Cian O’Callaghan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCian O’Callaghan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Bealtaine 1979
44 bliana d'aois
Cill Fhionntain, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Belvedere
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: OCallaghanCian Cuir in eagar ar Wikidata

Is ball de na Daonlathaigh Shóisialta é Cian O'Callaghan. Rugadh é i mí Bealtaine 1979. Ba é an chéad méara aerach in Éirinn. Seasann sé ar an gComhairle Contae Fhine Gall. Roimhe seo, bhí sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre. Toghadh é mar Theachta Dála san Olltoghchán 2020.

A óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as Chill Fhoinntain, Baile Átha Cliath é Cian. Cuireadh oideachas air i gColáiste Belvedere. Bhain sé Céim Mháistreachta amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD).[1]

Gairmréim pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh O'Callaghan chuig Chomhairle Contae Fhine Gall ar a chéad iarracht sa bhliain 2009, ag déanamh ionadaíochta ar an Lucht Oibre, ag glacadh an dara suíochán i dtoghcheantar áitiúil Bhinn Éadair-Mhullach Íde. I mí an Mheithimh 2012, toghadh é mar Mhéara Fhine Gall, agus ba é an chéad mhéara aerach go hoscailte é i stair na tíre.[2] Le linn dó a bheith ina mhéara, leag sé béim ar na fadhbanna a bhíonn ag úinéirí tí i roinnt forbairtí níos nuaí i gceantar Fhine Gall, áit a ndearna ábhair thógála a bhí truaillithe le pirít damáiste mór.[3]

I mí Iúil 2013, d’fhág O'Callaghan Páirtí an Lucht Oibre ar bhonn coinsiasa idé-eolaíocha, ag rá: "The introduction of two budgets in a row that actually increased income inequality by targeting people on low and middle incomes was deeply unjust" (Gaeilge: Bhí sé an-éagórach go mór éagothroime ioncaim a thabhairt isteach i ndiaidh a chéile trí dhíriú ar dhaoine ar ísealioncaim agus mheánioncaim.)"[4]

San iomaíocht mar iarrthóir Neamhspleách i dtoghcháin áitiúla 2014, bhain O'Callaghan barr an chomhairimh i dtoghcheantar áitiúil Bhinn Éadair-Mhullach Íde.[5] Agus é ag comóradh olltoghchán 2016 na nDaonlathaithe Shóisialta i dTuaisceart Chuan Átha Cliath, fuair sé 3,864 vóta céadrogha agus cuireadh as an áireamh é ar an 12ú comhaireamh.[5]

Bhí sé mar iarrthóir na nDaonlathaithe Shóisialta do thoghcheantar Bhá Bhaile Átha Cliath ag olltoghchán 2020 agus d'éirigh leis a bheith tofa.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cllr. Cian O’Callaghan". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Deireadh Fómhair 2019. Dáta rochtana: 16 Feabhra 2020.
  2. "Ireland’s ‘first openly gay mayor’ elected". TheJournal.ie.
  3. "Pyrite tops the agenda for Fingal's new Mayor". Fingal Independent.
  4. "O'Callaghan quits Labour over 'unfair and unjust' policies". Fingal Independent.
  5. 5.0 5.1 "Cian O'Callaghan".