Na Daonlathaithe Sóisialta (Éire)
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | SD | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas sóisialach Eorpachas An tSamhail Nordach | ||||
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 15 Iúil 2015 | ||||
Bunaitheoir(í) | Róisín Ní Shoirtéil agus Catherine Murphy | ||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | socialdemocrats.ie | ||||
Is páirtí polaitíochta Éireannach iad na Na Daonlathaithe Sóisialta (Béarla:Social Democrats) a bunaíodh ar an 15 Iúil 2015.
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an suíomh socialdemocrats.ie, deir an pháirtí go gcreideann siad[1]
- i dtír ina bhfuil seirbhísí poiblí d'ardchaighdeán,
- pobail láidir agus
- geilleagar atá faoi bhláth chun sochaí a chruthú ina bhfuil deis ag gach duine sa tír a gcumas a bhaint amach.
Meastar go ginearálta gur páirtí den eite chlé atá sna Daonlathaigh Shóisialta
Mar sin, tá an páirtí ag tacú le dáileadh níos cothroime d'airgead agus d'acmhainní eile, ról níos mó ag an rialtas i ndul i ngleic leis an easpa dídine, cánacha níos airde ar na daoine saibhre, agus tacaíochtaí sóisialta níos fearr do na daoine bochta.
Páirtí liobrálach i dtaobh na gceisteanna sóisialta atá ann chomh maith, iad ag tacú mar shampla le haisghairm an ochtú leasú i bPoblacht na hÉireann i 2018.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar na baill bhunaithe bhí na Teachtaí Dála; Catherine Murphy, Stephen Donnelly agus Róisín Shortall a bhí mar chomh-cheannairí ar an bpáirtí. Bhíodar seo luaite mar Theachtaí neamhspleácha nó le páirtithe faoi leith roimhe sin. D'fhág Stephen Donnelly an páirtí ar an 5 Meán Fómhair 2016.
Bhí an bheirt Teachtaí Dála, Shortall agus Murphy, ina gceannairí ar an bpáirtí a bhunaigh siad in 2015 nó gur tháinig an Teachta Dála as Corcaigh Holly Cairns i gcomharbacht orthu mar cheannaire sa bhliain 2023. Tá sí le feiceáil go rialta sna meáin mar cheannaire anois.[3]
In 2023, bhí gach cosúlacht ann go mbeadh Cairns, agus na Daonlathaithe Sóisialta léi, sásta dul i gcomhrialtas le Sinn Féin. Ag an am céanna, dhiúltaigh Cairns glacadh le socrú rialtais roimh an olltoghchán.[4]
Ar an 2 Iúil 2024, d'fhógair Róisín Shorthall agus Catherine Murphy go raibh siad le n-éirí as an bpolaitíocht ag an gcéad olltoghchán eile. Chreid siad, a dúirt siad, gur féidir saol agus sochaí níos féaráilte bheith ann agus gur prionsabail an daonlathais shóisialta a lean siad i gcónaí chuige sin. Chreid siad chomh maith go láidir sa bpolaitíocht mar chumhacht chun tairbhe an phobail.[5]
Is páirtí beag imeallach é na Daonlathaithe Sóisialta. Sna pobalbhreitheanna bhí tacaíocht na nDaonlathaithe Sóisialta thart ar 4% sna 2020idí. I ndáiríre braitheann suíocháin na bpáirtithe beaga seo ar an gcaoi a n-éireoidh nó nach n-éireoidh le hiarrthóirí aonair. Bunaithe ar an bhfigiúr náisiúnta is ar éigean go mbeadh suíochán ar bith ag Na Daonlathaithe Sóisialta, ach déanann roinnt dá n-iarrthóirí an beart mar a dhéanann neamhspleáigh.[4]
Torthaí Toghchán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dáil Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghchán | Ceannairí | Vótaí céadrogha | % | Suíocháin | ± | Rialtas |
---|---|---|---|---|---|---|
2016 | Catherine Murphy Róisín Shortall Stephen Donnelly |
64,094 | 3.0 (#7) | 3 / 158 |
Freasúra | |
2020[6] | Catherine Murphy Róisín Shortall |
63,397 | 2.9 (#6) | 6 / 160 |
3 | Freasúra |
2024 | Holly Cairns | 106,028 | 4.81 (#4) | 11 / 174 |
5 | TBA |
Toghcháin Áitiúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghchán | Vótaí céadrogha | % | Suíocháin | +/– |
---|---|---|---|---|
2019 | 39,644 | 2.3 (#6) | 19 / 949 |
|
2024 | 63,273 | 3.4 (#5) | 35 / 949 |
16 |
Parlaimint na hEorpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghchán | Ceannaire | Vótaí céadrogha | % | Suíocháin | +/− | Grúpa PE |
---|---|---|---|---|---|---|
2019 | Catherine Murphy Róisín Shortall |
20,331 | 1.21 (#8) | 0 / 13 |
Nua | − |
2024 | Holly Cairns | 51,571 | 2.95 (#9) | 0 / 14 |
0 |
Baill agus iarbhaill
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Róisín Shortall - Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh
- Cian O’Callaghan - Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh
- Catherine Murphy - Cill Dara Thuaidh
- Stephen Donnelly - Cill Mhantáin
- James Heffernan - Contae Luimnigh
- Jennifer Whitmore - Cill Mhantáin
- Holly Cairns - Corcaigh Thiar Theas
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Páirtí Nua Polaitíochta seolta" (as ga) (2015-07-15).
- ↑ "Irish political parties: The Green Party, Social Democrats, and…" (en). SpunOut.ie - Ireland's Youth Information Website. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-18. Dáta rochtana: 2020-07-15.
- ↑ "Fógra déanta ag bunaitheoirí na nDaonlathaithe Sóisialta nach mbeidh siad ag seasamh san olltoghchán" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-02). Dáta rochtana: 2024-07-03.
- ↑ 4.0 4.1 Eoin Ó Murchú (7 Márta 2023). "D’fhéadfadh Holly Cairns a bheith ina slánaitheoir, nó d’fhéadfadh sí a suíochán a chailliúint" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-03.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-02). "Róisín Shorthall, Catherine Murphy le n-éirí as an bpolaitíocht" (as ga-IE).
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".