Húicéirí na Gaillimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féile Mhic Dara 2005

Ó thús ama ba ghnáthach le daoine bealaí a fháil chun iad féin a choinneál ar snámh. Leis an méid sin óileán timpeall ar chósta na hÉireann bhí daoine i gcónaí ag brath ar bháid. Téann ceird an tsaoir báid siar go dtí aimsir na nGréagach agus na Rómánach. Tá sé ráite go ndeachaigh Colmcille go hAlbain i gcurach thart ar 521-597 A.D. Tá an Húicéir dén déanamh céanna leis an mbád sleamhain (“carvel”) a bhíodh á úsáid sa Mheánmhuir; bhain an bád clinse ("clinker") le tuaisceart na hEorpa. Tá sé scríofa ag John de Courcey Ireland (1986) go bhfuil tagairt don Húicéir ar chóstaí an iarthair agus an deiscirt ag deireadh an seachtú haois déag. I rith réim na banríona Eilís bhí achtanna ann i gcoinne long na hÉireann. Níor tugadh mórán aird ar na soithigh bheaga a bhí le fail ar fud cósta an iarthair mar cheap na hudaráis nach raibh aon chontúirt ag baint leo. Ansin ó 1790 i leith tháinig méadú ar an Húicéir mar atá sí inniú. I 1776 bhí siad idir 4-6 tonna ach ó 1790 d’fhéadfadh siad a bheith idir 8-10 tonna nó fiú suas le 12-15 tonna.

Húicéirí na Gaillimhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh a lán cineál Húicéirí ann, mar Húicéir na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chionn tSáile, Chathair na Mart, agus Boston. Bhíodh na tréithe céanna acu, cé go bhfuil difríochtaí suantasacha eatarthu freisin. Tá sé an-deacair a chreidiúint anois gurbh í Húicéir Na Gaillimhe an t-aon cheann atá le feiceáil san aois seo. Ceann de na fáthanna go bhfuil sé mar sin ná gur mhair ceird an tsaoir báid san iarthar. I gclann an Húicéara tá an “Ghleoiteog”, an “Púcán” agus an “Bád Mór.

Obair na mBád[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh na báid seo ag obair I dtús an naoú haois déag mar ní bhíodh aon rud ar siúl ar bhóithre idir Gaillimh agus Connamara, mar sin bhíodh na daoine ar chósta iarthair na hÉireann ag braith orthu. Bhíodh said ag iompair feamainn isteach go Gaillimh agus móin go Co. An Chláir chomh maith le earraí eile a mbíodh á thabhairt amach ó Ghaillimh. Bhíodh úinéirí na soithigh seo tógtha suas le cúrsaí farraige ach thagadh spailipíní le obair ar an talamh. Bhíodh an bhlian roinnte acu ina chúig nó sé seisiúr ag braith ar chéard a bhíodh ar siúl. Tógadh na Húicéirí deirneach sna naoi déag fichéidí. Ansin bhíodh na saortha bád ag tógáil bád iascaireachta agus currachaí. Lean an ceird ar aghaidh go deireadh naoi déag seachtú.

Na Saortha Bád[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceird an tabhachtach a bhí ag an saortha bád le fada an lá. Thóg sé seacht mbliana ag obair le máistir sa cheird sin sula mbeadh tú cáilithe. Bhí freagracht an mhór ort, soitheach a dhéanamh a bheadh sábháilte agus láidir. Bhí na saortha bád go maith as ag an am sin, ar aon dul leis an ghabha, an siúinéir nó an táilliúr. Tá seanfhocal ann a deireann “ceapann mná gan chiall go bhfuil óir ag saortha bád”. Tá ceirdeanna eile ag taisteáil freisin, an ghabha, na daoine a dhéanann na rópaí agus na seolta.

The Galway Hooker Association[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh athbheothain na Húicéirí I 1978 nuair a tháinig grúpa le chéile a raibh suim acu sna Húicéirí agus an seoltóireacht agus bhunaigh said “The Galway Hooker Association”. Is iad na haidhmeanna atá acu ná sean Húicéirí a ath chóiriú agus a dheisiú, chomh maith le cinn nua a thógáil. Treoireacha a leagan amach chun na báid a thógáil sa stíl dúchasach. Geallta agus rásaí a eagrú. Gradaim agus duaiseanna a chuir ar fáil do dhaoine a thugann seirbhís don eagras Nuachtlitir a fhoilsiú. http://www.galwayhookerassociation.ie

Conclúid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Húicéirí

Ceann de na radharcanna is deise atá le feiceáil sa lá atá inniú ann ná na soithigh álainn, maorga seo na Húicéirí-Púcáin, Gleoiteóigí, agus na báid mhóra ag treabhadh na tonnta lena seolta cróchta. Tá ár mbuíochas ag dul do na saortha bád a choinnigh an cheird beo, agus a thug oidhreacht an thabhachtach don ghlúin atá ann inniú. Ní amháin go bhfuil na báid seo le feiceál ar chósta iarthair na tire ach tá said ag seoladh go bródúil go dtí an Eoraip agus fiú amháin go Meiriceá Thuaidh. Tá seans ag an domhain mhór na báid seo ón sean saol a fhéiceál.