Rio de Janeiro
|
|||||
Críost an Slánaitheoir | |||||
| Aintiún | Cidade Maravilhosa | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an Bhrasaíl | ||||
| Federative unit of Brazil (en) | Rio de Janeiro | ||||
| Príomhchathair de | Ríocht na Portaingéile First Brazilian Republic (en) Impireacht na Brasaíle Ríocht Aontaithe na Portaingéile, na Brasaíle agus na nAlgarve Stát na Brasaíle Rio de Janeiro Fourth Brazilian Republic (en) an Bhrasaíl (1763–1960) Impireacht na Portaingéile (1808–1821) Neutral Municipality (en) Federal District (en) Guanabara (en) | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 6,211,223 (2022) | ||||
| • Dlús | 4,929.43 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 1,260.029215 km² | ||||
| Airde | 31 m | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 11 Márta 1565 | ||||
| Eachtra thábhachtach | |||||
| Éarlamh | Naomh Sebastian | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht reachtach | Comhlachas Bardasach Rio de Janeiro | ||||
| • Méara Rio de Janeiro | Eduardo Paes (2021–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 20000-000 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Glaochód | 21 | ||||
| Brazilian municipality code (en) | 3304557 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | rio.rj.gov.br | ||||
Is í Rio de Janeiro an dara cathair is mó sa Bhrasaíl. In oirdheisceart na tíre atá Rio, ar an gcósta, agus tugtar Cariocas ar a muintir. Bhí daonra os cionn 6 milliún sa chathair agus 13 milliún sa chríoch mheitreapholaiteach in 2024.[1]
Is í Rio de Janeiro b'fhéidir an suíomh is áille ar domhan.[2] Ar crochadh ar shléibhte arda glasa, ag síneadh cois tránna fada buí, dufair thrópaiceach ar thaobh amháin agus an tAigéan Atlantach ar an taobh eile, ní fhéadfaí suíomh nádúrtha níos mealltaí a shamhlú do chathair. Tá cáil ar an gcathair mar gheall ar a tránna geala, ar nós Ipanema agus Copacabana, mar gheall ar a gaiscí sa sacar, mar gheall ar a cuid clubanna agus ar an Carneval. Seans gurb í seo an t-aon chathair ar domhan ar mó líon na n-ionad aclaíochta inti ná líon na siopaí grósaera.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar feadh nach mór dhá chéad bliain, ba í Rio príomhchathair na Brasaíle. Nuair a tógadh príomhchathair nua as an bpíosa – Brasília – sna 1960í, d’fhan na meáin chumarsáide, an gréasán uilechumhachtach Globo ina measc, san áit a raibh siad, in Rio. As Rio a thagann nuacht náisiúnta na Brasaíle; in Rio a bhíonn nócha a naoi faoin gcéad de na sobaldrámaí lonnaithe. Dá bharr sin tá tionchar as cuimse ag Rio ar chultúr na tíre ar fad: ar chúrsaí faisin, ar an gcaint, ar an gceol. Stíl bheatha cheantair shaibhre Rio atá mar aidhm ina saol ag Brasaíligh fud fad na tíre; ní haon iontas é go mbíonn tuairim ag muintir Rio gurb í a gcathair féin lár an domhain.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Rio de Janeiro, Brazil Population 2024". worldpopulationreview.com. Dáta rochtana: 2024-12-21.
- 1 2 Alex Hijmans (3 Lúnasa 2016). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Fáilte go dtí Rio ‘an cidade maravilhosa’…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-21.
| Rio de Janeiro – Aeráid | |||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
| Teocht is airde (°C) | 43 | 44 | 43 | 42 | 40 | 39 | 40 | 41 | 42 | 43 | 43 | 42 | 44 |
| Meán-uasteocht an lae (°C) | 33 | 34 | 33 | 31 | 30 | 29 | 28 | 29 | 30 | 31 | 31 | 32 | 31 |
| Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 28.5 | 29.5 | 28.5 | 26.5 | 25 | 24 | 23 | 24 | 25 | 26 | 26.5 | 27.5 | 26.55 |
| Teocht is ísle (°C) | 15 | 16 | 14 | 13 | 12 | 9 | 8 | 10 | 11 | 13 | 14 | 14 | 8 |
| Meán-bháisteach (mm) | 130 | 120 | 130 | 100 | 70 | 50 | 40 | 40 | 60 | 80 | 90 | 130 | 1,090 |
| Foinse: | |||||||||||||
