Aerfort Bhaile Átha Cliath
| Aerfort Bhaile Átha Cliath | |||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||||||||||||||||||||
| Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Dublin Airport (ga) Aerfort Bhaile Átha Cliath | ||||||||||||||||||||||||||
| Ainmnithe in ómós | Baile Átha Cliath | ||||||||||||||||||||||||||
| Sonraí | |||||||||||||||||||||||||||
| Cineál | Aerfort idirnáisiúnta | ||||||||||||||||||||||||||
| Foirgníocht | 1940 | ||||||||||||||||||||||||||
| Dáta na hoscailte oifigiúla | 19 Eanáir 1940 | ||||||||||||||||||||||||||
| Áit ar a bhfreastalaíonn an mol iompair | Baile Átha Cliath | ||||||||||||||||||||||||||
| Tréith | |||||||||||||||||||||||||||
| Staid úsáide | in úsáid | ||||||||||||||||||||||||||
| Airde os cionn na farraige | 242 ft | ||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||
| Suíomh geografach | |||||||||||||||||||||||||||
| Limistéar riaracháin | Fine Gall, Éire | ||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||
| Codanna | Dublin Airport South Gates (en) Dublin Airport Terminal 1 (en) Dublin Airport Pier 1 (en) Dublin Airport Pier 3 (en) Dublin Airport Terminal 2 (en) Dublin Airport Pier 2 (en) Dublin Airport Pier 4 (en) Dublin Airport Gates 332-335 (en) | ||||||||||||||||||||||||||
| Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||
| Úinéir | Rialtais na hÉireann | ||||||||||||||||||||||||||
| Oibreoir | Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath | ||||||||||||||||||||||||||
| Cuairteoirí | 34,645,335 | ||||||||||||||||||||||||||
| ID GeoNames | 6296697 | ||||||||||||||||||||||||||
Is é Aerfort Bhaile Átha Cliath an t-aerfort is mó in Éirinn. Tá ÚABÁC i bhfeighil ar an aerfort.
Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath suite 10km ó thuaidh ó Chathair Bhaile Átha Cliath i mBaile Chóilín, Fine Gall, agus 71m os cionn leibhéal na farraige.
I 2018, chuaigh níos mó ná 31.5 milliún paisinéirí tríd an aerfort, rud a fhágann gurb é an 13ú haerfort is gnóthaí san Eoraip. Is é Aerfort Baile Átha Cliath an ceanncheathrú le Aer Lingus, Ryanair, ASL Éireannach, agus CityJet.[1]






Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Aerfort Bhaile Átha Cliath an t-aerfort is mó in Éirinn agus an 13ú aerfort is gnóthaí san Eoraip. In 2024, d'úsáid breis is 34.6 milliún paisinéir an t-aerfort, rud a rinne é an bhliain is gnóthaí riamh san aerfort. Tá dhá chríochfort phaisinéirí ag an aerfort:
- Críochfort 1: Príomhchríochfort d'eitiltí gearr-achair agus eitiltí ar chostas íseal (mar sh. Ryanair)
- Críochfort 2: Osclaíodh in 2010 é, agus freastalaíonn sé ar Aer Lingus agus eitiltí fad-achair go háirithe.
Tá rúidbhealach thuaidh ag an aerfort freisin, a osclaíodh in 2022 tar éis infheistíocht de €320 milliún. In 2024 Rinne 34.6 milliún paisinéir taisteal trí Aerfort Bhaile Átha Cliath
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1939: Thosaigh breathnadóireachtaí sionoptacha ag Aerfort Bhaile Átha Cliath[2].
- 19 Eanáir 1940: D'oscail go hoifigiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath ag 9:00am. Rinneadh an chéad eitilt tráchtála don chéad uair riamh ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go Learpholl (Aer Lingus Lockheed 14).
- 1941: D'oscail an Teirminéil nua, ar a dtugtar anois an OCTB (Old Central Terminal Building nó an Sean-Lároifig Theirminéil). Is foirgneamh liostaithe é seo. Ba é Desmond Fitzgerald, deartháir an Iar-Thaoisigh Garret Fitzgerald, a dhear é.
- 1942 Bhog an Oifig Meitéareolaíochta óna sheancheathrú, áit a raibh aonad ospidéil de chuid an RAF le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, go dtí Lároifig an Teirminéil nua. Tá an Oifig Meitéareolaíochta ann go fóill.
- 1943: Faoi dheireadh 1943, bhí an oifig réamhaisnéise ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ag soláthar seirbhíse le heitiltí thras-chainéil agus bhain sé an freagracht as na seirbhíse don Aerchór agus d’Óglaigh na hÉireann ó Fhaing (Foynes).
- 19 Samhain 2010. D'oscail an dara críochfort. D'oscail an taoiseach, Brian Cowen, é.
- 24 Lúnasa 2022: Osclaíodh rúidbhealach nua ar taobh thuaidh an aerfoirt. Athraíodh ainm an rúidbhealaigh 10/28 go 10R/28L agus tugadh an t-ainm 10L/28R ar an gceann nua. Tá fad 3,100 méadar ar an rúidbhealach seo, níos faide ná na cinn eile.
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1990idí, moladh tríú críochfort a thógáil ag an aerfort. Sa bhliain 2024, bhí an t-Údarás ag feitheamh ar bhreith ón gComhairle Contae faoin bplean a bhí curtha isteach acu.[3]
Le taobh an aerfoirt tá an talamh atá beartaithe don bhonneagar ar an margadh gan díol le fada. Thairg Údarás an Aerfoirt €75 milliún ar an suíomh 260 acra sa bhliain 2023, ach bhí na húinéirí - muintir McEvaddy - ag lorg a thrí oiread. Bhí plean leis an gcríochfort a thógáil curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae Fhine Gall in 2024 ag Des agus Ulick McEvaddy. Ach tá an t-Údarás ag díriú ar a bplean féin.[3]
Aerlínte agus cinn scríbe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir eitilt ó Bhaile Átha Cliath chuig an chuid is mó de phríomhaerfoirt na hEorpa, chomh maith le príomhaerfoirt Mheiriceá Thuaidh agus an Mheánoirthir.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ André Orban (2024-01-09). "CityJet marks 30 years: from Dublin-London Inception to a Pan-European aviation force" (en-GB). Aviation24.be. Dáta rochtana: 2024-04-06.
- ↑ "met.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-03-08. Dáta rochtana: 2016-10-19.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-04-04). "An-imní go háitiúil faoin 3ú críochfort ag Aerfort BÁC" (as ga-IE).
