Seoltóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportSeoltóireacht
Cineálmarine propulsion (en) Aistrigh, recreational sport (en) Aistrigh agus vehicle operation (en) Aistrigh
Báíd ag seoladh

Tugtar seoltóireacht ar láimhseáil báid seoil, rud a bhfuil a lán scileanna ag teastáil chuige, mar atá cóiriú agus socrú na seolta agus an rigín, eolas ar thréithe an uisce agus na gaoithe, agus eolas ar an aimsir. Tá ré na mbád seolta oibre imithe sa chuid is mó den domhan, agus tháinig ina háit ré na seoltóireachta mar chaitheamh aimsire - seoltóireacht aonair agus seoltóireacht foirne. Tá feabhas ar leith tagtha ar luaimh rásaíochta an lae inniu, soithigh chostasacha a bhfuil luas ar leith fúthu.

In Éirinn tá cuid de na báid seoil thraidisiúnta á gcaomhnú, ar húicéirí na Gaillimhe agus geoltaí Acla, agus iad ina mbáid oibre anuas go dtí an dara leath den chéad seo caite.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Jeannie Johnston, 2005

Tá báid seoil ann leis an mílte bliain i ngach cuid den domhan a raibh teacht ag daoine ar locha móra nó ar an bhfarraige. Bhí siad le fáil san Áise, sa Mheánoirthear, san Afraic agus ar chóstaí na hEorpa. Bhí éagsúlacht ag baint leis na réigiúin úd, leis na deacrachtaí a bhí le sárú ag lucht seoltóireachta agus leis na saghsanna réitigh a rinneadh ar na deacrachtaí sin. Ba mhór idir long fada na Lochlannach agus siunca na Síne, ach bhí éifeacht leo araon ar shlite difriúla.

Oilteacht na Seoltóireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Pointí an tSeoil
  • Clog na Gaoithe agus téarmaí faoi threo na gaoithe
  • Codanna an Bháid

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]