An Airgintín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Airgintín
República Argentina (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHimno Nacional Argentino Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«En unión y libertad (en) Aistrigh» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósairgead Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 34°S 64°W / 34°S 64°W / -34; -64

PríomhchathairBuenos Aires Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán47,327,407 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús17.02 hab./km²
Teanga oifigiúilan Spáinnis (de facto) Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMeiriceá Laidineach
Southern Cone (en) Aistrigh
Meiriceá Theas
ABC nations (en) Aistrigh
Meiriceá Easpáinneach Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla2,780,400 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSliabh Aconcagua (6,961 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleLaguna del Carbón (en) Aistrigh (−105 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síColonial Argentina (en) Aistrigh agus United Provinces of the Río de la Plata (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú9 Iúil 1816
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht chónaidhme Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na hAirgintíne Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachArgentine National Congress (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na hAirgintíne Cuir in eagar ar WikidataJavier Milei (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na hAirgintíne Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil487,227,125,386 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraArgentine convertible peso (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ar Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+54 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála911, 100, 117 agus 101 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreAR Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinargentina.gob.ar Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír i Meiriceá Theas í an Airgintín. Tá teorainneacha aici leis an Sile, le Paragua, leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl agus le Uragua. Ceann de thíortha an réigiúin úd Río de la Plata is ea í (rioplatense mar a deirtear sa Spáinnis), agus cosúil leis na tíortha eile i Río de la Plata fuair sí a lán tionchair ón Iodáil, ó shocraigh a lán lucht imirce ón tír sin san Airgintín. Tá lorg na hIodáilise féin le mothú sa chineál Spáinnise a labhraítear sa tír. Is iad teangacha na n-inimirceach, cosúil leis an Iodáilis (nó leis na canúintí Iodálacha), an Ghearmáinis, an Araibis agus an Béarla féin, na teangacha mionlaigh is mó. An chuid is mó de na teangacha bundúchasacha ón aimsir roimh theacht na Spáinneach, chuaigh siad in éag, ach labhraítear cuid acu i gcónaí, ar nós na Ceatsuaise agus na Guaráinise.

Tagann ainm na tíre ón fhocal Laidine argentum, a chiallaíonn airgead.

Is í Buenos Aires an phríomhchathair. Bhí 43 milliún duine ina gcónaí ansin sa bhliain 2005.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh theacht na nEorpach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh ach áitreabh scaipthe san Airgintín roimh theacht na Spáinneach. Sa chúigiú haois déag áfach tháinig trúpaí ó Impireacht na nInceach leis na críocha seo a shealbhú, ó theastaigh mianraí agus miotail an réigiúin ó Tupac Inca Yupanqui a bhí ag rialú na nInceach san am. Ba iad na hIncigh a choinnigh an lámh in uachtar ar na críocha seo go dtí gur tháinig na conquistadores ón Spáinn.

Na hEorpaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chéad dream Eorpach a tháinig go dtí an réigiún níorbh iad na Spáinnigh ach na Portaingéalaigh iad. Ba iad Gonçalo Coelho agus Amerigo Vespucci iad sa bhliain 1502. Timpeall ar an mbliain 1512 d'fhionn Joäo de Lisboa agus Estevão de Fróis béal na habhann tábhachtaí úd Río de la Plata, agus chuaigh siad i dteagmháil leis na Charrúa, treibh áitiúil a d'inis dóibh faoi na hIncigh—"na daoine ar an taobh eile de na sléibhte". Ba é seo an chéad uair a chuala muintir na hEorpa trácht ar impireacht na nInceach. Sa bhliain 1516 a tháinig na Spáinnigh faoi cheannas Juan Díaz de Solís, agus fiche bliain ina dhiaidh sin bhunaigh siad an chéad choilíneacht san áit a bhfuil Buenos Aires inniu. Ní raibh maireachtáil i ndán don choilíneacht an iarracht sin, áfach, nó thréig na Spáinnigh í sa bhliain 1541. Níor cuireadh tús buan le Buenos Aires ach sa bhliain 1580, nuair d'athbhunaigh Juan de Garay an choilíneacht. Seacht mbliana roimhe sin bhí cathair Córdoba (an dara cathair is mó daonra san Airgintín inniu) bunaithe ag Jerónimo Luis de Cabrera. Cuid de Leas-Ríocht Pheiriú ab ea na coilíneachtaí seo, agus is as Peiriú a tháinig an chéad lucht áitribh. Murab ionann agus na coilíneachtaí eile i Meiriceá Theas, ní de thoradh aon ruathar óir a tháinig an t-áitreabh Spáinneach san Airgintín ar an bhfód.

Ba í an smuigleáil a chuir Buenos Aires agus na cathracha eile sa réigiún ag borradh. Nuair a bhí an réigiún á rialú ó Lima, ní raibh sé ceadaithe úsáid a bhaint as na cuanta maithe nádúrtha i Río de la Plata, nó ba é an dlí a bhí i bhfeidhm ná an trádáil idirnáisiúnta a dhéanamh trí Callao amháin (is é sin, cuan Lima). Sa bhliain 1776 dheighil na Spáinnigh an réigiún ó Leas-Ríocht Pheiriú agus bhunaigh siad Leas-Ríocht Río de la Plata. Ba í Buenos Aires príomhchathair na coilíneachta nua. Ní raibh Río de la Plata chomh mór i dtuilleamaí na miotal lómhar cosúil le Peiriú, nó bhí an beostoc agus an trádáil mara ní ba thábhachtaí mar fhoinsí ioncaim.

Neamhspleáchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 9 Iúil 1816, d'fhógair an Airgintín a neamhspleáchas ón Spáinn. Le fírinne is é an t-ainm a bhí ar an tír san am ná Cúigí Aontaithe Mheiriceá Theas (Provincias Unidas de Sudamérica), agus ina dhiaidh sin, Cúigí Aontaithe Río de la Plata, ós rud é nach raibh cuid de na cúigí sin sásta fanacht in aon stát leis an Airgintín. Rinneadh stát nua na Bolaíve de chúig chúige de chuid sean-Leas-Ríocht Río de la Plata, agus bhain Uragua amach neamhspleáchas di féin le lámh láidir i bpáirc an áir.

Sa bhliain 1900 bhí an Airgintín ar ceann de na deich dtíortha is saibhre sa domhan. San am sin bhí na mílte inimirceach ag tonnadh isteach ón Eoraip.

Deachtóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an tír faoi stiúir an airm agus éagobhsaíocht ghinearálta ó 1930 go dtí 1983, beagnach. Tháinig an Peronismo (nó Justicialismo) chun saoil sna 1950idí nuair a bhí Juan Perón agus a bhean chéile, Evita i gcumhacht. Deachtóireacht a bhí ann a raibh culaith an daonlathais curtha air.

I ndiaidh dó bheith ina Aire Saothair agus ina Leas-Uachtarán, toghadh faoi thrí é ina Uachtarán ar an Airgintín agus é in oifig ó Mheitheamh na bliana 1946 go Meán Fómhair, 1955, nuair a cuireadh as oifig é le coup d'état, agus arís eile ó Dheireadh Fómhair na bliana 1973 go dtína bhás i mí Iúil, 1974.

Le linn a chéad téarma (1946–52), ba mhór an tacaíocht a fuair Perón ón dara bean chéile aige, Eva Duarte ("Evita"), agus bhí an-ghnaoi ag an bpobal orthu beirt.

Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1982, d'ionsaigh rialtas míleata na hAirgintíne Oileáin Fháclainne, agus d'éirigh ina chogadh idir an Airgintín agus an Ríocht Aontaithe. I ndiaidh dhá mhí, d'éirigh leis na Sasanaigh ruaigeadh a chur ar na hAirgintínigh.

Daonlathas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh an junta (deachtóireacht) níos laige i ndiaidh na heachtra seo. Tháinig an daonlathas ar ais san Airgintín sa bhliain dár gcionn, 1983.

Tháinig biseach ar na cúrsaí eacnamaíochta nuair a d'éirigh Carlos Menem ina uachtarán ó 1989.

Ach bhí fadhbanna eacnamaíocha ag deireadh na 1990í agus theip ar na hAirgintínigh a gcuid íocaíochtaí a dhéanamh.

Struchtúr polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá córas uachtaráin i bhfeidhm, in éineacht le parlaimint le dhá theach, an Chomhdháil le 257 ball agus an Seanad le 72 ball. Tá tréimhse in oifig ceithre bliana ag an uachtarán. Tá 23 cúige ann, chomh maith le ceantar feidearálach Buenos Aires, gach ceann acu lena chomhdháil is lena chóras riaracháin féin, iad go léir faoin rialtas feidearálach.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Salta
  • Aibhneacha Paraná, Uruguay agus Limay; eas Iguazu ar an dteorainn leis an mBrasaíl san oirthuaisceart.
  • Sléibhte Andes agus an tsliabh is airde i Meiriceá Theas, Aconcagua (6960 m).
  • Las Pampas—limistéar clárach timpeall 1.5 milliún ciliméadar cearnach..
  • An Phatagóin.
  • Cúigí agus limistéir eile.
  • Aeráid.

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tábhachtach na talmhaíochta, las Pampas agus na Gauchos.
  • Fíon.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tíortha Mheiriceá Theas
Airgintín, an | Bholaiv, an | Bhrasaíl, an | Cholóim, an | Eacuadór | Ghuáin, an | Paragua | Peiriú | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniséala