúis teacht i gcabhair ar Rialtas an Chongó, bhí deireadh le réim Lumumba.
Faoin uair a bhí Katanga sásta géilleadh gur chuid den Chongó é, mar sin, ní raibh aon dream náisiúnta polaitiúil fágtha sa Chongó: bhí buíonta polaitiúla treibheacha ann, agus an ceann ba mhó, faoin gceannaire ba mhó tacaíocht i Londain, i bPáras, sa Bhruiséil agus in Washington, D.C., Moishe Tshombe. Sin mar a chuaigh sé i réim in áil Lumumba.
Le linn an chogaidh, maraíodh Lumumba agus nuair a bhí deireadh leis an troid bhí Tshombe ina Phríomh-Aire ar an gCongó.
Réabhlóid Simba, 1963-1965
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí trioblóidí eile sa Chongó san seascaidí (agus níos déanaí). Ach trí chomhoibriú idir an tUachtarán Kasavubu, Tshombe, an Bheilg, agus S.A.M., cuireadh an réabhlóid "Simba" (1963-1965) faoi chois.
Cuireadh Antoine Gizenga i bpríosún ar feadh tamall. Fuair sé tacaíocht ó Eagraíocht um Aontas na hAfraice[7], a bhí ag iarraidh deireadh a chur le tionchar lucht tionscail agus airgid na Beilge sa Chongó. Ach sa bhliain 1965, rug Sese Seko Mobutu greim ar rialú na tíre nuair a chuir sé Kasavubu agus Tshombe as oifig i gcoup d'état.
Zaire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Zaire nó an tSáír a thugtaí ar an tír i réimse an cheannaire Mobuto Sese Seko (1965–1997).[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Zaire" (as en) (2021-07-26). Wikipedia.
- ↑ "The Crime of the Congo" (as en) (2021-03-24). Wikipedia.
- ↑ John-Paul McCarthy. "Focail Fhiáine" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-08.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt. "Léiriú a thuill bualadh bos gan choinne sa phictiúrlann…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-08.
- ↑ Ó Cléirigh, Padraic - Léargas ar Stair na Linne 2 (An Gúm)
- ↑ military.ie (2017-11-19). "Dún Uí Choileáin Músaem | Músaeim Óglaigh na hÉireann | Ionad Eolais | Home". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-19. Dáta rochtana: 2021-07-27.
- ↑ "Why did the OAU fail to bring about a solution in the Congo Crisis? – IRM" (en-US). Dáta rochtana: 2020-05-25.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |