Spúnóg
Is uirlis a bhaintear feidhm as chun bia a bhogadh ó áit amháin go dtí áit eile í an spúnóg nó anspáin. Baintear feidhm aisti chun lear de bhia atá bog nó atá ina leacht a bhogadh. I measc na rudaí a itear le spúnóg tá anraith agus uachtar reoite. Tá cinn mhóra agus cinn bheaga ann. Baintear feidhm as cinn bheaga chun siúcra a mheascadh isteach i dtae nó caife, nó chun iógart a ithe. Baintear feidhm as ceann mór chun anraith a chaitheamh, gránach le bainne a ithe ar maidin, nó chun milseog a ithe. Tá spúnóg an-chosúil le liach agus ladar.
Is cuid de sceanra í spúnóg.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |