Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2026
Reáchtáladh Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2026 in Milano, Cortina d'Ampezzo. Predazzo, Bormio, Livigno agus Verona.


Lúthchleasaithe na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne ceathrar lúthchleasaithe ionadaíocht ar son na hÉireann:[1]
- an sciálaí trastíre Thomas Maloney Westgaard, ag glacadh páirte sna cluichí geimhridh den tríú huair dó, san iomaíocht sa skí-atlan agus sa rás clasaiceach 50km. Ina theannta sin, beidh an óg
- an déagóir Anabelle Zurbay ag tabhairt faoi na comórtais slalom agus giant slalóm, an lúthchleasaí is óige riamh sa sciáil Alpach don tír.
- Cormac Comerford, i roinnt disciplíní Alpacha
- Ben Lynch sa leathphíobán sa sciáil shaorstíle.

Scannail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sturla Holm Lægreid
Bhuaigh Sturla Holm Lægreid bonn cré-umha sa rás aonair 20 km ar an 10 Feabhra 2026, agus bonn cré-umha eile sa rás ráibe 10 km ar an 14 Feabhra 2026.
Tarraingíodh aird mhór air nuair a d'admhaigh sé go poiblí - beo ar an teilifís[2] - nach raibh sé dílis dá chailín. Dúirt an fear, a bhí 28 bliain d'aois ag an am, gur bhuail sé le "grá a shaoil" sé mhí ó shin, ach gur rinne sé "botún mór" trí mhí ó shin. D'inis sé di faoin fheall seachtain roimh an rás, agus dúirt sé gurbh í an tseachtain ba mheasa dá shaol í. Dúirt sé gur shocraigh sé an fhírinne a insint go poiblí mar ní raibh sé ag iarraidh rún a choinneáil, agus tá súil aige go dtabharfaidh sí seans eile dó.
Níos déanaí, dúirt sé go raibh sé buartha gur chuir a admháil isteach ar lá mór a chomrádaí foirne a bhuaigh an bonn óir. Dúirt sé go bhfuil aiféala mór air agus go nglacann sé freagracht as a bhotún.[3]

Scéal Vladyslav Heraskevych
Caitheadh amach Vladyslav Heraskevych, 27 bliain d’aois, as comórtas bolgshleamhnánaithe na bhfear. Bhí sé ag iarraidh clogad speisialta a chaitheamh ar a raibh íomhánna de chuid den bhreis is 600 lúthchleasaí agus cóitseálaí Úcránach a maraíodh ó rinne an Rúis ionradh ar an tír ceithre bliana ó shin.
Ach dúirt Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha (IOC) gur tháinig an clogad salach ar threoracha atá ann do lúthchleasaithe maidir le cosc a bheith ar ráitis a bhaineann le cúrsaí polaitíochta, creidimh nó eile agus comórtais ar siúl. Bhí imní ar an IOC go gcruthófaí tuilleadh fadhbanna amach dá dtabharfaí cead do Heraskevych dul san iomaíocht agus nach raibh aon rogha ann ach é a chaitheamh amach.[4]
Thug comhdháil an IOC cead do lúthchleasaithe áirithe as an Rúis páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha in 2026.[5]
Scannail eile
Bhí teachtaireacht frith-Ice scríofa sa sneachta le fual,[6] agus bhí caint ar iomaitheoirí a bheith ag fáil instealltaí aigéid ina mbod,[7]

Sceideal na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]6 Feabhra: Searmanas Oscailte, Milano
7 Feabhra: Cormac Comerford (Sciáil le fána), Bormio
8 Feabhra: Thomas Maloney Westgård (Scí-atlan 10km+10km), Predazzo
11 Feabhra: Cormac Comerford (Sár-G), Bormio
13 Feabhra: Thomas Maloney Westgård (10km Saor), Predazzo
14 Feabhra: Cormac Comerford (Slalóm Mór), Bormio
15 Feabhra: Anabelle Zurbay (Slalóm Mór), Cortina
16 Feabhra: Cormac Comerford (Slalóm), Bormio
18 Feabhra: Anabelle Zurbay (Slalóm R1 & R2), Cortina
19 Feabhra: Ben Lynch (cáiliú don Leathphíobán), Livigno
20 Feabhra: Ben Lynch (cluiche ceannais an Leathphíobáin), Livigno
21 Feabhra: Thomas Maloney Westgård (50km Clasaiceach), Predazzo
22 Feabhra: Searmanas Dúnta, Verona
Tairiscint
[cuir in eagar | athraigh foinse]| 2026 Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh Roghnú Chathair Óstach | ||
|---|---|---|
| Cathair | Tír | Vótaí |
| Milano-Cortina d'Ampezzo | 47 | |
| Stócólm-Åre | 34 | |
Comórtais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna Cluichí Oilimpeacha seo beidh 116 chomórtas ann, 54 chomórtas d'fhir, 50 comórtas do mhná agus 12 chomórtas measctha, i 16 spórt.
| Comórtais | Fir | Mná | Measctha | Iomlán | |
|---|---|---|---|---|---|
| Bobshleamhnánú | 2 | 2 | 0 | 4 | |
| Bolgshleamhnánú | 1 | 1 | 1 | 3 | |
| Clársciáil | 5 | 5 | 1 | 11 | |
| Comhchomórtas Nordach | 3 | 0 | 0 | 3 | |
| Curláil | 1 | 1 | 1 | 3 | |
| Dé-atlan | 5 | 5 | 1 | 11 | |
| Haca Oighir | 1 | 1 | 0 | 2 | |
| Luas-scátáil | 7 | 7 | 0 | 14 | |
| Luas-scátáil ar Raon Gearr | 4 | 4 | 1 | 9 | |
| Lúis | 2 | 2 | 1 | 5 | |
| Scátáil Ealaíonta | 1 | 1 | 3 | 5 | |
| Scí-léimneach | 3 | 2 | 1 | 6 | |
| Sciáil Alpach | 5 | 5 | 0 | 10 | |
| Sciáil Saorstíle | 7 | 7 | 1 | 15 | |
| Sciáil Sléibhteoireachta | 1 | 1 | 1 | 3 | |
| Sciáil Trastíre | 6 | 6 | 0 | 12 | |
| IOMLÁN (16 spórt) | 54 | 50 | 12 | 116 | |
Féilire
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Searmanas | Lá comórtais | 4 | Lá babhtaí ceannais (Líon) | Taispeántas |
| Spórt | Lá comórtais (Feabhra 2026) | ||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| 4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 | 15 | 16 | 17 | 18 | 19 | 20 | 21 | 22 | |||
| Searmanais | O | D | |||||||||||||||||||
| Clársciáil | C | 1 | 2 | 1 | C | 2 | 2 | 1 | C | 1 | 1 | ||||||||||
| Curláil | C | C | C | C | C | C | 1 | C | C | C | C | C | C | C | C | C | C | 1 | 1 | ||
| Haca Oighir | C | C | C | C | C | C | C | C | C | C | C | C | C | C | 1 | C | C | 1 | |||
| Scátáil | Ealaíonta | C | C | 1 | C | C | 1 | 1 | C | 1 | C | 1 | T | ||||||||
| Luas-scátáil | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 2 | 1 | 1 | 2 | |||||||||
| Luas-scátáil ar Raon Gearr | 1 | 2 | 1 | 1 | 2 | 2 | |||||||||||||||
| Sciáil Alpach | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | |||||||||||
| Scíáil nordach |
Comhchomórtas Nordach | 1 | 1 | 1 | |||||||||||||||||
| Dé-atlan | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 2 | 1 | 1 | 1 | 1 | |||||||||||
| Sciáil Trastíre | 1 | 1 | 2 | 1 | 1 | 1 | 1 | 2 | 1 | 1 | |||||||||||
| Scí-léimneach | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | |||||||||||||||
| Sciáil Saorstíle | C | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 2 | 3 | ||||||||
| Sciáil Sléibhteoireachta | 2 | 1 | |||||||||||||||||||
| Sleamhnánú | Bobshleamhnánú | C | 1 | 1 | C | 1 | 1 | ||||||||||||||
| Bolgshleamhnánú | C | 1 | 1 | 1 | |||||||||||||||||
| Lúis | C | 1 | C | 1 | 2 | 1 |
| ||||||||||||||
| 4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 | 15 | 16 | 17 | 18 | 19 | 20 | 21 | 22 | |||
| Lá comórtais (Feabhra 2026) | |||||||||||||||||||||
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Eagarthóir (2026-02-06). "Ó Ghaillimh go Cortina, scéal na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-02-08.
- ↑ Entertainment Tonight (2026-02-11). "Olympian Confesses to CHEATING on Girlfriend in EMOTIONAL Post-Win Interview".
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (14 Feabhra 2026). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-02-15.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (14 Feabhra 2026). "Bualadh bos do Troy Parrott, náire an IOC agus tuilleadh tráchtaireachta i nGaeilge ag RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-15.
- ↑ "What does AIN stand for? Explaining neutral athletes at the 2026 Winter Olympics | NBC Olympics" (en). www.nbcolympics.com. Dáta rochtana: 2026-02-15.
- ↑ Sean Ingle (2026-02-06). "Winter Olympics Team GB skier targets ICE with graphic message written in snow" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2026-02-15.
- ↑ "Ski jumping: Wada responds to penis injection claims" (en-GB). BBC Sport (2026-02-05). Dáta rochtana: 2026-02-15.