Ionadaíocht chionmhar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
proportional representation ar domhan

Is saincháilíocht nó saintréith í an Ionadaíocht chionmhar (IC) a bhaineann le córais toghcháin ina mbíonn rannáin nó difríochtaí sna toghthóirí le feiceáil go comhréireach sna baill tofa. Má thacaíocht 30% de na toghthóirí i bpáirtí polaitíochta áirithe, ansin beidh thart ar 30% de na suíocháin buaite ag an páirtí sin. Is é bunbhrí na gcóras seo ná go gcuireann na vótaí go léir leis an toradh: ní hamháin iolrach (nó tromlach coibhneasta), nó tromlach lom, acu. Éilíonn ionadaíocht chionmhar úsáid a bhaint as ceantair vótála ilchomhalta (ar a dtugtar freisin Ollcheantair); ní féidir úsáid a bhaint as i gceantair comhalta aonair, sé sin le rá, le suíochán amháin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féadtar breithniú ar an toghchán cathrach i gCorparáid Shligigh ar 15 Eanáir 1919, áit ar úsáideadh Ionadaíocht Chionmhar ar dtús báire, mar cheann de na toghcháin áitiúla is tábhachtaí i stair na hÉireann. Ba thoghchán fíor-ionadaíoch agus daonlathach a bhí ann.[1]

Proportional representation explained & illustrated; application to local government elections
Thomas Hare

Vótáil le hionadaíocht chionmhar(na rialacha atá i bhfeidhm in Éirinn)[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir córas na hionadaíochta cionmhaire, trí aonvóta inaistrithe, cuireann tú in iúl do chéad rogha tré uimhir a 1 a scríobh le taobh do chéad rogha, uimhir a 2 le taobh an dara rogha, 3 le taobh an tríú rogha agus srl. Is féidir leat stopadh ag marcáil do pháipéir tar éis uimhir a 1 nó aon rogha eile nó is féidir leat leanacht ar aghaidh síos tríd an bpáipéar ballóide go dtí go bhfuil do rogha tugtha do na hiarrthóirí uilig ag críochnú leis an iarrthóir le do rogha is lú.

Nuair a vótálann tú mar seo, tá tú ag tabhairt ceada don cheann comhairimh do vóta a inaistriú go dtí an dara rogha a roghnaigh tú más rud é go bhfuil an chéad rogha tofa le fuílleach vótaí thar an gcuóta nó go bhfuil sé/sí díbeartha. Má tá an té a thug tú an dara rogha do/dí tofa nó díbeartha beidh an vóta inaistrithe go dtí an 3ú rogha agus mar sin de

Comhaireamh na vótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar na boscaí ballóide go dtí lárionad comhairimh i ngach dáilcheantar nuair atá an vótáil críochnaithe. Tosaíonn an comhaireamh ar a 9:00 r.n. ar an lá dár gcionn. Déantar carnán de pháipéir ballóide ar son gach iarrthóra.

Déantar na páipéir bhallóide a mheascadh, a chomhaireamh agus a sortáil agus cuirtear aon pháipéir atá scriosta ar leataobh. Tá páipéar scriosta nuair nach bhfuil an stampa oifigiúil air nó muna bhfuil an rogha soiléir, mar shampla, má roghnaíonn an vótálaí dhá uimhir a 1 ar an bpáipéar nó má tá aon rud scríofa ar an bpáipéar ballóide a thugann le fios cé hé/hí an vótálaí. Dá bharr sin, is í an Vótáil Dlisteanach Iomlán an méid vótaí lúide an méid vótaí scriosta.

An cuóta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a dhéantar na páipéir a chomhaireamh agus a rangú faightear an cuóta tríd an Vótáil Dlisteanach Iomlán a roinnt ar an méid suíochán atá le líonadh móide 1 gan aon fhuílleach a thabhairt san áireamh agus vóta amháin a chur leis. Mar shampla, i dtoghchán Dála i ndáilcheantar le 4 shuíochán agus 50,000 vóta caite, roinntear an 50,000 ar a 4 agus cuirtear 1 leis (i.e. 5) = 10,000; 10,000 agus 1= 10,001. Is é seo an cuóta vótaí nach mór do na hiarrthóirí a bhaint amach agus ciallaíonnn sé nach féidir ach ceathrar a thoghadh.

Vótaí sa bhreis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má fhaigheann iarrthóir níos mó ná an cuóta in aon chomhaireamh, tá na vótaí breise inaistrithe chuig na hiarrthóirí atá fágtha i gcomhréir an chéad rogha eile atá roghnaithe ag na vótálaithe (mar shampla, an chéad rogha eile le haghaidh gach vóta don iarrthóir nach bhfuil tofa nó díbeartha). Mar shampla, má fhaigheann iarrthóir A 900 vóta thar an gcuóta ar an gcéad chomhaireamh agus nuair a dhéantar scrúdú ar a c(h)uid vótaí ar fad agus feictear go bhfuil 30% den dara rogha ag dul chuig iarrthóir B, ní fhaigheann iarrthóir B 30% de vótaí ar fad iarrthóra A, faigheann iarrthóir B 30% de na vótaí sa bhreis, is é sin 270 vóta (30% de 900).

Nuair atá iarrthóir tofa ar an dara chomhaireamh nó ina dhiaidh, ní dhéantar scrúdú ach ar na vótaí a thug é/í thar an gcuóta sa dáileadh de vótaí breise, is é sin, an carnán vótaí deireanacha a bhí inaistrithe chuig an iarrthóir tofa.

Má éiríonn le beirt iarrthóir nó níos mó dul thar an gcuóta ag an am céanna, roinntear vótaí an té a fuair an méid breise is mó ar dtús. Caithfidh an dáileadh breise bheith roinnte dá mbeadh iarrthóir tofa nó an t-iarrthóir leis an méid is lú vótaí sábháilte ó dhíbirt nó an t-iarrthóir bheith incháilithe a gcostais toghcháin a aisíoc (má tá sé i gceist).

Nuair nach bhfuil aon dáileadh sa bhreis nó nuair atá cosc ar an dáileadh sa bhreis déantar ansin an t-iarrthóir leis an méid is lú vótaí a dhíbirt. Caithfear beirt iarrthóir nó níos mó a dhíbirt le chéile nuair atá sé soiléir nach bhfuil aon seans ann gur féidir iad a shábháil ó dhíbirt sa deireadh thiar thall. Nuair atá iarrthóir díbeartha, déantar a c(h)uid vótaí a aistriú go dtí an chéad rogha eile atá luaite ar na páipéir sin.

Téann an comhaireamh ar aghaidh go dtí go mbíonn na suíocháin uilig líonta. Is féidir le hiarrthóir an suíochán deireanach a líonadh tré dul thar an gcuóta nó a bheith tofa gan aon chuóta a shroichint de bharr go bhfuil sé soiléir go dtoghfar é/í ar deireadh thiar. Dá bharr sin, má tá líon na suíochán atá le líonadh ceann amháin níos lú ná an méid iarrthóirí atá fágtha agus nach féidir leis an méid breise an t-iarrthóir leis an méid is lú vótaí a thabhairt suas cothrom leis an iarrthóir leis an dara méid is lú, toghtar na hiarrthóirí uilig seachas an t-iarrthóir leis an méid is lú vótaí, cé nár shroich aon duine acu an cuóta.

Aisíoc ar chostais toghcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le hiarrthóirí sa chuid is mó toghchán aisíocaíocht ar chostais toghcháin (suas go dtí uasmhéid de €6,348 do thoghchán Dála) a éileamh chomh fada agus gur ionann líon a gcuid vótaí agus sa bhreis ar 1/4 den chuóta. Tá rialacha comhairimh sa bhreis ann atá leagtha amach le gach deis a thabhairt d’iarrthóirí an méid vótaí seo a shroichint. Déantar an tairseach vótaí seo a chomhaireamh ar bhealach difriúil ag fothoghchán. Ar an gcaoi seo tá íosmhéid na vótaí a theastaíonn le haghaidh aisíocaíochta ar chostais toghcháin ag olltoghchán agus ag fothoghchán sa dáilcheantar céanna inchurtha lena chéile.

Athchomhairimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le hiarrthóirí athchomhaireamh a iarraidh ag comhaireamh áirithe nó don chomhaireamh ar fad. Nuair atá athchomhaireamh le déanamh ar chomhaireamh faoi leith déantar scrúdú ar na páipéir uilig a bhaineann leis an gcomhaireamh sin agus déantar páipéir a aistriú má tá botúin déanta. Go hiondúil ní tharlaíonn athchomhaireamh iomlán ach i dtreo deireadh an chomhairimh ar fad agus ní mór scrúdú a dhéanamh ar na vótaí uilig mar a sheasann siad (gan aon cheann a bhogadh) le cinntiú go bhfuil na vótaí tugtha don iarrthóir ceart agus go bhfuil an méid ceart páipéir i ngach carn. Déantar nóta d’aon bhotún a rinneadh agus nuair atá an scrúdú uilig thart, déantar anailís ar thionchar na mbotún. Deimhníonn an Ceann Comhairimh na torthaí céanna arís ach amháin nuair atá botún ollmhór déanta (mar shampla, toradh a thoghfadh iarrthóir difriúil nó a dhéanfadh iarrthóir difriúil a dhíbirt) sa chás seo déantar athchomhaireamh ar na vótaí ón áit a tharla an botún.

Nuair atá críoch tagtha leis an gcomhaireamh, fógraíonn an ceann comhairimh torthaí an toghcháin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cartlannaithe agus Bainisteoirí Taifead Rialtais Áitiúil / Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil (2020). "Daonlathas agus Athrú - Toghcháin Áitiúla 1920 in Éirinn". ISSN 978-0-95084-702-7. 978-0-95084-702-7.