Driogadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa cheimic, próiseas ina ngalaítear leacht ó shoitheach amháin is a gcomhdhlúthaítear arís í i soitheach eile. Rinneadh taifead ar an bpróiseas seo don chéad uair sa tSín san 8ú céad. In íonghlanadh uisce, galaíonn na gáis atá tuaslagtha san uisce ach ní athchomhdhlúthaíonn siad, agus ní ghalaíonn na solaid atá tuaslagtha san uisce in aon chor. Má thuaslagtar leachtanna le so-ghalaitheachtaí difriúla le chéile, is féidir iad a scaradh trí dhriogadh. Mar shampla, nuair a dhriogtar meascán uisce is eatánóil, táirgtear gal atá lán d'eatánól (a athchomhdhlúthaíonn sa dara soitheach) agus fágtar iarmhar sa chéad soitheach lán d'uisce leis na solaid thuaslagtha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Driogadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 223.