Margaret Thatcher
Polaiteoir Briotanach ab ea Margaret Hilda Thatcher, An Banbharún Thatcher,[1] a rugadh faoin ainm Margaret Hilda Roberts ar 13 Deireadh Fómhair 1925 agus a d'éag ar 8 Aibreán 2013. Bhí sí ina ceannaire ar an bPáirtí Coimeádach ó 1975 go dtí 1990.
Sa bhliain 1979, d'éirigh sí ina Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, agus an chéad bhean a bheith ina Príomh-Aire.[2] Chaith Thatcher breis is 11 bhliain mar Phríomh-Aire ar an mBreatain – an t-achar is faide a chaith aon duine sa ról seo le linn an fichiú haois.
‘Bean an Iarainn’ an leasainm a thugtaí uirthi go minic go háirithe toisc an cur chuige a léirigh sí le linn na stailceanna ocrais sna H-Blocanna3 in 1981.[3]
Beatha phearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh in Grantham, Lincolnshire i Sasana í. Ba as Drom an Easaigh i gContae Chiarraí, a sin-seanmháthair Catherine Sullivan, a d'aistrigh go Sasana sa bhliain 1811. Phós Catherine oibrí feirme darbh ainm Thomas Smith agus phós Ellen, a iníon, Benjamin Ebenezer Roberts. Athair Thatcher ab ea a mac Alfred.
B'iníon Margaret le hAlfred agus Beatrice Roberts. Grósaeir ab ea a hathair, a raibh siopa aige in Grantham, agus is os cionn an tsiopa a bhí cónaí ar a teaghlach agus í ag fás aníos. Ba chomhairleoir áitiúil é Alfred Roberts, freisin. Cé nár bhall é d'aon pháirtí polaitiúil, bhí a chuid tuairimí agus polasaithe coimeádach. Bhí gaol an-láidir idir í agus a hathair, ach ní raibh caidreamh rómhaith aici lena máthair. Bhain sí céim amach sa cheimic ó Ollscoil Oxford sna 1940í. Agus í ag staidéar in Oxford, ba bhall í de na Coimeádaigh Óga.
I 1951, phós sí Denis Thatcher, ball eile den Pháirtí Coimeádach. Fear colscartha ab ea Denis, a bhí deich mbliana níos sine ná Margaret. Bhí beirt pháiste acu, an cúpla Mark Thatcher agus Carol Thatcher, a rugadh i 1953.
Slí bheatha pholaitiúil, 1950-1979
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheas Margaret Thatcher gan rath i dtoghcheantar Dartford sna holltoghcháin i 1950 agus 1951. Toghadh í mar Fheisire do Finchley i 1959.
Nuair a bhí sí ina Rúnaí Oideachais i rialtas Edward Heath ó 1970 go dtí 1974, chuir sí deireadh le dáileadh bainne saor in aisce i scoileanna. Dá bhrí seo, tugadh Maggie Thatcher, Milk Snatcher uirthi.
Toghadh í mar cheannaire ar an bPáirtí nuair a sheas sí i gcoinne Heath i 1975 tar éis don Pháirtí dhá olltoghcháin a chailleadh i 1974. Ceannaire an Fhreasúra ab ea í anois. Bhí a cuid polasaithe ar an eite dheas. Ba é ceann dá polasaithe is cáiliúil ná an t-airgeadachas. Bhí sí go mór i gcoinne an tsóisialachais agus na gceardchumann. De bharr a tuairimí faoin gcumannachas agus a polasaí maidir leis an Aontas Sóivéadach, thug na Sóivéadaigh an leasainm cáiliúil The Iron Lady ("An Bhean Iarainn") uirthi.
Príomh-Aire, 1979-1990
[cuir in eagar | athraigh foinse]San olltoghchán i 1979, bhuaigh na Coimeádaigh móramh i dTeach na dTeachtaí agus toghadh Thatcher mar Phríomh-Aire. Tháinig sí i gcomharbacht ar Edward Heath mar cheannaire ar an Pháirtí Caomhach1 agus bhaineadar amach tromlach 43 suíochán in aghaidh an Lucht Oibre.
Chuir sí polasaithe ‘nualiobrálacha’ i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe a spreag an earnáil airgeadais go mór agus thacaigh sí go láidir le seasamh Uachtarán Mheiriceá, Ronald Reagan, in éadan an Aontais Shóivéadaigh.
Cogadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a d'ionsaigh an Airgintín Oileáin Fháclainne i 1982, sheol Thatcher fórsa chun na hoileáin a chosaint, tascfhórsa ó chabhlach na Breataine le hOileáin Fháclainne a thógáil in athuair ón Airgintín.
Nuair a cuireadh long de chuid na hAirgintíne, an General Belgrano, go tóin poill, tharraing an taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, siar tacaíocht na hÉireann do smachtbhannaí Eorpacha in aghaidh na hAirgintíne. Chuir sé seo leis an droch-chaidreamh eatarthu. Tar éis bua in Oileáin Fháclainne bhí bua eile aici sa toghchán in 1983.[3]
Bhí an-mhíshástacht sa Bhreatain i leith riail Thatcher ag tús na 1980idí. Ach mhéadaigh bá an phobail dí nuair a bhuaigh an Bhreatain Cogadh na Falklands-Malvinas.
An dara téarma
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh na Coimeádaigh na holltoghcháin i 1983 agus 1987, freisin, faoi cheannas Thatcher. Dhein sí príobháidiú ar thionscail stáit cosúil le British Telecom agus comhlachtaí gáis agus uisce
Sheas sí in aghaidh cheardchumainn mhóra na Breataine i stailc fhada na mianadóirí, a bhí ar siúl ó 1984 go dtí 1985. Faoi dheireadh, bhuaigh an rialtas ar na stailceoirí.
Tharraing Thatcher tuilleadh conspóide de bharr na tacaíochta a thug sí do dheachtóir na Síle, Augosto Pinochet, agus dhiúltaigh sí tacú smachtbhannaí in éadan na hAfraice Theas nuair a bhí cinedheighilt i bhfeidhm.
Sa bhliain 1990, bhris círéibeacha amach nuair a rinne Thathcer iarracht cáin chaipitíochta (cáin cloigne) a thabhairt isteach.[4] Tháinig John Major i gcomharbacht uirthi go gairid ina dhiaidh sin.
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Thatcher go láidir i gcoinne an phoblachtachais Éireannaigh.
- I 1981, bhí ar Thatcher dul i ngleic le stailceoirí ocrais[5] as an IRA agus an INLA sa Cheis Fhada i dTuaisceart Éireann. Bhí siad ag lorg stádas polaitiúil. Dhiúltaigh sí géilleadh d’éilimh an IRA go mbronnfaí stádas polaitiúil ar a gcuid príosúnach sa Tuaisceart. Níor thug Thatcher an stádas sin dóibh go dtí go raibh deichniúr príosúnach marbh, an Feisire Parlaiminte Bobby Sands ina measc, ach bhronn Thatcher na héilimh níos déanaí,[6]
- Sa bhliain 1984, chuir sí isteach ar phoblachtánaigh sa deisceart agus sa tuaisceart de bharr a dearcaidh faoi thuarascáil an New Ireland Forum. Rinne sí beag is fiú de mholtaí an New Ireland Forum in 1984 i ráiteas cáiliúil ‘Out, Out Out’.[7]
- Rinne an IRA iarracht í a mharú in 1984 nuair a bhuamáil siad comhdháil de chuid an Pháirtí Chaomhaigh in Brighton.
- Sa bhliain 1985, shínigh Thatcher an Conradh Angla-Éireannach i 1985 beag beann ar olc na n-aontachtach mar go raibh tionchar áirithe faighte ag rialtas Garrett Fitzgerald ar chúrsaí ó Thuaidh.
- Spreag dul chun cinn polaitiúil Shinn Féin sna 1980idí imní i Sráid Downing áfach. Bheartaigh Thatcher ról a thabhairt do Rialtas na hÉireann i rialú an Tuaiscirt sa Chomhaontú Angla-Éireannach, conradh a shín Thatcher le Poblacht na hÉireann i 1985, agus a spreag uafáis i measc an phobail Aontachtaigh sna sé chontae.
Bás agus oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh sí as an gCeannas agus as an bPríomh-Aireacht i 1990 tar éis di cuid mhór dá tacaíocht sa Pháirtí a chailleadh. Tugadh an post do John Major, ceann de thacaithe Thatcher.
Tháinig galar Alzheimer nó néaltrú seanaoise uirthi timpeall na 1990idí.
D'éag sí le stróc, is cosúil, i Londain ar an 8 Aibreán, 2013.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Order of the Garter, Order of Merit, Comhairle Bhanríon na Ríochta Aontaithe, Royal Society
- ↑ "IarPhríomh-Aire na Breataine Margaret Thatcher básaithe". web.archive.org (2013-04-12). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-04-12. Dáta rochtana: 2021-04-08.
- ↑ 3.0 3.1 Sorcha Ní Riada / vifax.maynoothuniversity.ie (2013). "Bean an Iarainn". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "The Battle of Trafalgar Square: The poll tax riots revisited" (en). The Independent (2010-03-25). Dáta rochtana: 2022-05-03.
- ↑ Éifeacht fhadtéarmach na stailceanna ocrais, Robert McMillen, Beo, AIBREÁN 2006
- ↑ An Tuairisceoir, 2013, https://antuairisceoir.com/2013/04/08/margaret-thatcher-marbh/ Curtha i gcartlann 2017-07-14 ar an Wayback Machine
- ↑ An Tuairisceoir, 4 Aib. 2013, https://antuairisceoir.com/2013/04/08/margaret-thatcher-marbh/ Curtha i gcartlann 2017-07-14 ar an Wayback Machine