Asfalt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Asfalt

Iarmhar biotúmanach leathsholadach galú peitriliam, a chruthaítear trí ghalú mall sa nádúr nó driogadh sa tionscal. Dubh nó donn, agus is féidir go mbeidh sé slaodach nó soladach, ag brath ar a chomhdhéanamh is a theocht. Úsáidtear de ghnáth é measctha le hábhar mianrach soladach le aghaidh ábhar dín, déanamh bóthar agus eile. I gcuid de na deascáin nádúrtha bíonn toilleadh maith mianra nádúrtha, mar a fhaightear in Oileán na Tríonóide. Tugtar biotúman air freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Asfalt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 50.