Jump to content

Spórt Oilimpeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is spórt Oilimpeach ann ná spórt a imrítear, nó a imríodh san am atá thart, ag na Cluichí Oilimpeacha. Roinntear iad ina dhá chatagóir: spóirt samhraidh, a imrítear ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh, agus spóirt gheimhridh, a imrítear ag Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh.

Rangú na spórt de réir an IOC

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sainmhíniú dá chuid féin ag Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha (IOC) ar "spórt". Tugann an IOC spórt ar bhailiúchán disciplíní a thagann faoi aon chónaidhm idirnáisiúnta amháin, fiú nuair a thabharfaí spórt ar na disciplíní sin sa ghnáthchaint. Mar shampla, is spórt amháin é spórt na gcarr sleamhnán, a thagann faoin IBSF (International Bobsleigh and Skeleton Federation), ina bhfuil dhá dhisciplín, an bobsleamhnánú agus an bolgsleamhnánú. Is spórt ann féin an lúis a bhfuil a chónaidhm féin aige, an FIL (Fédération Internationale de Luge de course). Is é an lúis an t-aon disciplín amháin sa spórt sin.

Sna táblaí thíos taispeántar na spóirt reatha reatha de réir an IOC, agus idir lúibíní tugtar an bhliain ar imríodh an spórt den chéad uair ag na Cluichi Oilimpeacha.

Spóirt samhraidh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
SpórtCónaidhm
! Disciplíní
BadmantanBFBadmantan (1992)
BoghdóireachtWABoghdóireacht (1900)
Canúáil/CadhcáilICFUisce gan chorraí (1936) agus slalóm (1972)
ClárscátáilFIRSClárscátáil (2020)
CispheilFIBACispheil (1936)
CoraíochtUWWGréagach-Rómhánach (1896) agus saorstíl (1904)
DornálaíochtAIBADornálaíocht (1904)
DreapadóireachtIFSCDreapadóireacht (2020)
EachaíochtFEIDressage (1912), eachléim (1900), seómharcaíocht (1912)
EitpheilFIVBEitpheil (1964) agus eitpheil trá (1996)
GalfIGFGalf (1900)
GleacaíochtFIGEalaíonta (1896), rithimeach (1984) agus trampailíneacht (2000)
HacaFIHHaca (1908)
JúdoIJFJúdo (1964)
KarateWKFKarate (2020)
LámhachISSFLámhach (1896)
LeadógITFLeadóg (1896)
Leadóg boirdITTFLeadóg boird (1988)
Liathróid láimheIHFLiathróid láimhe (1936)
LúthchleasaíochtIAAFLúthchleasaíocht (1896)
NuapheantatlanUIPMNuapheantatlan (1912)
PionsóireachtFIEPionsóireacht (1896)
RámhaíochtFISARámhaíocht (1896)
RothaíochtUCIBMX (2008), Ar raon (1896), Ar an mbóthar (1896) agus Easbhóthair (1996)
DaorchluicheWBSCDaorchluiche (1992)
RugbaíWRRugbaí (1900)
SacarFIFASacar (1900)
SeoltóireachtISAFSeoltóireacht (1900)
SnámhFINAPóló uisce (1900), Snámh (1896), Snámh sioncronaithe (1984) agus Tumadóireacht (1904)
SoftballWBSCSoftball (1996)
SurfáilISASurfáil (2020)
TaekwondoWTTaekwondo (2000)
Tógáil meáchanIWFTógáil meáchan (1896)
Trí-atlanITUTrí-atlan (2000)

Spóirt gheimhridh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
SpórtCónaidhm
! Disciplíní
CurláilWCFCurláil (1998)
Dé-atlanIBUDé-atlan (1960)
Haca oighirIIHFHaca Oighir (1920)
LúisFILLúis (1964)
ScátáilISULuas-scátáil (1924), Raon gearr (1992) agus Scátáil ealaíonta (1908)
SciáilFISClársciáil (1988), Comhchomórtas Nordach (1924), Sciáil Alpach (1936), Sciáil saorstíle (1992), Sciáil trastíre (1924) agus Scí-léimneach (1924)
Spórt na gcarr sleamhnánISBFBobsleamhnánú (1924) agus Bolgsleamhnánú (1928)

Spóirt Oilimpeacha san am a chuaigh thart

[cuir in eagar | athraigh foinse]