Thomas Hare
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Márta 1806 Sasana, Ríocht Aontaithe ![]() |
Bás | 6 Bealtaine 1891 85 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, tuairisceoir cúirte, dlíodóir, eolaí polaitiúil, abhcóide ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | An Páirtí Coimeádach ![]() |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Mary Samson (1837–luach anaithnid) Eleanor Bowes Benson (1872–luach anaithnid) ![]() |
Páiste | Lancelot Hare ( ![]() Katharine Clayton ( ![]() Alfred Richard Hare ( ![]() Sherlock Hare ( ![]() Alice Westlake ( ![]() Marian Andrews ( ![]() Mary Eleanor Hare ( ![]() ![]() |
Bhí An Ridire Thomas Hare (28 Márta 1806 – 6 Bealtaine 1891) ina dhlíodóir is leasaitheoir toghchánach de chuid Shasana.[1] Chuir Hare ionadaíocht chionmhar chun chinn.[2]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1833 a glaodh chun an Bharra air agus sa bhliain 1853 a rinneadh Cigire na gCarthanas de agus Coimisinéir Cúnta ar an gCoimisiún Ríoga um Charthanais Cathrach ina dhiaidh sin.
Chaith Hare chuid mhaith dá shaol ag cur cinn na hionadaíochta cionmhaire mar chóras toghchánach agus is é an leagan comhaimseartha den chóras a bheartaigh sé—an ionadaíocht chionmhar ar mhodh an aonvóta inaistrithe—atá i bhfeidhm chun dhá Thithe an Oireachtais, Tionól Thuaisceart Éireann, Feisirí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa agus na húdaráis áitiúla sa dá chuid d'Éirinn a thoghadh.
Dúirt John Stuart Mill agus a lán daoine eile go raibh an-mholadh tuillte ag Hare as an bpáirt a bhí aige agus an cineál leasaithe thoghchánaigh sin á chur chun cinn.
Tuairisceoireacht dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá dlíodóirí freisin faoi chomaoin ag Hare as a ndearna sé mar thuairisceoir dlí. Níor tuairiscíodh Foss v Harbottle (1843) 2 Hare 461 agus Henderson v Henderson (1843) 3 Hare 100 ach i Hare's Reports in Chancery (1841-53) a chuir sé in eagar.[3]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ F. Parsons (2009). "Thomas Hare and Political Representation in Victorian Britain" (as en). Palgrave Macmillan UK.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Thomas Hare". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Thomas Hare, Great Britain Court of Chancery (1843). "Reports of Cases Adjudged in the High Court of Chancery: Before the Right Hon. Sir James Wigram, Knt., Vice-chancellor. [1841-1853]" (as en). A. Maxwell & Son.