Iomramh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Currach

Nuair a chloiseann tú an briathar iomramh sa tír seo samhlaítear iomramh currachaí .Má bhreathnaíonn tú sa bhfoclóir tabharfar faoi deara gur ionann é agus an briathar rámhaíocht ach maidir le cainteoirí dúchasacha na Gaeilge is ionann iomramh agus iomramh currachaí.Currach

Currach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Currach a thugtar ar an mbád iomramha is coitianta in Éirinn agus is iomaí cineál a bhí ann. Fráma éadrom a bhíonn ar an gcurach i gcónaí agus craiceann air. Maidir le fad, tá curach abhann na Bóinne geall le 6 troithe ar fhad agus Naomhóg Chiarraí 26 troigh ar fhad. As an áit ina dtógtaí iad a ainmníodh na curaí. Córas iompair, soitheach fóillíochta agus spóirt atá sa churach agus is iomaí cineál atá ann ón gcurach canbháis atá ag iascairí Árann, go naomhóg na gCiarraíoch, ina measc. Scríobhann lucht an Bhearla an focal CurraghCurrach chun cur síos ar an mbad céanna.

Ainmeacha Éagsúla na gCurrachaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Currach Acla, Currach Árann, Currach Bhéal Deirg, Currach na Bóinne, Currach Chuan na gCaorach, Currach Oileán Inis Scéith, Currach Chill Chaoidhe, Crann snámha Loch Chuimín an Turais, Currach Uaighe (Owey Island, Currach na Rosann, Currach Thoraigh.

Tá eolas breise faoi na báid seo le fail ar http://www.mmara.com/ Curtha i gcartlann 2006-04-24 ar an Wayback Machine

Rásaíocht Currachaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn rásaí curach ar siúl in Éirinn agus níos faide ó bhaile freisin. Go minic bíonn geallta bád seoil nó rásaí húicéirí húicéir ann taca an ama chéanna, le linn Fhéile Chuigéil, i Leitir Mealláin mar shampla nó mar chuid d’Fhéile Curach an Mháma nó tráth fhéile Milwaukee i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Anuraidh bunaíodh féile currachaí i Ros Muc i mí Bealtaine. Bhí rásaí currachaí beagnach imithe i léig uilig go dtí gur thosaigh athbheochan orthu sna seascaidí. Ba iad rasaí currachaí Bhóthar na Trá i nGaillimh na cinn ba mhó agus ba cháiliúla sa tír. Bhí an oiread sin cáil orthu go dtiocfadh na mílte lucht féachana le breathnú orthu. Bhronnfadh Uachtarán na hÉireann Éamon De Valera an corn ar na buaiteoirí. Bhuaigh clann clúiteach Seoigí Inis Bearachain an corn i 1956, 1957, 1958 agus arís i 1961 is ina dhiaidh sin a cumadh an t-amhrán Seoige Inis Bearachain.

Bhí currachaí as Acaill ann 's currachaí as Árainn
Bhí currachaí as Tír Chonaill ann 's í ag faire ar an rása
Ach dá mhéid dar ól siad d'uibheacha 'cur leigheas ina gcuid anála
Thug na Seoige sampla dhóibh ar cheann an mhaide rámha

Níl an fhéile mór currachaí seo i mBóthar na Trá níos mó ach ní aon dochar é sin mar tá neart féilte eile i gcathair na Gaillimhe cosúil leis an bhféile Ealaíona agus mar sin de. Féiltí beaga is mó atá ann anois i mbailte beaga cois cósta agus cuireann siad go mór le heacnamaíocht na mbailte céanna.Ritheanna imircí na tíre féiltí currancaí freisin agus tá an chail ar ann ceann ata i Milwaukee Meiriceá.(Tá eolas ar na himeachtaí seo le fáil ar http://www.gaelsaoire.ie/asp/events_responder.asp Curtha i gcartlann 2007-10-30 ar an Wayback Machine agus gaeltacht=gaillimh&language=gaeilge&town=) Bíonn rásaí go rialta ag an North American Currach Association agus eolais faoi na rásaí sin ag http://www.geocities.com/nacarowing/

Íomhá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Íomhá chumhachtach í íomhá na curaí agus tá sí mar lógó ag dhá chomhlacht ar a laghad in Éirinn, Cló Iar-Chonnacht (www.cic.ie) agus Cniotáil Inis Meáin (http://www.inismeain.ie/). Is iomaí Éireannach atá i bhfad ó bhaile a deir gurb í an íomhá seo is mó a chuireann an baile i gcuimhne dóibh. Níl mórán suíomh idirlín turasóireachta a bhfuil baint acu le hÉireann nach bhfuil íomhá den churach céanna ann.

Currach na Bóine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Currach na Bóine an currach is sine agus is lú ata ann agus tá iarsmaí seandalaíocht den churach seo le fáil san Iarsmalann náisiúnta. Tá samplaí nua-aimseartha den churach seo le fáil in aice na Bóine sa lá atá inniu ann ach is le haghaidh teaspainteas is mo a bhaintear úsáid astú ní cosúil leis na currachaí farraigí atá in úsáid go forleathan ar chóstaí na hÉireann fós. nasc Corracle on river boyne: http://www.quinnipiac.edu/other/abl/etext/irish/pictures/p143.html Curtha i gcartlann 2007-02-17 ar an Wayback Machine

Meitheal Mara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl mórán tógalaí lán aimseartha currachaí sa tír sa lá atá inniu ann is ar bhun pairtaimseartha is mó a thógtar iad ach mar gheall ar an borradh atá ar eacnamaíocht na tíre tá ann éileamh ag lucht iomradh orthu faoi láthair. Tá tograí rialtais ag tabhairt cúnamh stáit chun tioncail tógáil currachaí a athfhorbairt agus is í an ceann is cailiula dóibh seo ná Meitheal Mara atá lonnaithe i gCathair Chorcaí(http://www.mmara.com/).Tá[nasc briste go buan] cúpla togra eile sa tír atá ann chosúil le seo ar nós West Clare Currachs(http://www.westclarecurrachs.com/).I[nasc briste go buan] mbliana chuir Cian De Buitleir dvd ar fail ag teaspáint cén chaoi le haghaidh na currachaí seo a thógáil.Is iad na saor báid as Conamara atá ar an dvd agus iad ag teaspáint a scileanna thraidisiúnta.

Conclúid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní dóigh go bhfuil aon radharc níos deise ná duine a fheiceáil dul amach Cuan na Gaillimhe maidin shamhraidh agus iad ar thóir ronnachaí nó an tatmaisféar a bhíonn ag féile currachaí nuair a bhíonn fir agus mná bhréatha Chonamara ag coimhlint le chéile os cionn na maidí rámha.

Dá mbeadh péire maidí ramha agam
agus báidín beag agam féin
d'íocfainn cíos le Robinson
s bheadh cúpla pingin agam féin
Catagóir:Rásaíocht

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]