Airgead (dúil)
Airgead | |
Siombail Cheimiceach | Ag |
Uimhir Adamhach | 47 |
Meáchan Adamhach | 107.880 |
Grúpa, Peiriad | 11, 5, d |
Dlús | 10.49 g·cm−3 |
Sraith Cheimiceach | |
![]() |
Dúil mhiotalach is ea an t-airgead nó an t-airgead geal, agus is í an uimhir adamhach atá aige sa tábla peiriadach ná 47. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 107.880, agus cuirtear in iúl é sna foirmlí ceimiceacha leis an ngiorrúchán Ag, atá bunaithe ar an bhfocal Laidne argentum.
Suíomh sa tábla peiriadach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an t-airgead geal ar an dara ceann de na miotail i ngrúpa a 11, in éineacht leis an ór agus leis an gcopar. Ceann de na miotail trasdultacha is ea é, mar sin. Tá sé suite i bpeiriad 5. Mar sin, is í an dúil a thagann roimhe ná an pallaidiam, agus an caidmiam ag teacht sna sálaí aige.
Tréithe fisiceacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Miotal, beagnach bán, bog agus lonrach atá ann, ina sheoltóir maith teirmeach is leictreach. Tá an t-airgead geal ar an seoltóir idir leictreach agus teirmeach is fearr atá ann. A leáphointe 961°C.
Is neamhghníomhach ó thaobh ceimice de. Cornhdhúilíonn sé le sulfar, rud a theirnhlíonn a dhromchla.
Ós rud é gur triathmhiotal é, faightear ina aonar é sa nádúr. Faightear saor nearnhchomhcheangailte i mianaigh é, go príornha le luaidhe is copar. Thairis sin, is féidir é a fháil i mianraí ar nós argaintít, arb ionann í agus suilfíd an airgid (I), Ag2S, agus cornairgead nó clórargairít, arb ionann í agus clóiríd an airgid (I), AgCl.
Úsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]
Úsáidtear an miotal seo sa mhonaíocht, seodra, sa ghrianghrafadóireacht, sa leictreonaic, i scátháin fhrithchaiteacha, soithí airgid, agus san fhiaclóireacht. In úsáid freisin sa mhíochaine, dúigh, scátháin, agus go forleathan sa cheimic. An dúil is fearr le sruth leictreach a sheoladh[1].
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |