Rothaíocht
Cineál | oibriúchán feithicle, modh iompair, gluaisne, marcaíocht, gníomhaíocht coirp, caitheamh aimsire agus spórt |
---|
Is modh iompair inacmhainne, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol é rothaíocht.[1] Is spórt Oilimpeach é chomh maith. Agus dúirt an scríbhneoir Ernest Hemingway, ‘tríd an rothaíocht is fearr a fhoghlaimítear cruth tíre’.[2]
Rothaíocht in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sos cánach ar fáil d'fhostaithe in Éirinn a cheannaíonn rothair agus trealamh. Cuireann an Scéim um Rothaíocht chun na hOibre ar a c(h)umas ag fostóir rothar nua agus trealamh sábháilteachta rothair a cheannach d'fhostaithe suas go dtí €1,500. Is féidir le fostaithe an costas ceannaigh a aisíoc chuig a bhfostóir óna n-ollchaiteachas.
Na dlíthe maidir le rothaíocht in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní mór do gach rothar ar bhóithre poiblí cloí leis na Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí), 1963 arna leasú. Leagtar síos sa dlí seo an cineál frithchaiteoirí agus soilse a chaithfidh a bheith ar gach rothar.[3]
Sna hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961-2018 leagtar amach na príomhfhorálacha maidir le gluaisteánaíocht agus reáchtáil do rothair. Tá reachtaíocht thánaisteach ann freisin lena n-áirítear an na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre agus na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil) 1997-2019, lena rialaítear iompar tiománaithe agus rothaithe. Níl aon oibleagáid dhlíthiúil ort clogad nó éadaí sofheicthe a chaitheamh agus duine ag rothaíocht in Éirinn ach molann Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann do rothaithe an dá cheann a chaitheamh ar mhaithe le sábháilteacht.[3] Is féidir le rothaithe rothaíocht taobh le taobh. Ach faoi Airteagal 47 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil) 1997 (arna ionadú ag Rialacháin 2012), ní féidir le níos mó ná beirt bheith ag rothaíocht taobh le taobh, ach amháin nuair a bhíonn siad ag scoitheadh agus nach gcuireann sé trácht eile i mbaol nó nach gcuireann sé bac air. Is féidir le rothaí feithicil a scoitheadh ar thaobh na láimhe clé (nó taobh istigh den sreabhadh tráchta) má tá na feithiclí ar dheis ina stad nó ag gluaiseacht níos moille ná an rothaí. Mar rothaí, áfach, ní féidir le rothaí scoitheadh ar an taobh istigh má tá an fheithicil a bhfuil sé beartaithe ag an rothaí scoitheadh:
- Ag tabhairt comhartha go bhfuil sé chun casadh ar chlé agus go mbogfaidh sé ar chlé sula scoithfidh an rothaí é
- Ina stad chun ligean do phaisinéir tuirlingt nó dul ar bord na feithicle
- Ina stad chun críocha luchtaithe nó díluchtaithe
Is cion ar leith é rothaithe a scoitheadh go contúirteach. Moltar do thiománaithe 1.5 méadar a fhágáil idir iad féin agus rothar in áiteanna a bhfuil teorainneacha luais os cionn 50km/u. I gceantair le teorainneacha luais níos ísle, ba chóir go gceadódh tiománaithe méadar amháin agus iad ag scoitheadh.
Tá an rialachán maidir le lánaí rothar san áireamh in Airteagal 14 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil) (Leasú), 1997, arna leasú. Níl cead dul ag rothaíocht ar chosán ach amháin má tá lána rothar ainmnithe ar an gcosán nó ag dul isteach nó ag imeacht as maoin. Ní cion muirear seasta ar leith é rothaíocht ar chosán áfach. D’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ar rothaí, áfach, as é sin a dhéanamh má mheasann garda go raibh an rothaíocht gan ‘breithniú réasúnta'. Mar an gcéanna, ní féidir dul ag rothaíocht i limistéar coisithe ag na hamanna sainithe mura bhfuil lána rothar ann.[3]
Sábháilteacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leagann an tÚdarás Um Shábháilteacht Bóithre an chuid is mó den bhéim ar an bhfreagracht a chur ar rothaithe dá sábháilteacht féin ar na bóithre. Ach más ag iarraidh líon na mbásanna a laghdú atá muid, is cóir an phríomhbhéim a leagan ar bhóithre a athdhearadh, béim a leagan ar shábháilteacht rothaithe agus coisithe, agus oideachas a chur ar thiománaithe a bheith san airdeall i gcónaí ar shábháilteacht rothaithe..[4][5][6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Citizensinformation.ie. "Rothaíocht in Éirinn" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-04-23.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (19 Aibreán 2024). "Tá turas 1,000 míle romham ar mo rothar – tá mé ag súil go mór leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-23.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Citizensinformation.ie. "Na dlíthe maidir le rothaíocht in Éirinn" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-04-23.
- ↑ "Home: Safe Cycling Ireland - Irelands Safe Cycling Campaign" (en-US). Safe Cycling Ireland. Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ Fachtna Ó Drisceoil (30 Aibreán 2024). "Is beag nár maraíodh mé ceithre huaire nuair a leag tiománaithe de mo rothar mé" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ "Bikes and vehicle blind spots" (en-US). Bicycle Network (2017-10-04). Dáta rochtana: 2024-05-01.