Aer Lingus
| Mana | Smart flies Aer Lingus | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Sonraí | |||||
| Cineál | aerlíne cuideachta phoiblí | ||||
| Foirm dlí | Teoranta | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 28 Bealtaine 1936, Baile Átha Cliath | ||||
| Úsáideann sé/sí | AMOS | ||||
| Mol na haerlíne | |||||
| Reward program (en) | AerClub (en) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú |
| ||||
| Máthaireagraíocht | International Airlines Group | ||||
| Fochomhlacht | |||||
| Suíomh gréasáin | aerlingus.com | ||||
Aerlíne is ea Aer Lingus cuid de Ghrúpa IAG (British Airways, Iberia, srl) inniu. Tá an t-ainm branda, leagan Béarlaithe, díorthaithe ón bhfocal "Aer Loingeas" nó "Aerloingeas".
Tá ceanncheathrú an chomhlachta suite in Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus bhí 41 aerárthach de dhéantús Airbus ann (sa bhliain 2010) ag taisteal chuig an Eoraip, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Tuaisceart na hAfraice.

Rialachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh 2006, bhí 85% den gcomhlacht faoi úinéireacht an Rialtais.[1][2][3]
Cuireadh an comhlacht i Stocmhalartán na hÉireann agus Stocmhalartán Londain ar an 2 Deireadh Fómhair 2006, i ndiaidh do Rialtas na hÉireann an cinneadh a ghlacadh go ndíolfaí breis is leath den bhun 85.1 % a bhí ag an Stát sa chomhlacht. Choinnigh lucht oibre an chomhlachta an bun a bhí acusan ann, is é sin, 15 %. Ag an am, bhí fós 28% den aerlíne faoi úinéireacht Rialtais na hÉireann.
Díoladh an chuid seo do IAG sa bhliain 2016 agus is cuid den ghrúpa IAG (IAirGroup.com) Aer Lingus inniu.




Tairiscint Táthcheangail de chuid Ryanair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Ryanair iarracht a dhéanamh chun Aer Lingus a cheannach faoi dhó, i 2006 agus 2008, ach theip orthu an dá uair.
Sa bhliain 2006 rinne Ryanair tairiscint táthcheangail ar 1.48 billiún euro ag iarraidh Aer Lingus a cheannach. Dúirt Michael O'Leary, príomhoifigeach feidhmiúcháin Ryanair, gur "áiméar gan a leithéid" a bhí ann le gnólacht eitlíochta Éireannach amháin a chur ar bun a d'iompródh breis agus leathchéad milliún paisinéir in aghaidh na bliana.
Ar dtús bhí na scaireanna ag dul €2.20 an ceann, ionas gur luacháladh an comhlacht ar 1.13 billiún euro ar fad. Chuir Ryanair in iúl go raibh sé tar éis bun 16 % a cheannach in Aer Lingus, agus go raibh sé ag tairiscint €2.80 an ceann ar na scaireanna a bhí fágtha. Ar an lá céanna, dhiúltaigh Aer Lingus don tairiscint táthcheangail, ó bhí sí ag teacht salach uirthi féin. Bhí 47 % de scaireanna an chomhlachta ag an Stát, ag iontaobhas úinéireachta an lucht oibre agus ag slánaonaid eile nach raibh sásta glacadh le tairiscint Ryanair.
Thairis sin, bhí seilbh ar 4 % eile ag Banc na hÉireann agus ag Bainc-Aontas Éireann, nach raibh an chuma orthu go mbeidís sásta a gcuid a dhíol le Ryanair. Mar sin, thit an tóin as an tairiscint táthcheangail.
Oibríochtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'ábhar conspóide é in Éirinn (go háirithe san iardheisceart) nuair a d'fhógair Aer Lingus i mí Lúnasa, 2007, go raibh sé ag bogadh a chuid eitiltí idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain go dtí Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste, áit atá siad ag bunú mol nua don aerlíne. I mí Aibreáin 2009 thosaigh Aer Lingus ag eitilt chuig Heathrow ó Aerfort na Sionainne arís de bharr mórán conspóide.
I mí Aibreáin 2009 bhunaigh Aer Lingus a chéad bhunáit taobh amuigh d'oileáin na hÉireann in Aerfort Gatwick i Londain.
Is ball é Aer Lingus den chomhaontas aerlínte Oneworld. D'fhág sé é sin ar an 1 Aibreán 2007 [4]. Sa bhliain 2016, mar chuid den ghrúpa IAG, is ball é arís[5].
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 15 Aibreán 1936 - Bunaíodh Aer Lingus
- 27 Bealtaine 1936 - Céad eitilt Aer Lingus
Sna 1970idí, bhí Tony Ryan ina fheidhmeannach de chuid Aer Lingus. Ansin bhí sé páirteach i mbunú an chomhlachta úd Guinness Peat Aviation i 1975, agus bhunaigh sé Ryanair sa bhliain 1985. Bhí Ryanair ag eitilt idir Aerfort Gatwick i Londain agus Aerfort Phort Láirge in Éirinn, agus an comhlacht ag iarraidh dé-oplacht (monaplacht dhéroinnte) Aer Lingus agus British Airways a bhriseadh sa trácht eitilte idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann.
Sna 1990idí, bhí an eitlíocht leathliobrálaithe ag an Aontas Eorpach: go bunúsach, bhí cead agat freastal ar aerchúrsa idir dhá bhallstát má fuair comhlacht faomhadh aon cheann acu. San am seo, ní raibh údaráis na hÉireann sásta cead a thabhairt don Ryanair, ó bhí siad ag iarraidh Aer Lingus a chosaint ar iomaíocht. Ach bhí rialtas Margaret Thatcher i gceannas ar an Ríocht Aontaithe, agus saoirse an mhargaidh á chur chun cinn acu ar chúiseanna idé-eolaíochta. Mar sin, cheadaigh an Ríocht Aontaithe don Ryanair cúrsaí nua a eitilt, agus bhí iomaíocht i ndáiríre ann do Aer Lingus.
Sa bhliain 2015, cheannaigh IAG an aerlíne Éireannach chun barainneachtaí scála a chruthú agus acmhainní a tharraingt le chéile
Timpistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 10 Eanáir 1952. An chéad timpiste eitleáin ag Aer Lingus. Maraíodh 20 i dtimpiste sa Bhreatain Bheag.
- 24 Márta 1968. Básaíodh 61 duine nuair a thit Eitilt 712 de chuid Aer Lingus in aice leis an Tuscar i gContae Loch Garman.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aer Lingus - aerlingus.com
- IAG - iairgroup.com
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Aviation Strategy - Aer Lingus: Flying Celtic Tiger". aviationstrategy.aero. Dáta rochtana: 2026-08-02.
- ↑ businessmodelcanvastemplate (2026-03-17). "Who Owns Aer Lingus Company?" (en). Business Model Canvas Research. Dáta rochtana: 2026-08-02.
- ↑ Tourism Economics. "[https://scispace.com/pdf/the-strategic-evolution-of-aer-lingus-from-a-full-service-1w5rd9g4i3.pdf The Strategic evolution of Aer Lingus from a Full Service Airline to a Low Cost Carrier and finally positioning itself into a Value Hybrid Airline.]". Dáta rochtana: 2026.[nasc briste go buan]
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-03-12. Dáta rochtana: 2006-12-22.
- ↑ https://www.aerlingus.com/aerclub/