Cluichí Oilimpeacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na cúig fháinne Oilimpeacha

Is eachtra spóirt idirnáisiúnta iad na Cluichí Oilimpeacha a bhíonn ar siúl gach ceithre bliana. Imrítear go leor spórt éagsúla sna cluichí, agus tá cluichí ar leith ann do spóirt an tSamhraidh agus spóirt an Gheimhridh. Bunaíodh na Cluichí Oilimpeacha in Oilimpia na Sean-Ghréige, agus athbhunaíodh iad arís sa Fhrainc ag deireadh an 19ú haois.

Sa inniu, is é Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha a eagraíonn na cluichí nua-aimseartha.

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Peil i bPáras sa bhliain 1900

Ba faoi ainm na Breataine a rinne Éireannaigh iomaíocht ag Cluichí Oilimpeacha na hAithne sa bhliain 1896, i bPáras i 1900 agus in St. Louis i 1904.[1]

John J. Daly, buaiteoir in St. Louis sa bhliain 1904

Faoin am a dtáinig 1908 bhí roinnt de lúthchleasaithe na hÉireann ag éileamh go bhfaigheadh siad cead iomaíochta ar son a dtíre féin. Diúltaíodh dóibh, ach nuair a bhuail faitíos an lucht eagair go ndéanfadh na hÉireannaigh baghcat ar an ócáid, thoiligh siad ‘Great Britain and Ireland’ a thabhairt ar an bhfoireann. Ceadaíodh foireann haca agus foireann póló de chuid na tíre seo sa gcomórtas freisin mar chuid den réiteach.

Cé nár shásaigh sin chuile dhuine bhí roinnt áithrid Éireannach a bhí sásta dul san iomaíocht agus faoin am a raibh na Cluichí thart bhí 23 bonn Oilimpeach buaite ag lúthchleasaithe a saolaíodh sa tír seo.

Na cluichí nua-aimseartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa tábla seo tá sonraí na gcluichí ó 1896 (nuair a athbhunaíodh na cluichí) go dtí na cluichí is déanaí, chomh maith leis na cluichí atá deimhnithe as seo amach. Cealaíodh na cluichí i 1916, 1940 agus 1944 mar gheall ar na cogaí domhanda a bhí ar siúl.

Bliain Cluichí an Oilimpiaid (Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh) Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh
Cluichí Óstchathair Tír Cluichí Óstchathair Tír
1896 I An Aithin (1) An Ghréig (1)
1900 II Páras (1) An Fhrainc (1)
1904 III St. Louis (1) S.A.M. (1)
1906 Idirsháite An Aithin An Ghréig
1908 IV Londain (1) An Ríocht Aontaithe (1)
1912 V Stócólm (1) An tSualainn (1)
1916 VI Beirlín (cealaithe, CCD) An Ghearmáin (cealaithe)
1920 VII Antwerpen (1) An Bheilg (1)
1924 VIII Páras (2) An Fhrainc (2) I Chamonix (1) An Fhrainc (1)
1928 IX Amstardam (1) An Ísiltír (1) II St Moritz (1) An Eilvéis (1)
1932 X Los Angeles (1) S.A.M. (2) III Lake Placid, Nua-Eabhrac (1) S.A.M. (1)
1936 XI Beirlín (1) An Ghearmáin (1) IV Garmisch-Partenkirchen (1) An Ghearmáin (1)
1940 XII Heilsincí (cealaithe, DCD) An Fhionlainn (cealaithe) (V) Garmisch-Partenkirchen (cealaithe) An Ghearmáin (cealaithe)
1944 XIII Londain (cealaithe, DCD) An Ríocht Aontaithe (cealaithe) (V) Cortina d'Ampezzo (cealaithe) An Iodáil (cealaithe)
1948 XIV Londain (2) An Ríocht Aontaithe (2) V St Moritz (2) An Eilvéis (2)
1952 XV Heilsincí (1) An Fhionlainn (1) VI Osló (1) An Iorua (1)
1956 XVI Melbourne (1) + Stócólm (2)(1) An Astráil (1) + An tSualainn (2) VII Cortina d'Ampezzo (1) An Iodáil (1)
1960 XVII An Róimh (1) An Iodáil (1) VIII Squaw Valley, California (1) S.A.M. (2)
1964 XVIII Tóiceo (1) An tSeapáin (1) IX Innsbruck (1) An Ostair (1)
1968 XIX Cathair Mheicsiceo (1) Meicsiceo (1) X Grenoble (1) An Fhrainc (2)
1972 XX München (1) An Ghearmáin (2) XI Sapporo (1) An tSeapáin (1)
1976 XXI Montréal, Québec (1) Ceanada (1) XII Innsbruck (2) An Ostair (2)
1980 XXII Moscó (1) An tAontas Sóivéadach (1) XIII Lake Placid, Nua Eabhrac (2) S.A.M. (3)
1984 XXIII Los Angeles, California (2) S.A.M. (3) XIV Sairéavó (1) An Iúgslaiv (1)
1988 XXIV Seoul (1) An Chóiré Theas (1) XV Calgary, Alberta (1) Ceanada (1)
1992 XXV Barcelona (1) An Spáinn (1) XVI Albertville (1) An Fhrainc (3)
1994 XVII Lillehammer (1) An Iorua (2)
1996 XXVI Atlanta, Georgia (1) S.A.M. (4)
1998 XVIII Nagano (1) An tSeapáin (2)
2000 XXVII Sydney (1) An Astráil (2)
2002 XIX Cathair Salt Lake, Utah (1) S.A.M. (4)
2004 XXVIII An Aithin (2) An Ghréig (2)
2006 XX Torino (1) An Iodáil (2)
2008 XXIX Béising (1)(2) Daon-Phoblacht na Síne (1)
2010 XXI Vancouver, Colóim Bhriotanach (1) Ceanada (2)
2012 XXX Londain (3) An Ríocht Aontaithe (3)
2014 XXII Sochi Cónaidhm na Rúise (1)
2016 XXXI Rio de Janeiro An Bhrasaíl
2018 XXII Pyeongchang An Chóiré Theas (1)
2020 XXXII Tóiceo An tSeapáin
2022 XXIII Béising Daon-Phoblacht na Síne (1)
2024 XXXIII Páras (3) An Fhrainc (3)
2026 XXV
2028 XXXIV Los Angeles, California (3) S.A.M. (4)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]