Arthur Conan Doyle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Arthur Conan Doyle
Conan doyle.jpg
Saol
Ainm iomlánArthur Ignatius Conan Doyle
Eolas breitheDùn Èideann, 22 Bealtaine 1859, 1859
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
An Ríocht Aontaithe
Teanga dhúchaisan Béarla
BásWindlesham Manor (en) Aistrigh agus Crowborough, 7 Iúil 1930, 1930
Áit adhlacthaChurch of All Saints cemetery (en) Aistrigh
Windlesham Manor (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (stad cairdiach)
Muintir
AthairCharles Altamont Doyle
MáthairMary Foley
Céile/CéilíLouisa Hawkins (en) Aistrigh  (Lúnasa 6, 1885 -  Iúil 4, 1906)
Jean Elizabeth Leckie (en) Aistrigh  (Meán Fómhair 18, 1907 -  Iúil 7, 1930)
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materStonyhurst Saint Mary's Hall (en) Aistrigh
(1868 - 1870)
Stonyhurst College (en) Aistrigh
(1870 - 1875)
Stella Matutina (en) Aistrigh
(1875 - 1876)
University of Edinburgh Medical School (en) Aistrigh
(1876 - 1881)
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmdochtúir leighis, physician writer (en) Aistrigh, úrscéalaí, scríbhneoir aistí, drámadóir, scríbhneoir scripte scannáin, scríbhneoir ficsean eolaíochta, scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir coirscéalta, scríbhneoir, gearrscéalaí agus staraí
Conair
  Foireann Comórtas
- Edinburgh University RFC (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachcanon of Sherlock Holmes (en) Aistrigh
The Lost World
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthiRobert Louis Stevenson
Gluaiseacht ealaíneficsean coiriúlachta
ficsean eolaíochta
Úrscéal stairiúil
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceach neamhchleachtach
spiritism (en) Aistrigh
Páirtithe polaitíochtaLiberal Unionist Party (en) Aistrigh
IMDbnm0236279
conandoyleestate.com agus sirconandoyle.com
Discogs ID610823
Arthur Conan Doyle Signature.svg

Scríbhneoir agus dochtúir Albanach de phór na hÉireann a bhí in Arthur Ignatius Conan Doyle (Artúr Iognáid Conán Ó Dúill an leagan Gaeilge, ach ní úsáidtear go coitianta é). Saolaíodh Conan Doyle i nDún Éideann ar an 22 Bealtaine 1859, agus fuair sé bás i gCrowborough in Oirthear Sussex, Sasana, ar an 7 Iúil 1930.

Ba iad a chuid scéalta faoi Sherlock Holmes, an bleachtaire réasúnach, a thabhaigh clú dó ar fud an domhain, agus cuireadh teangacha móra an domhain ar na scéalta seo (an Ghaeilge san áireamh). Chuir Sherlock Holmes cuma nua ar an seánra go léir. Ba scríbhneoir bisiúil é Doyle, áfach, agus bhreac sé síos a lán scéalta eile, cosúil leis na cinn faoin Ollamh Challenger. Ba scéalta ficsin eolaíochta iad go bunúsach, agus is féidir gurbh é Challenger a chuir bun le clísé an "ollaimh ar mire" sa litríocht éadrom.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Arthur Conan Doyle ar an 22 Bealtaine 1859 i 11 Plás Picardy, Dún Éideann, Albain. Sasanach de bhunadh Éireannach ab ea a athair, Charles Altamont Doyle, agus Éireannach ab ea a mháthair, Mary née Foley. Phós siad sa bhliain 1855, ach thit an teaghlach as a chéile sa bhliain 1864 chomh tugtha is a bhí an t-athair don bhiotáille. Fuarthas lóistín sealadach do na páistí ar fud na cathrach. Sa bhliain 1867 tháinig an teaghlach le chéile arís agus shocraigh siad síos i dtionóntán suarach ag 3 Plás Sciennes.

Tugtar "Conan Doyle" ar mo dhuine inniu, mar a bheadh sloinne dúbailte ann, ach níltear cinnte cén fáth. Cuireadh a bhaiste i rollaí Ardeaglais Mhuire i nDún Éideann, agus ansin cláraíodh "Arthur Ignatius Conan" mar ainmneacha baiste gan de shloinne ar an leanbh ach "Doyle". Ainmníonn na rollaí Michael Conan mar chara Críost.

"The Crime of the Congo" le Arthur Conan Doyle, 1909[1]

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc shaothair Arthur Conan Doyle tá:

Sa bhliain 1909, foilsíodh tuairisc eile le Arthur Conan Doyle. um ainghníomhartha na mBeilgeach sa Chongó.[1]




Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "The Crime of the Congo" (as en) (2021-03-24). Wikipedia.