Dáil Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seomra na Dála.

Is é Dáil Éireann teach íochtarach an Oireachtais, an pharlaimint i bPoblacht na hÉireann. Toghtar go díreach é ar a laghad uair amháin gach cúig bliana leis an gcóras ionadaíocht chionmhar agus an t-Aonvóta Inaistrithe. Tá níos mó cumhachta ann ná atá ag an teach íochtarach i bparlaimintí eile. Is é an craobh is treise san Oireachtas é. Tá cumhacht aige aon dlí ar mhaith leis a cheapadh. Cruinníonn sé i dTeach Laighean i mBaile Átha Cliath ó 1922.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhunaigh an Chéad Dáil sa bhliain 1919. Ba Dháil réabhlóideach é, a bhí bunaithe ar an lá a bhris Cogadh na Saoirse amach sa tír. Tar éis an Chonartha, vótáil an Dáil é féin as marthain. Ach athbhunaíodh é go díreach nuair a tháinig ailt an Chonartha i bhfeidhm míonna níos déanaí. Thart ar an am sin, bhí cúpla 'Pairliméid' i bhfeidhm. Bhí Dáil Sealadach ann chun an Conradh a chur i bhfeidhm agus Saorstát Éireann a bhunadh. Bhí an Dáil é féin ann, a chruthaíodh i 1919. Bhí Dáil Poblachta ann freisin, bhunaigh Eamon de Valera é agus na frith-chonraitheoirí. Bhí gach ceann díobh ar éileamh ón Dáil 1919 agus Forógra na Poblachta 1916.

Baill den 32ú Dáil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Teach Laighean i mBaile Átha Cliath, suíomh Dháil Éireann.

Is é Fine Gael an páirtí is mó sa 32ú Dáil. Tá siad i rialtas mionlaigh faoi láthair le seachtar neamhspleách, agus leis an chúnamh socraithe le Fianna Fáil a ligeadh don Rialtas rialú ar choinníoll go nglaca an Rialtas roinnt beartais Fiann Fáil i dteannta a gcinn féin[1].

Is é seo a leanas miondealú na bpáirtithe go léir sa Dáil:

Baill an chéad Dáil


Páirtí Suíocháin
Fine Gael 50
Neamhspleáigh sa Rialtas 7
Fianna Fáil 44
Sinn Féin 23
Neamhspleáigh taobh amuigh den Rialtas 11
Páirtí an Lucht Oibre 7
Comhghuaillíocht Frithdhéine-Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús (CFD-CPRB) 6
Neamhspleáigh ar son an Athraithe 4
Comhaontas Glas 2
Daonlathaigh Shóisialta 2
Grúpa Gníomhaíochta na n-Oibrithe is iad atá Dífhostaithe 1
Ceann Comhairle 1
Iomlán 158

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]


  1. http://www.rte.ie/news/2016/0503/785720-minority-government-talks/