Cluiche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cluiche iomána nó cluiche iománaíochta

cluichí (cluiche is ea an uimhir uathu) á n-imirt chomh fada siar agus a théann foinsí stairiúla agus seandálaíochta. Is iad na cluichí is simplí, ar ndóigh, ná comórtasaí nirt, luais, agus léimnigh, ar a dtugtar lúthchleasaíocht. Gaolmhar le rith agus léimnigh an duine, bíonn rásaí con agus rásaíocht chapall, seóléimneach chapall, rásaí snámha, seoltóireachta, iomramh agus rothar. Tugtar spórt orthu seo uilig, mar aon le cluichí eile aonair, beirte agus foirne.

Tá sórt eile cluichí ann, ar ndóigh, ar nós ficheall, táiplis, dartanna, júdó, mah jongg, Monopoly, agus iliomad cinn eile. Agus ar ndóigh, tá gach sórt cluiche cártaí le fáil ar fud an domhain.

Tá glaoch i gcónaí ar chluichí cearrbhachais agus geall, agus féadtar geall a chur ar aon cheann de na cluichí thuas. Ach is i gcaisíní a chaitear agus a dhéantar airgid mór le cluichí mar Blackjack agus Roulette.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]