An tSean-Ghréig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tháinig tús le sibhialtacht sa Ghréig thart ar 3000 R.Ch. le sibhialtacht na Mionóch ar oileán na Créite nuair a bhfuarthas amach conas le copar agus stán a chur le chéile. Tugtar aois an chré-umha ar an ré seo. D'fhás an cultúr sin thar na blianta is thart ar 2000 R.Ch. thosaigh na Mionóigh ag baint úsáide as iairiglifí nó cineál scríbhneoireachta le pictiúir. Thóg na Mionóigh pálás Knossos mar lárionad a rialtais sa Chréit idir 1900 agus 1400 R.Ch. Sa bhliain 1450 R.Ch. chuir brúchtadh bolcáin in Thera deireadh le réim na Mionóch.

Acrapail nó cathair ard na hAithne

Cé go raibh tionchar mór ag na Mionóigh ar stair na Gréige, ceaptar nár Ghréagaigh iad ó thaobh a dteangan de. Tháinig an chéad phobal gurbh í an Ghréigis a dteanga don tír timpeall 2000 R.Ch., agus tar éis deireadh a theacht ar shibhialtacht na Mionóch, bhunaigh na luath-Ghréagaigh seo an tsibhialtacht go dtugtar Mícéinéach uirthi, a mhair ó 1600-1100 R.Ch. Is ó Ré na Mícéinéach a eascair na heipicí Hóiméaracha agus na scéalta i dtaobh Chogadh na Traoi, cé nár deineadh leagan údarásach díobh go dtí timpeall 700 R.Ch.

Ina dhiaidh sin, is féidir stair na Sean-Ghréige a roinnt i réimsí áirithe ginearálta:

  • An Ré Ársa timpeall 800-500 R.Ch.
  • An Ré Chlasaiceach timpeall 500-323 R.Ch.
  • An Ré Heilléanaíoch timpeall 337-146 R.Ch.
  • An Ré Rómhánach, ó 146 R.Ch. go dtí 476 A.D.

Ag tús na Ré Ársa, chum na Gréagaigh aibítir na Gréigise, a bhí bunaithe ar aibitír na bhFóinéiciach, ach gur chuir na Gréagaigh litreacha i gcóir gutaí isteach inti den chéad uair. Is le linn na Ré Ársa a cuireadh tús le nós na nGréagach coilíneachtaí a bhunú mórthimpeall na Meánmhara agus na Mara Duibhe, agus bhí raidhse acu ar an bhfód in iarthar na hAnatóile, san Iodáil, agus sa tSicil faoi dheireadh na ré seo. Bhí na chéad Chluichí Oilimpeacha ann in 776 R.Ch. Bunaíodh an chéad rialtas daonlathach san Aithin i 508 R.Ch.

Tarluint chinniúnach ag tús na Ré seo ab ea iarracht na Impireachta Peirsí mórthír na Gréige féin a ghabháil. Dhein na Peirsigh dhá ionradh ar an nGréig, i 490 R.Ch. agus arís i 480-478 R.Ch., ach chuir na Gréagaigh ruaig orthu (feic Cath Mharatóin), rud nach raibh na Peirsigh ná mórchuid na nGréagach ag súil leis. Bhí an Aithin i mbarr a réime sa Ré Chlasaiceach i ndiaidh na gCogaí Peirseacha. Is sa tréimhse seo a bhí Cogadh na Peilipinéise idir Sparta agus an Aithin, go raibh an bua ag Sparta ann. Ba é an Ré Chlasaiceach Ré an "polis" (Gréigis: πόλις), nó "cathair-stát", mar nach raibh aon rialtas náisiúnta ag na Gréagaigh, ach bhí an tír roinnte idir a lán cathracha neamhspleácha a bhí i gcoimhlint lena chéile don chuid is mó.

Theip ar an seanchóras politiúil seo i 337 R.Ch. nuair a d'éirigh le Pilib II, rí na Macadóine, cathracha na Gréige a chur faoi smacht, agus don chéad uair riamh bhí iomlán na Gréige féin faoi smacht ag rialtas amháin. (Lean na cathracha Gréagacha san Iodáil agus sa tSicil mar cathracha neamhspleácha, áfach.) Tháinig a mhac Alastar Mór ina chomharba ar Philib, agus d'éirigh leis, mar aon le harm mór Macadónach is Gréagach, ionradh a dhéanamh ar an Impireacht Pheirseach agus an impireacht sin ar fad a ghabháil. Leath an bua seo an cultúr Gréagach thar leath na cruinne, ón Éigipt aniar go dtí an Ind. Scoilteadh impireacht Alastair Mhóir tar éis a bháis ina ríochtaí neamhspléacha, agus ceaptar bás Alastair mar tús leis an Ré Heilléanaíoch.

Ghabh na Rómhánaigh an Ghréig i 146 R.Ch., agus bhí sí mar chuid lárnach den Impireacht Rómhánach feasta.

Tháinig deireadh le cumhacht na Sean-Ghréige nuair a ghabh na Rómhánaigh í mar chuid dá n-impireacht i 146 R.Ch. D'ainneoin go raibh an lámh in uachtar ag na Rómhánaigh maidir leis an gcumhacht pholaitiúil de, bhí tionchar as cuimse ag cultúr na Gréige ar an impireacht. Cé gur thit an Impireacht san Iarthar as a chéile sa deireadh, lean an Impireacht san Oirthear mar chomharba uirthi, agus ba impireacht Ghréagach í feasta, go dtugtar an Impireacht Bhiosántach uirthi anois.

Cultúr agus Sochaí[athraigh | edit source]

Is as cultúr na Sean-Ghréige a thagann bunús chultúr Iarthar an domhain, agus tá cáil ar an sean-Ghréig fiú inniu mar gheall ar shaibhreas is cruthaiteacht a cultúir. Is iad na sean-Ghréagaigh a bhunaigh an drámaíocht, an fhealsúnacht, an eolaíocht, is an stair. Tá litríocht na Sean-Ghréige ar na litríochtaí is clúití dá bhfuil ann i dteanga ar bith, agus tá saothair de chuid scríbhneoirí Gréagacha ar nós Hóiméar, Aescaileas, Eoraipidéas, agus Sofaicléas á leámh fós.

Eascraíonn an fhealsúnacht agus an eolaíoacht araon as iarracht na nGréagach cora an tsaoil a mhíniú le míniúcháin nádúrtha. Is i gcathracha Gréagacha na Íóine (in iarthar na hAnatóile) a bhí na fealsaimh is luaithe dá bhfuil trácht againn tharstu, saoithe ar nós Tailéas agus Anaicsimeandar. Mhair triúr de na fealsúna is mó i stair an domhain, Sócraitéas (470-399 R.Ch.), Platón (429-347 R.Ch.) agus Arastotail (384-322 R.Ch.), sa tsean-Ghréig. Tagann dhá mhórscoil fhealsúnachta uatha - an Platónachas agus an tArastotaileachas. Bhí Eipiciúras ar na fealsaimh is mó le rá sa Ré Heilléanaíoch. Tá Arastatail, Airciméidéas, agus Déamócratas i measc an iliomad eolaithe a mhair sa tsean-Ghréig.

Bhíodh córais éagsúla rialtais ag na Gréagaigh. Bhunaigh siad an daonlathas, agus is san Aithin is mó a bhí sé siúd á chleachtadh, ach bhí neart cathracha ann a bhí ina n-olagarchtaí nó ina monaracachtaí (focail Ghréigise is ea an dhá fhocal seo, dar ndóigh). Cleachtaítí an sclábhaíocht go forleathan, agus ní ró-mhaith an stádas a bhí ag mná sa tsochaí ach oiread. Tugann staraithe Gréagacha mar Héaradatas agus Túicididéas a lán eolais dúinn mar gheall ar a sochaí agus a stair.

Cúrsaí creidimh[athraigh | edit source]

Chreid na Gréagaigh go raibh a lán déithe is bandéithe ann. B'é tuairim na nGréagach go raibh smacht ag na déithe is bandéithe sin ar na Moires nó Cinniúintí a rialaigh saol an duine. Bhíodh cónaí ag an dáréag déithe is bandéithe seo ar Shliabh Oilimpeas, an sliabh is airde sa tír. Ba é Séas athair na ndéithe agus an dia ba chumhachtaí. Ba é deartháir Shéis, Poiséadón, dia na farraige agus ba é a mhac Apolló dia an cheoil. Ba í Héire bean Shéis agus bandia an phósta. Ba í Ataene bandia an eolais. Cosúil le scéal na polaitíochta de, bhíodh dearcadh éagsúil ag na Gréagaigh faoi thréithe na ndéithe.

Rinne na Gréagaigh iarracht na déithe a shásamh trí imeachtaí ar nós cluichí, drámaí amharclainne, mórshiúlta agus íobairtí a eagrú.