Jump to content

Uachtarán na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticUachtarán na hÉireann
Séala Uachtarán na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
SealbhóirCatherine Connolly
ó 11 Samhain 2025
CónaitheÁras an Uachtaráin
DlínseÉire
StáitÉire
Sainordú7 bliain
Cruthú25 Meitheamh 1938
Suíomhpresident.ie…

Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.

Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháin i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is í Catherine Connolly an tUachtarán reatha.

De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath.

Áras an Uachtaráin.

Is é Uachtarán na hÉireann atá in Cheann Stáit ar an tír agus is é nó í a bhíonn mar ionadaí ag pobal na tíre sa mbaile agus thar sáile i ról deasghnách. Is é an t-uachtarán freisin an t-ardcheannasaí ar Óglaigh na hÉireann.[1]

Cuireann an tUachtarán fáilte oifigiúil roimh cheannairí stáit eile in Áras an Uachtaráin agus tugann sé faoi thurais stáit go tíortha eile.

Tá sé d’údarás ag an Uachtarán glacadh leis nó diúltú d’aon bhille a nglacann Dáil agus Seanad Éireann leo. Bíonn comhairle ar fáil ag an Uachtarán ón gComhairle Stáit agus is féidir leis bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí má bhíonn aon amhras ann go sáraíonn an bille Bunreacht na hÉireann.

Fágann an t-údarás sin nach féidir le haon reachtaíocht a bheith ina dlí sa tír seo go dtí go gcuireann an tUachtarán reatha a ainm leis go foirmeálta.

Go foirmeálta, is é an tUachtarán freisin a cheapann an rialtas, ceapann sé an Taoiseach atá ainmnithe ag an Dáil agus ina dhiaidh sin na hairí a bhíonn ainmnithe ag an Taoiseach.

Tá sé d’údarás ag an Uachtarán iarratas a dhéanamh le hóráid náisiúnta a dhéanamh le Dáil agus Seanad Éireann ar ábhair a bheadh ar mhaithe le leas an phobail.[1]

Coimisiún an Uachtaráin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcás go mbíonn an tUachtarán as láthair, ar míthreoir, éagtha, éirithe as oifig nó curtha as oifig nó má theipeann air feidhmeanna a oifige a chomhlíonadh, déantar foráil sa Bhunreacht go ndéanfaidh Coimisiún cumhachtaí agus feidhmeanna an Uachtaráin a chomhlíonadh.[2][3][4][5]

I bhfianaise chúrsaí i dtíortha eile sna 1930idí, bhíothas ag déanamh imní gur seift í an uachtaránacht chun ansmacht a gabháil ar an Stáit, ach dearadh é mar ról a bhfuil tábhacht morálta agus cultúrtha aice, ach beagán cumhachta.[6]

Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán i 1938. D'athraigh nádúr na hoifige sa 21ú haois. Ghlac idir Mary Robinson agus Mary McAleese seasamh láidir faoi cheisteanna polaitiúla áirithe agus iad in oifig.  Lean Michael D leis an nós sin, ach é níos láidre, níos cinnte agus i bhfad níos mó ar an eite chlé.[7]

Go dtí gur toghadh Mary Robinson mar Uachtarán i 1990 agus cé is moite de Dhubhghlas de hÍde, ba le hiarrthóirí Fhianna Fáil ról an Uachtaráin. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh, Pádraig Ó hIrighile, Máire Mhic Ghiolla Íosa agus Michael D Higgins dhá thréimhse san Áras. Iarrthóirí de chuid an Lucht Oibre (Mary Robinson agus Michael D) a toghadh an dá uair nár roghnaigh an pobal iarrthóirí Fhianna Fáil.

Tá ról an Uachtaráin athraithe ó bhonn ó toghadh Michael D in 2011. Airíonn pobal na tíre anois go bhfuil nasc acu leis an té atá tofa mar cheannasaí ar ár dtír mar thoradh ar an gcaoi ar thug seisean faoin ról. Ní raibh leisce air rud a rá faoi pé géarchéim a bhí ag crá na tíre ag aon am ar leith – géarchéim eacnamaíochta, inimirce, easpa tithíochta, ár sa Mheánoirthear. Cé go raibh roinnt saineolaithe den tuairim gur sháraigh sé cumhachtaí na huachtaránachta, dhún polaiteoirí a gcuid súl ar an mbaol sin mar gur thuig siad go mbíodh sé ag caint ar son phobal na tíre go minic.[8]

Bhí an bheirt bhan a toghadh mar uachtaráin sna 1990idí (Mary Robinson agus Máire Mhic Ghiolla Íosa) luaite le gairmeacha eile seachas an pholaitíocht den chuid is mó (cé gur chaith Mary Robinson seal sa Seanad).[8]

Níor toghadh iarrthóir de chuid Fhine Gael ina uachtarán ar an tír riamh cheana.

Uimhir Ainm Pictiúr In oifig As oifig Páirtí
1. Dubhghlas de hÍde 25 Meitheamh, 1938 24 Meitheamh, 1945 Ainmniúchán uile-pháirti
2. Seán T. Ó Ceallaigh 25 Meitheamh, 1945 24 Meitheamh, 1959 Fianna Fáil
3. Éamon de Valera 25 Meitheamh, 1959 24 Meitheamh, 1973 Fianna Fáil
4. Erskine H. Childers 24 Meitheamh, 1973 17 Samhain, 1974 Fianna Fáil
5. Cearbhall Ó Dálaigh 19 Nollaig, 1974 22 Deireadh Fómhair, 1976 Fianna Fáil
6. Pádraig Ó hIrighile 3 Nollaig, 1976 2 Nollaig, 1990 Fianna Fáil
7. Máire Mhic Róibín 3 Nollaig, 1990 12 Meán Fómhair, 1997 Lucht Oibre
8. Máire Mhic Giolla Íosa 10 Samhain, 1997 10 Samhain, 2011 Fianna Fáil / Neamhspleách
9. Mícheál D. Ó hUiginn 11 Samhain, 2011 10 Samhain, 2025 Lucht Oibre / Neamhspleách
10. Catherine Connolly 11 Samhain, 2025 in oifig fós Neamhspleách

Post gan rath agus gan tairbhe a thugann Michael O’Leary ar an uachtaránacht go rialta. Níl aon tábhacht leis an bpost agus cur amú airgid atá ann, dar leis.[8]

Léitheoireacht bhreise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "‘Ligimis don Ghaeilge bláthú’ – Catherine Connolly insealbhaithe mar an deichiú huachtarán ar Éirinn" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-11). Dáta rochtana: 2025-11-11.
  2. Office of the President of Ireland. "The President Presidential Commission" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2023-02-10.
  3. Presidential Commission”. Citizens Information. Citizens Information Board (1 May 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 July 2013. Dáta rochtana: 21 December 2010.
  4. Private Business. - Ministerial Changes: Statement Curtha i gcartlann 2012-03-07 ar an Wayback Machine Dáil debates, 5 November 1992
  5. Clarity, James F. (6 November 1992). "Leader Defeated, Irish Government Collapses". New York Times. Dáta rochtana: 21 December 2010.
  6. Kerron Ó Luain (24 Deireadh Fómhair 2025). "Stair na huachtaránachta". An Páipéar (52). 
  7. Eoin Ó Murchú (10 Feabhra 2025). "An cineál Uachtaráin atá uainn i ndiaidh éirí as Michael D? Duine cosúil le Michael D…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-16.
  8. 8.0 8.1 8.2 Máirín Ní Ghadhra (14 Iúil 2025). "Cé a bheadh ag iarraidh post mar Uachtarán?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-16.
  9. Kevin Kenna / theliffeypress.com. "The Lives and Times of the Presidents of Ireland". Dáta rochtana: 2025.