Sacar
![]() | |
Cineál | sport industry (en) ![]() |
---|---|
Údarás spóirt | FIFA ![]() |
Eapainm | cos agus kick (en) ![]() |
Tír dhúchais | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Líon íosta imreoirí | 7 |
Líon uasta imreoirí | 22 |
Cluiche peile nach bhfuil cead ach ag an gcúl báire an pheil féin a láimhseáil ann is ea sacar (soccer nó Association Football i mBéarla).[1] Tá aon imreoir déag ar aon fhoireann amháin, agus duine acu, an cúl báire, ina sheasamh sa chúl. Is é an cúl báire an t-aon imreoir amháin a bhfuil cead aige lámh a chur ar an liathróid. Baineann an fhoireann a bhfuil an scór is airde aici.
Creidtear gurb é an sacar an spórt is coitianta ar fud an domhain. Deir Comhaontas Idirnáisiúnta an tSacair (FIFA) go bhfuil dhá chéad milliún duine ag imirt sacair.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is seanspórt é an sacar (nó an pheil sa chiall is fairsinge), ach ba iad na Sasanaigh a chuir tús leis an gcluiche nua-aimseartha. Bhí cineálacha éagsúla peile á n-imirt ar fud na tíre, ach theastaigh ó na himreoirí comhrialacha a leagan amach a cheadódh dóibh cluichí a chóiriú eatarthu.
Bailíodh le chéile na rialacha éagsúla a bhí le fáil sna scoileanna sa tír, agus cruthaíodh comhrialacha nua. Tháinig ionadaithe ó na scoileanna poiblí úd Eton, Harrow, Rugby, agus Winchester le chéile i gColáiste na Tríonóide, Cambridge sa bhliain 1848 leis na rialacha a shocrú, ach ní dheachaigh siad in úsáid mórán taobh amuigh de na scoileanna seo.
Sna 1850idí, tháinig a lán clubanna agus cumann ar an bhfód ar fud thíortha an Bhéarla le peil de chineál éigin a imirt, ach níor ghlac mórán acu le rialacha Cambridge. Bhí cumainn thábhachtacha ann a raibh rialacha dá gcuid féin acu, go háirithe club peile Sheffield. Bhunaigh daltaí na scoile poiblí sa bhliain 1857 é, ach ba síol é do chumann sacair Sheffield agus Hallamshire a bunaíodh deich mbliana ina dhiaidh sin. Chloígh an cumann seo le rialacha Sheffield go dtí an bhliain 1878.
Sa bhliain 1862, d'eisigh John Charles Thring ó Scoil Uppingham a rialacha féin, agus chloígh a lán clubanna leis na rialacha seo, freisin.

Bunaíodh Cumann Sacair Shasana (an Football Association) ar 26 Deireadh Fómhair 1863 sa Freemasons’ Tavern i Londain,[2] agus é ag stiúradh an cluiche fós i Sasana. Ní gan dua a tháinig na rialacha nua (faoi stiúir Ebenezer Cobb Morley) agus an eagraíocht i bhfeidhm. Imríodh an chéad chluiche Barnes v Richmond ar 19 Nollaig 1863.[3]
Ar an 16 Márta 1872 d'imir Wanderers agus Royal Engineers i gcoinne a chéile sa chéad chluiche ceannais do Chorn an FA.
Bunaíodh FIFA i bPáras ar an 21 Bealtaine 1904, agus b'é an Francach Robert Guérin an chéad Uachtarán. Nuair a bunaíodh FIFA, d'aontaigh siad na rialacha Sasanach a úsáid as seo amach.
Reáchtáladh an chéad Corn Sacair an Domhain sa bhliain 1930 in Uragua. Is é seo an comórtas is mó ar dhomhan.
FIFA
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é FIFA (Fédération Internationale de Football Association) comhaltas cheannas an sacair. Is é Corn Sacair an Domhain an comórtas is tábhachtach ná agus imrítear é gach ceithre bliana.
UEFA
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reachtálann Cumann Peile na hAontas Eorpa (nó UEFA) comórtas bliantúil do na clubanna is rathúla san Eoraip agus lucht féachana domhanda thart ar aon bhilliún duine. Bunaíodh an comórtas sa séasúr 1955/56 mar chomórtas do bhuaiteoirí Sraitheanna Peile na hEorpa faoin teideal Corn na hEorpa. Sa bhliain 1992/93, athainmníodh an comórtas go Sraith Peile na hEorpa agus glacann na foirne is fearr san Eoraip páirt ann gach bliain.

Rialacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá aon imreoir déag ar an bhfoireann peile. Tá cúl báire amháin ann. De ghnáth bíonn ceathrar cosantóirí, ceathrar imreoir lár páirce, agus beirt tosaithe. Tá seacht n-ionadach ar an binse na n-ionadaithe i ngach cluiche. Is féidir le gach foireann trí ionadach a ainmniú i ngach cluiche.
Tá réiteoir agus maor líne i ngach cluiche. Maireann cluichí peile nócha nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead a cúig nóiméad agus faigheann na himreoirí sos cúig nóiméad déag. De ghnáth bíonn an pháirc peile céad fiche slat ar fad agus tá sé seachtó cúig slat ar leithead.[4]
Scóráil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é aidhm an chluiche cúil a scóráil. Chun cúl a scóráil caithfidh an liathróid a bheith os cionn na líne. Chun an cluiche a bhuachan caithfidh an fhoireann níos mó cúil a scóráil ná an fhoireann eile.[4] De bharr seo faigheann siad trí phointe. Má thagann deireadh leis an gcluiche agus scóráil an dá fhoireann an líon céanna cúil, faigheann an dá fhoireann pointe amháin.[5] Mura bhfuil aon cúil scóráilte sa chluiche ní fhaigheann siad aon phointí.[5]
Rialacha peile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cic pionóis - Tugtar pionós nuair a tharlaíonn imirt fhealltach nó liathróid láimhe taobh istigh den bhosca.
- Cic cúinne - Tarlaíonn sé seo nuair a thosaíonn an fhoireann atá ag cosaintan liathróid thar an líne chúil. Faigheann an fhoireann eile seans scór ó chiceáil na liathróide ó choirnéal na páirce.
- Cic amach - Thosaíonn an cúl báire an liathróid ó líontán an chúl báire.
- Caitheamh isteach - Nuair a thosaíonn foireann an liathróid thar teorainn, faigheann an fhoireann eile an liathróid a chaitheamh isteach.[6]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- fifa.com - Federation Internationale Football Association(FIFA)
- uefa.com - Union of Europe Football Association(UEFA)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cumann Sacair Shasana, FIFA agus UEFA
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Foclóir Beag: sacar" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-10-26.
- ↑ "26 October 1863: the Football Association is founded" (en). MoneyWeek. Dáta rochtana: 2022-10-26.
- ↑ "The formation of the Football Association" (en-US). FutureLearn. Dáta rochtana: 2022-10-26.
- ↑ 4.0 4.1 "Football Rules: How To Play Football/Soccer | Rules of Sport". www.rulesofsport.com. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ 5.0 5.1 Ben. "A Goal in Soccer: What It Is, the Rules, and It’s Worth" (en-us). Your Soccer Home. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ "Soccer: Rules and Regulations". www.ducksters.com. Dáta rochtana: 2021-03-23.