An tOireachtas
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | Parlaimint reachtas an dá sheomra ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1937 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Le cuid | |||||
Suíomh gréasáin | oireachtas.ie ![]() | ||||

Is éard is an tOireachtas ann nó Oireachtas Éireann ná reachtas náisiúnta Phoblacht na hÉireann.
Cuimsíonn an tOireachtas trí aonad:
Tá Tithe an Oireachtais lonnaithe i dTeach Laighean i mBaile Átha Cliath. Tá an Dáil ar an gceann is mó cumhacht.
Gluais de choincheapa a bhaineann leis an Oireachtas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Acht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Píosa reachtaíochta atá tar éis dul trí dhá Theach an Oireachtais agus atá sínithe ina dhlí ag an Uachtarán. Le hAcht is féidir píosaí eile reachtaíochta a leasú freisin.
Comhaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ainm eile ar TD nó Seanadóir
Doiciméid Leagtha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is doiciméid iad na Doiciméid Leagtha a chuirtear go foirmiúil faoi bhráid Thithe an Oireachtais d’fhonn tacú leis an bpróiseas daonlathach.
Leabhar Reachtanna na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]
Stór ar líne de reachtaíocht inchuardaithe.
Ordú um Thosach Feidhme[cuir in eagar | athraigh foinse]
I.R. a chuireann tús go sonrach le cuid d’Acht.
Riar na hOibre[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is doiciméad é Riar na hOibre ar a leagtar amach an gnó atá roimh gach Teach ar bhonn laethúil. Tá Riar éagsúil Oibre don dá Theach. Tá liosta na ndoiciméad a leagadh faoi bhráid na dTithe le feiceáil ar an dá Riar Oibre. Is féidir teacht ar an dá Riar Oibre ar an leathanach ‘Páipéir ghnó laethúla’ ar shuíomh gréasáin an Oireachtais. Tairiscint Ceadaithe (Ceadú Tairisceana): Togra foirmiúil a dhéantar sa Dáil nó sa Seanad (nó iontu araon) a cheadaíonn do Chomhaltaí díospóireacht a dhéanamh ar phíosa reachtaíochta atá beartaithe agus vótáil uirthi. Luafar an ceanglas Tairiscint Ceadaithe a bheith ann sa reachtaíocht chomhfhreagrach.
Tairiscint Neamhnithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
Togra foirmiúil a dhéantar sa Dáil nó sa Seanad (nó iontu araon) lena gceadaítear píosa reachtaíochta atá beartaithe a chur ar neamhní tar éis díospóireachta agus vóta ag Comhaltaí. Luafar an ceanglas seo sa reachtaíocht chomhfhreagrach lena bhforordófar líon laethanta ar féidir an reachtaíocht a neamhniú taobh istigh de. Tréimhsí 7, 10, nó 21 lá suí atá socraithe.
Teachta/Teachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ainm eile ar TD.
Tithe an Oireachtais[cuir in eagar | athraigh foinse]
(An dá Theach/Gach Teach): An Dáil agus an Seanad.
Tréimhse Reachtúil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagraíonn tréimhse reachtúil do Thairiscint Neamhnithe .i. an líon laethanta suí atá ar fáil do Chomhaltaí chun díospóireacht a dhéanamh faoi dhoiciméad áirithe agus vótáil air. Is gnách gur 21 lá suí a bhíonn i gceist le tréimhsí reachtúla ach is féidir 10, nó 7 lá suí a bheith i gceist freisin. Luafar an tréimhse reachtúil sa reachtaíocht.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Cainéal Theilifís an Oireachtais / Oireachtas TV
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |