Fine Gall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilFine Gall

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°27′35″N 6°13′05″W / 53.4597°N 6.2181°W / 53.4597; -6.2181
Stát ceannasachÉire Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairSord Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán296,214 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús651.59 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla454.6 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1994
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the Mayor of Fingal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhairle Contae Fhine Gall Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1166124
Suíomh gréasáinfingal.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is contae riaracháin suite i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath é Fine Gall[1], nó Contae Fhine Gall. Cruthaíodh sa bhliain 1993 faoin Acht um Rialtas Áitiúil é nuair a cuireadh deireadh le Comhairle Contae Átha Cliath. Is é an ceathrú contae is mó in Éirinn le 5% den daonra. Tá 239,813 duine ina gcónaí (daonáireamh 2006) ann. Is é Sord an príomhbhaile agus tá oifigí nua-aimseartha na comhairle suite ar phríomhshráid an bhaile.

Bailte agus sráidbhailte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 452.7 ciliméadar cearnógach talaimh i gceantar Fhine Gall agus tá teorainneacha le Cathair Átha Cliath, le Contae Átha Cliath Theas, leis an Mhí agus le Cill Dara aige. Tá 88km de chósta aige ó Chill Fhionntáin ó dheas go Baile Brigín ó thuaidh. Draenálann Abhainn Delvin é ar an Chríoch Thuaidh, Abhainn an Bharda agus Abhainn an Mhíodúin Leathain i lár, agus Abhainn na Tulcha agus Abhainn Seantreabh ar an Imeall Theas. Is í an Life a chríoch ar an imeall iardheisceartach. Tá trí hinbhear móra faoi choimirce agus gnáthóga réisc ghoirt ann, agus trí mhórthrá déag. Tá Binn Éadair agus Gleann na Life faoi Ordú Limistéir Taitneamhachtaí Speisialta.

Tionscail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tionscail bhogearraí agus chrua-earraí ríomhaireachta, earraí cógaisíochta, próiseáil bia agus ceardaíocht agus seirbhísí leictreacha/leictreonacha lonnaithe sa réigiún. Is é Fine Gall príomhréigiún táirgeadh ghairneoireachta na hÉireann. Tá na ceantair táirgthe, áfach, ag teacht faoi bhrú méadaitheach ó fhorbraíochtaí eile agus an chathair ag fás i dtreo na mbailte tuaithe. Tá Cuan Bhinn Éadair ar an chuan iascaigh is mó ar an Chósta Thoir, agus is é an cúigiú ceann is mó sa tír é. Is é Aerfort Bhaile Átha Cliath croí eacnamaíoch Fhine Gall i gcónaí agus tá tábhacht mhór náisiúnta leis mar gheall ar an mbonn fostaíochta atá aige, ar líon na bpaisinéirí a théann tríd agus ar a sheirbhísí aerlasta.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhairle Contae Fhine Gall

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]